English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Feachtas Roinne siamsaíocht oíche na hÉireann a dhéanamh ionchuimsitheach do dhaoine faoi mhíchumas

Suirbhé um Rochtain sa Gheilleagar Oíche seolta le réitigh a aimsiú conas siamsaíocht oíche a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas

Cuirtear fáilte roimh dhaoine faoi mhíchumas, taibhseoirí sa Gheilleagar Oíche atá faoi mhíchumas, agus eagraíochtaí ag obair leo siúd atá faoi mhíchumas páirt a ghlacadh sa taighde

Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, Suirbhé um Rochtain sa Gheilleagar Oíche inniu, a thacaíonn le Gníomh 7 de Item was unpublished or removed a léirigh an gá aird a tharraingt ar na bacanna roimh dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag dul amach nó ag obair san oíche.

Rinne an Roinn forbairt ar an suirbhé in éindí le Ireland Thinks agus bhí comhairliúchán le heagraíochtaí a oibríonn le daoine faoi mhíchumas agus páirtithe leasmhara eile sa phobal faoi mhíchumas.

An aidhm atá ag an suirbhé ná dianstaidéar a dhéanamh ar na bacanna roimh chustaimeirí agus taibhseoirí faoi mhíchumas agus iad ag lorg rochtana ar an nGeilleagar Oíche. Má tá an Geilleagar Oíche le bheith ionchuimsitheach agus éagsúil, is gá go ndéanfar staidéar ar na bacanna atá do dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag dul amach san oíche, agus go dtiocfar, le chéile, ar réitigh phraiticiúla chun Geilleagar Oíche inrochtana agus ionchuimsitheach a chur ar fáil.

I measc na gceisteanna, iarratar cé chomh inrochtana atá ócáidí oíche ar nós ceolchoirm, an phictiúrlann, an amharclann, gailearaí, bialann, láthair spóirt nó club oíche. Mar aon leis sin, téann an suirbhe níos doimhne ag fiafrú na bacanna inrochtana, idir cursaí ar-líne, iompair agus ról na meithle oibre.

Ag fógairt an tsuirbhé dúirt an tAire Martin:

“Is i nGeilleagar na hOíche a bhuailimid le cairde, a bhainimid taitneamh as atá ar fail inár gcathracha agus inár mbailte, agus a chruthaimid agus a chuirimid sinn féin in iúl. Má taimid ag iarraidh go mbeadh siamsaíocht oíche ionchuimsitheach agus éagsúil, ní mór dúinn i dtosach taithí saol an duine faoi mhíchumas a thuiscint, agus iad i mbun taibhseoireachta nó ag dul amach san oíche. Molaim do dhaoine páirt a ghlacadh sa tsuirbhé seo ionas go spreagfaidh sé tuiscint ionainn ar an gcineál réiteach atá ag teastáil le go mbeadh siamsaíocht oíche inrochtana do chách. Tá súil agam an tuarascáil a fheiceáil, mar aon leis na moltaí a theastaíonn chun siamsaíocht oíche in Éireann a fheabhsú do gach aon duine.”

Cruinneofar torthaí an tsuirbhé i dtuarascáil Ireland Thinks agus beidh gníomhartha molta a chuirfidh chun cinn aidhm Thascfórsa an Gheilleagar Oíche siamsaíocht oíche inrochtana agus éagsúil a bhaint amach. Déanfaidh an tAire machnamh ar na moltaí seo, agus oibreoidh sí leis na Ranna Rialtais, áisíneachtaí agus an earnáil oíche chun iad a chur i bhfeidhm.

Ag labhairt di faoin suirbhé inniu, dúirt an gníomhaire agus DJ Louise Bruton:

“Is deis iontach an suirbhé seo do dhaoine faoi mhíchumas stiúr a thabhairt ar na bealaí ar féidir Geilleagar Oíche níos inrochtana a chruthú. Beidh sé mar chuar gear foghlama do chách ag obair sna healaíona – bainfidh sé geit astu, seans – ach ní féidir linn dul ar aghaidh ag scoiteadh amach an iliomad duine ó shaol sóisialta saibhir agus sásúil.”

Más duine faoi mhíchumas, taibhseoir faoi mhíchumas sa Gheilleagar Oíche, nó eagraíocht a oibríonn le daoine faoi mhíchumas atá ionat, fáiltítear romhat páirt a ghlacadh sa taighde seo trí suirbhé ar-líonadh a chomhlíonadh.

Dúirt an t-ealaíontóir Emilie Conway faoin suirbhé:

"Mar ealaíontóir faoi mhíchumas, táim tiomanta go meallfar níos mó daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh sa Gheilleagar Oíche mar thaibhseoirí agus mar lucht féachana. Ach is bac mór an inrochtana. Mar shampla, tá roinnt áiteanna neamhinrochta go fisiciúil, ach i gcásanna eile is an suíomh idirlín ticéad atá deacar nó doschroichte do dhaoine faoi mhíchumas."

