Fógraíonn an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., maoiniú níos mó ná €0.5 mhilliún chun tacú le healaíona na hÉireann ar fud na cruinne
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 28 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 28 Iúil 2021
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., go dtabharfaí maoiniú €560,000 do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn timpeall an domhain in 2021 agus 2022. Tacóidh an maoiniú le 56 tionscadal a léireoidh damhsa, scannán, litríocht, ceol, drámaíocht agus amharc-ealaíona na hÉireann ar fud na cruinne.
Agus na dámhachtainí á bhfógairt aici, dúirt an tAire Martin “Le hathoscailt ionaid agus féilte ar fud an domhain, cuideoidh an maoiniú seo le go leor ealaíontóirí Éireannacha taisteal arís chun a gcuid saothar a léiriú do lucht féachana idirnáisiúnta go pearsanta. Leanann tacaíocht do chur i láthair idirnáisiúnta ar líne freisin i bhfianaise an chumais réimse leathan agus líon mór daoine a mhealladh trí rannpháirtíocht dhigiteach.”
Tacóidh an maoiniú le tairiscint láidir damhsa domhanda níos déanaí i mbliana le hAmharclann Damhsa CoisCéim ag cur sruth beo de UNCLE RAY i láthair le David Bolger in The Lowry, Salford, RA agus in ArtPower, San Diego, SAM, i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus Teaċ Daṁsa ag cur MÁM i láthair go pearsanta in Sala Roja, Teatros del Canal, Maidrid, an Spáinn, ón 8-11 Nollaig 2021. Agus ó dheireadh mhí Iúil 2021 go dtí Eanáir 2022, cuirfidh Oona Doherty a píosa damhsa Hope Hunt and the Ascension into Lazarus i láthair in Kalamata sa Ghréig, in Leipzig sa Ghearmáin agus i Sydney na hAstráile.
Léireoidh fiche ceoltóir/grúpa ceoltóirí de chuid na hÉireann a gcuid saothar do lucht féachana idirnáisiúnta le léirithe ar líne ag Féile Éireannach Milwaukee agus Chathair Kansas agus ar stáitse ag féilte ar fud na hEorpa ar a áirítear Junior Brother agus Megan O'Neill sa Ríocht Aontaithe, Lisa Canny san Ostair agus sa Ghearmáin agus Just Mustard san Ísiltír.
Tar éis a chur i láthair atá le teacht ag Féile Idirnáisiúnta Dhún Éideann, reáchtálfar dráma nua le Enda Walsh, dar teideal Medicine léirithe ag Landmark agus Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe in St Ann's Warehouse, Brooklyn, NE, SAM, ón 11 Samhain go dtí an 5 Nollaig 2021. Sa Bhreatain, cuireann Gare St Lazare 'How It Is (Part 2)' le Samuel Beckett i láthair in Amharclann Coronet, Londain i mí Eanáir / Feabhra 2022.
Maidir leis na hamharcealaíona a chur chun cinn, tacóidh maoiniú le taispeántais, fócas ar ealaíontóirí Éireannacha atá ag teacht chun cinn i mBeirlín san áireamh, mar aon le freastal go leor dánlanna Éireannacha ar na príomh-aonaigh domhanda ealaíne.
I socrú comhpháirtíochta 3 bliana ó 2022 oibreoidh Cultúr Éireann le Féile Cheoil Chomhaimseartha Huddersfield le haghaidh fócas speisialta ar Éirinn, ag soláthar ardán ardphróifíle d’ealaíontóirí comhaimseartha na hÉireann chun lucht féachana nua a bhaint amach.
Cinnteoidh tacaíocht Chultúr Éireann gur féidir le healaíontóirí Éireannacha leanúint ar aghaidh ag obair agus lucht féachana ar fud an domhain a mhealladh ar líne agus go pearsanta agus naisc chultúrtha a thógáil.
Féach ar www.cultureireland.ie chun liosta iomlán fhaighteoirí bhabhta deontais mhí an Mheithimh 2021 a fhéiceáil.