Faigheann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Baliúchán Bonar Law
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 15 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2024
Cuireann an Tánaiste agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán fáilte roimh cheannach bhailiúchán uathúil léarscáileanna, priontaí topagrafacha agus cartúin pholaitiúla don Stát
Inniu d’fhógair an Tánaiste, Micheál Martin TD, agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, gur cheannaigh an Stát Bailiúchán Bonar Law, an taifead amhairc is iomláine d’Éirinn, i bhfoirm léarscáile agus chlóite, a chuir bailitheoir príobháideach saineolach le chéile. Tá beagnach 10,000 léarscáil agus thart ar 9,000 prionta i mBailiúchán Bonar Law, lena n-áirítear priontaí caracatúir agus bileoga bailéid, nach bhfuil go leor acu ach sa bhailiúchán seo amháin.
Tar éis comhráite idir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (LNÉ) agus Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (COC), thángthas ar chomhaontú agus rinne LNÉ socrú iasachta le COC a cheadaíonn an bailiúchán a choinneáil i gCOC. Coimeádfar an bailiúchán i Leabharlann COC agus beidh sé oscailte do thaighdeoirí agus don phobal i gcoitinne.
Ag labhairt i gCOC, dúirt an Tánaiste Micheál Martin:
“Is é an cnuasach seo de léarscáileanna uathúla agus speisialta, cairteacha farraige, priontaí topagrafacha, agus go leor eile, an bailiúchán is fearr de léarscáileanna agus de phriontaí d’Éirinn áit ar bith ar domhan, agus sáraíonn sé bailiúcháin aon fhorais phoiblí, lena n-áirítear Leabharlann na Breataine agus Leabharlann na Comhdhála."
“Tá ríméid orm gur éirigh linn an áis luachmhar seo a chaomhnú, ina dtugtar léargas ní hamháin ar stair thíreolaíoch na hÉireann, ach ar na hathruithe polaitiúla le dhá chéad bliain nó níos faide siar, ar mhaithe leis an Stát agus le muintir na hÉireann.”
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Léirítear sa bhailiúchán saothar staidéir saoil agus saineolas ar léarscáileanna, go háirithe léarscáileanna d’Éirinn nó a bhaineann le hÉirinn, agus priontaí topagrafacha. Léiriú ar Andrew Bonar Law agus a theaghlach is ea an taifead stairiúil uathúil seo, agus is iontach an rud é gur féidir é a chaomhnú anois agus go bhfanfaidh sé in Éirinn ar mhaithe le leas an phobail."
"Tá áthas orm go raibh mo Roinn in ann an ceannachán seo a mhaoiniú agus táthar ag súil go mbeidh sé ar fáil lena fheiceáil ina bhformáid fhisiciúil i ndiaidh measúnú caomhnaithe tar éis 2025, agus go gcuirfear ábhar digiteach ar fáil i mbliana. Guím gach rath ar COC agus ar fhoirne LNÉ leis an obair iontach seo.”
Dúirt an Dr Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:
“Táimid buíoch den Aire Martin agus dá Roinn as an deis seo a chur ar fáil, agus tá áthas orainn a bheith ag comhoibriú le COC, i bhfianaise a scoláireachta den chéad scoth agus a bhfeabhais sa tíreolaíocht stairiúil."
“Tugaimid tosaíocht dár gceangal a fhás agus a neartú tuilleadh ar fud na hÉireann agus tá lúcháir orainn socrú iasachta a dhéanamh le COC a cheadaíonn an bailiúchán a lonnú i gCorcaigh."
“Ciallaíonn riocht sármhaith an ábhair i mBailiúchán Bonar Law go mbeidh sé ina chuid riachtanach de bhailiúchán léarscáileanna clóite agus priontaí topagrafacha LNÉ, agus ina bhunchloch le haghaidh tionscadail dhigitithe, do chláir agus do thaispeántais amach anseo.”