"Mar sin, tá sé tabhachtach go nglacfaidh an méid is mó daoine faoi mhíchumas páirt sa suirbhé seo. Más duine faoi mhíchumas tusa, roinn do thuairimse: freagar an suirbhé mar úsáidfear a thorthaí chun inrochtana ar ealaín agus cultúr a fheabhsú."

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin suirbhé, ina measc cur i láthair gairid ón DJ, údar agus gníomhaire ar son chearta mhíchumais, Louise Bruton, féach ar an suíomh idirlín anseo.

Don phríomhshuirbhé, cliceáil anseo

Eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas, anseo

Más duine faoi mhíchumas intleachtúil tú, nó má tá tú ag cuidiú le duine faoi mhíchumas intleachtúil, cliceáil anseo don tsuirbhé éasca le léamh

Dúnfar an suirbhé ar an Luan 10 Meitheamh 2024.

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí

Le linn oibre Thascfórsa an Gheilleagar Oíche, ardaíodh go minic cás na hinrochtana sa siamsaíocht oíche. Ní cóir go mbeadh bac roimh dhaoine faoi mhíchumas dul amach nó dul ag obair san oíche. Is fíor seo chomh maith do thaibhseoirí faoi mhíchumas, agus ní mór dúinn déanamh cinnte gur féidir leo dul i ngleic go hiomlán le saol cultúrtha na hÉireann ag gach aon leibhéal.

Sa chomhthéacs seo, mhol an Tascfórsa Gníomh 7:

“Go rachaidh daoine ag feidhmiú sa Gheilleagar Oíche, nó foras ionadaíoch orthu, i dteagmháil le Arts and Disability Ireland nó áisínteacht oiriúnach eile chun ardú feasachta agus traenáil a fhorbairt agus a eagrú.”

Lorg an Roinn comhairle conas dul chun cinn ó pháirtithe leasmhara, ina measc an Roinn Leanaí, Comhionnanais, Míchumais, Lánphairtíochta agus Óige; an tÚdarás Náisiúnta Míchumais; DADA (Disabled Artists Disabled Academics), Arts Disability Ireland, An Gréasán um Lánpháirtíochta agus Comhairliúcháin Míchumais agus ionadaí gnó na hoíche, ina measc siúd Give Us the Night.

Le linn na hoibre sin, bhí sé soiléir gurb é “Faic fúinn, gan sinn” teachtaireach na n-eagraíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas agus na grúpaí ionadaíochta, agus is as sin a choimisiúnaigh an Roinn an suirbhé seo.

Sé aidhm an tsuirbhé a seoladh inniu ná mionstaidéar a dhéanamh ar na bacanna do chustaiméirí agus taibhseoirí faoi mhíchumais agus iad ag lorg rochtana ar an nGeilleagar Oíche, agus teach tar réitigh le chéile.

Choimisiúnaigh an Roinn Ireland Thinks, a d’fhorbair na ceisteanna i gcomhairle le heagraíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas agus páirtithe leasmhara eile sa phobal míchumais.

Nuair a dúnfar an suirbhé, déanfaidh Ireland Thinks anailís ar na torthaí. Cruinneofar an taighde i dtuarascáil le moltaí praiticiúla a dhéanfaidh an tAire machnamh air, in éindí leis an nGrúpa Feidhmithe Gheilleagar Oíche, a chuimsíonn Ranna Rialtais, áisínteachtaí agus páirtithe leasmhara.

Tá freagracht ag an nGrúpa Feidhmithe Gheilleagar Oíche as cur i bhfeidhm na ngíomhartha i dTuarascáil an Tascfórsa Gheilleagar Oíche.

Louise Bruton

Is iriseoir ealaíne, dramadóir, gníomhaire cearta míchumais, DJ agus údar í Louise Bruton. Tá a cuid scríbhneoireachta feicithe san Irish Times, san Irish Independent, sa Business Post, sa Sunday Times, i Vogue Online agus i Lonely Planet. Chuaigh sí ar an stáitse amharclainne den chéad uair i 2017 lena dráma Why Won’t You Have Sex With Me? sa Project Arts Centre, a dhíol amach mar chuid d’Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath. Fuair sí maoiniú ó Fís Éireann i 2019 chun sraith teilifíse a dhéanamh as.

Tá Louise ag scríobh leabhair neamhfhicsean. Faoin dteideal Identity Theft faoi láthair, baineann na scéalta pearsanta seo leis an smaoineamh go mbíonn réamhthuairimí faoin mhíchumas níos míchumasaí ná an míchumas féin.

Emilie Conway

Is amhránaí snagcheoil, cumadóir agus scríbhneoir amhrán í Emilie Conway a bhfuil gradaim buaite aici, agus is í bunaitheoir DADA – Feachtas na n-Ealaíontóirí agus Scoiláirí Faoi Mhíchumas um Chearta Daonna agus Cultúrtha.

Ireland Thinks

Is comhlacht anailíse staitisticiúil é Ireland Thinks a reachtaíonn pobalbhreitheanna. https://www.irelandthinks.ie/