Failtíonn an tAire Martin roimh cheapachán Kevin Bakhurst mar Ardstiúrthóir RTÉ
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 18 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 18 Aibreán 2023
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., failte roimh thoilliú an Rialtais inniu (Máirt 18 Aibreán) ag a gcruinniú do cheapachán Kevin Bakhurst mar an chéad Ardstiúrthóir eile ar RTÉ.
Tagann an ceapachán i ndiaidh phróiséas oscailte earcaíochta a rinne Bord RTÉ, le toillú ón Rialtas tugtha de réir Alt 89 den Acht Craolacháin, 2009.
Ag labhairt i ndiaidh chruinniú an Rialtais inniu, dúirt an tAire Martin:
“Ba mhian liom comhghairdeas a chur in iúl do Kevin Bakhurst ar a cheapachán mar an chéad Ardstiúrthóir eile ar RTÉ. Tiocfaidh an tUas. Bakhurst i gceannas sa ról seo ag am an-dúshlánach agus tábhachtach do RTÉ. Tá deá-theist air sa cheannasaíocht ag an leibhéal is aired agus is mór an taithí atá le tabhairt isteach sa ról aige.”
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí:
Is é Ardstiúrthóir RTÉ an post feidhmeannach is mó sinsireachta san eagraíocht. Mar aon le feidhmíu mar ardfheidhmeannach agus príomheagarthóir na heagraíochta, déanna an tArdstoúrthóir ionadaíocht ar RTÉ ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Tiocfaidh deireadh le tréimhse 7 mbliain Dee Forbes mar Ardstiúrthóir RTÉ ar 10 Iúil 2023.
Thosaigh RTÉ próiseas oscailte earcaíochta in Eanáir 2023 agus iad ag lorg a gcéad Ardtiúrthóir eile. I ndiaidh críche an phróiseas seo, d’aimsigh RTÉ Kevin Bakhurst mar Ardstiúrthóir.
Tá an tUas. Bakhurst ag obair mar Stiúrthóir Ghrúpa, Craolachán agus Ábhar Ar-líne le rialálaí cumarsáide an Ríocht Aontaithe, Ofcom, ó 2016 ar aghaidh agus roimhe sin d’oibrigh sé le RTÉ mar Ardstiúrthóir Gníomhach, Leasardstiúrthóir agus Stiúrthóir Bainistíochta ar an Nuacht agus Cursaí Reatha.
De réir Alt 89 den Acht Craolacháin 2009, tá toilliú an Rialtais tugtha don cheapachán..