Dúirt an tOllamh John O’Halloran, Uachtarán COC:
“Trí theicneolaíocht dhigiteach agus teicníochtaí cartagrafacha nuálaíocha, gníomhóidh foireann taighde COC acmhainneacht Bhailiúchán Bonar Law chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi ar athraigh Éire, ní hamháin go fisiciúil ach go sóisialta, go polaitiúil agus ó thaobh na hidé-eolaíochta de le himeacht na mblianta. Trí Shraith Atlas Preasa Ollscoil Chorcaí a bhuaigh go leor duaiseanna agus cláir faisnéise a bhaineann léi, tá dea-theist ar COC maidir le rannpháirtíocht an phobail a chinntiú i stair agus cultúr na hÉireann.”
Beidh an bailiúchán lonnaithe i Leabharlann Boole i COC agus is féidir le taighdeoirí agus le baill den phobal rochtain a fháil air trí theagmháil a dhéanamh le foireann Bhailiúcháin Speisialta agus Chartlainne COC.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is é Andrew Bonar Law (a rugadh in 1933) príomhbhailitheoir léarscáileanna clóite agus priontaí topagrafacha na hÉireann. Tar éis oideachas ollscoile i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath chuir sé faoi in Éirinn. D’oscail sé Dánlann Neiptiúin c. 1965 agus d’fheidhmigh sé gnó an-rathúil mar dhéileálaí san ealaín, chomh maith le priontaí agus léarscáileanna. I measc a chuid foilseachán tá The Printed Maps of Ireland to 1612 (1983); The Printed Maps of Ireland 1612-1850 (1997), agus The Prints and Maps of Dublin (2005).
Léiriú is ea é Bailiúchán Bonar Law ar shaineolas Charlotte Bonar Law, iníon Andrew, ar déileálaí léarscáileanna í a raibh an-taithí aici freisin.
Is é seo an taifead amhairc is iomláine d’Éirinn, i bhfoirm léarscáile agus chlóite, a chuir bailitheoir príobháideach saineolach le chéile riamh.
Cuimsíonn Bailiúchán Bonar Law beagnach 10,000 léarscáil agus timpeall 9,000 prionta.
I measc bhuaicphointí an bhailiúcháin tá:
- Atlais thábhachtacha uile na hÉireann ina n-eagráin éagsúla
- Atlais Dhomhanda ina bhfuil léarscáileanna Éireannacha
- Cuid dar teideal ‘ábhair iontais chartagrafacha’
- Bailiúchán cuimsitheach de phriontaí caricatúir daite agus dubh agus bán
- Mórbhileoga agus bileoga bailéad, agus is dócha go bhfuil go leor acu sa bhailiúchán seo amháin
- Bailiúchán tábhachtach de Chairteanna Mara
Áiríonn Bailiúchán Bonar Law breis agus 90% de na léarscáileanna agus de na priontaí liostaithe in Éirinn a táirgeadh riamh.
Táthar ag súil go gcuirfear an t-ábhar digiteach ar fáil i mbliana agus go gcuirfear an t-ábhar fisiceach ar fáil i ndiaidh measúnú caomhnaithe tar éis 2025.
Cúlra an tionscadail
Chuir an RTCEGSM maoiniú speisialta ar fáil chun costas an cheannacháin seo a chlúdach.
Tá stair fhada taighde ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh i ndisciplín na tíreolaíochta agus na cartagrafaíochta. Tá ardmholadh ag dul do Roinn na Tíreolaíochta mar aonad gníomhach taighde cartagrafach. Níl fianaise níos fearr air seo ná sraith foilseachán Atlais le Cork University Press (CUP) atá á stiúradh ag tíreolaithe COC.
Is sampla de chomhoibriú nach bhfacthas riamh cheana idir foras náisiúnta cultúir agus ceann de na hOllscoileanna is mó le rá in Éirinn é ceannach Bhailiúchán Bonar Law. Múnla do thionscadail amach anseo is ea scála náisiúnta, uathúlacht agus nádúr nuálaíoch na comhpháirtíochta seo.