Faomhann an tAire Catherine Martin tacaíocht speisialta do Fhleadh Ceoil 2022 sa Mhuileann gCearr
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 26 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cheadaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, tacaíocht €100,000 inniu i dtreo chostais eagrúcháin Fhleadh Cheoil 2022.
Is í an Fhleadh Cheoil an ceiliúradh bliantúil is mó ar domhan ar cheol, teanga, amhránaíocht agus rince na hÉireann. Meallann sí thart ar 500,000 cuairteoir chuig an réigiún óstach le linn thréimhse na féile, agus tagann 20% de na cuairteoirí sin ón iasacht.
Bhí áthas ar an Aire Martin bualadh le Joe Connaire (Cathaoirleach) agus baill choiste eagraithe Fhleadh Cheoil 2022 ar maidin chun na hullmhúcháin don imeacht a bheidh ar siúl sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí ón 31 Iúil go dtí an 7 Lúnasa a phlé. Ag cur fáilte ar ais roimh an bhféile is mó rince agus ceol traidisiúnta na hÉireann, agus ag aithint na ndúshlán a bhí le sárú ag lucht eagraithe i dtréimhse théarnaimh COVID-19, bhí an tAire sásta an tacaíocht airgeadais a sholáthar mar bheart eisceachtúil. D'fhreastail na hAirí Stáit Robert Troy agus Peter Burke ar an gcruinniú chomh maith.
Dúirt an tAire Martin:
“Is í an Fhleadh Cheoil buaicphointe na bliana do cheoltóirí agus do dhaoine a bhfuil spéis acu agus i gceol agus i rince thraidisiúnta na hÉireann. Ba mhór an trua do phobal cheol traidisiúnta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta nach raibh imeacht ar an láthair ar siúl le cúpla bliain anuas agus tá lúcháir orm go bhfuil sé beartaithe ag foireann an Mhuilinn gCearr go mbeidh an Fhleadh ar siúl ar an láthair agus go mbeidh sí níos fearr ná riamh in 2022. Is aitheantas é an ciste speisialta seo nach raibh an fhéile in ann dul ar aghaidh le dhá bhliain anuas agus go dteastaíonn tacaíocht uaithi anois agus an lucht féachana ag filleadh ar deireadh thiar.
“Guím gach rath ar an bhFleadh, go n-éireoidh go geal léi, go mbainfidh na céadta míle cuairteoir sult aisti sa Mhuileann gCearr agus go roinnfear é le lucht féachana digiteach atá ag méadú ar fud an domhain. Ardóidh an fhéile shamhraidh iontach seo meanma ar fud na tíre agus cuirfidh sí go mór le téarnamh eacnamaíoch an cheantair.”
Ghabh an tAire buíochas le Comhairle Chontae na hIarmhí as tacaíocht a thabhairt do Fhleadh Cheoil 2022. Ba mhian leis an Aire a buíochas a ghabháil chomh maith le Comhaltas Ceoltóirí Éireann, as an éacht iontach atá déanta acu chun cultúr na hÉireann a chur chun cinn – an Ghaeilge, an ceol traidisiúnta agus an rince – ach mar ghréasán tábhachtach pobail chomh maith d’oibrithe deonacha agus de chraobhacha a bhfuil gor leor déanta acu chun daoine a chothú tríd an bpaindéim agus chun na naisc le pobail na hÉireann thar lear a neartú.
Nótaí
Féach ar: www.fleadhcheoil.ie
Is é Comhaltas Ceoltóirí Éireann a eagraíonn an Fhleadh Cheoil gach bliain agus reáchtálfar é sa Mhuileann gCearr i gcomhar le Coiste Feidhmiúcháin áitiúil na Fleidhe agus Comhairle Chontae na hIarmhí. [Roghnaíodh an Muileann gCearr mar bhaile ósta do Fhleadh Cheoil na hÉireann 2020 ach, mar gheall ar na treoirlínte sláinte poiblí, níor reáchtáladh an Fhleadh in 2020 nó 2021.]
Is í an Fhleadh Cheoil an ceiliúradh bliantúil is mó ar domhan ar cheol, teanga, amhránaíocht agus rince na hÉireann. Meallann sí thart ar 500,000 cuairteoir chuig an réigiún óstach le linn thréimhse na féile, agus tagann duine as gach cúigear de na cuairteoirí sin ón iasacht.
Tá Fleadh Cheoil 2022 ag filleadh ar a fréamhacha sa mhéid is gur bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann sa Mhuileann gCearr in 1951 agus reáchtáladh an Fhleadh Cheoil ann roimhe sin in 1951 agus 1963.
Tuilleadh eolais:
An Fhleadh, Teach an Ghobharnóra, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí.
info@fleadhcheoil.ie
Fón: +353 (0)44 9338954