English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Filí agus Polaiteoirí Éireannacha i Measc Taisce Taifead nua ar line

Fáiltíonn na hAirí Martin agus Humphreys roimh bhreitheanna, póstaí agus básanna curtha leis an taifead

Tá bliain bhreise de bhreitheanna, de phóstaí agus de bhásanna, ina measc breitheanna ó 1923 agus básanna ó 1973, ar fáil anois ar an láithreán gréasáin https://www.irishgenealogy.ie/ga/.

Áirítear ar na taifid atá ar fáil ar líne anois:

• Taifid chlár na mbreitheanna – 1864 go 1923

• Taifid chlár na bpóstaí – 1845 go 1948

• Taifid chlár na mbásanna – 1864 go 1973

D’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, roimh an eisiúint is déanaí seo:

“Tá an eisiúint seo de bhliain bhreise de shonraí chlár na Seirbhíse um Chlárú Sibhialta mar chuid den chomhpháirtíocht leanúnach idir mo Roinn agus an Roinn Coimirce Sóisialaí.

“Tá sé mar aidhm leis an tionscadal leanúnach seo na taifid stairiúla seo go léir a chur ar fáil saor in aisce agus rochtain éasca a bheith ag gach duine den phobal agus don diaspóra níos leithne orthu tríd an láithreán gréasáin www.irishgeneaology.ie.

“Táim cinnte go gcuirfidh cuairteoirí nua agus cuairteoirí atá ag filleadh ar an láithreán gréasáin araon fáilte roimh na taifid bhreise seo ar mhaithe le taighde leanúnach.

“Is eol dom go bhfuiltear ag súil go mór leis an uasdátú bliantúil seo agus go rachaidh sé go mór chun leasa do dhuine ar bith atá ag tabhairt faoi thaighde ar a sinsearacht Éireannach.”

Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD:

“Cuirim fáilte mhór roimh an gcomhpháirtíocht leanúnach idir an dá Roinn a thug an deis dúinn an tráinse faisnéise is deireanaí seo a chur ar fáil go héasca.

“Tá na taifid shibhialta de bhreitheanna, de phóstaí agus de bhásanna atá foilsithe ar www.irishgenealogy.ie ríthábhachtach ó thaobh cúnamh a thabhairt dúinn tuiscint a fháil ar fhéiniúlacht, ar stíl mhaireachtála agus ar thaithí ár sinsear.

“Tugann taifid um chlárú sibhialta mothúchán an-daingean dúinn maidir lenár bhféiniúlacht agus lenár gceangal agus is í sin an chúis go bhfuil an tionscadal seo chomh tábhachtach sin do dhiaspóra na hÉireann sa bhaile agus thar lear.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Is iad na taifid atá á gcur ar fáil ná na hiontrálacha ar Chlár na mBreitheanna do 1923, na hiontrálacha ar Chlár na bPóstaí do 1948 agus na hiontrálacha ar Chlár na mBásanna do 1973. Léiríonn na hiontrálacha seo eolas atá ríthábhachtach, go minic, chun cuidiú le daoine eolas a fháil faoina sinsearacht.

Áirítear ar na sonraí maidir leis na breitheanna:

• Céadainm/ainmneacha an Linbh

• Sloinne an Linbh

• Dáta Breithe

• Áit Bhreithe

• Ainm agus Seoladh an Athar

• Ainm na Máthar agus Sloinne roimh Phósadh na Máthar má tá sí Pósta

• Slí Bheatha an Athar

• Síniú an Fhaisnéiseora (an duine a chláraigh an breith)

• Dáta Cláraithe na Breithe

Áirítear ar na sonraí maidir leis na póstaí:

• Áit an Phósta

• Dáta an Phósta

• Céadainm/Céadainmneacha agus Sloinnte na Brídeoige agus an Ghrúim

• Aois ag am an Phósta

• Staid (m.sh Baitsiléir, Bean Shingil nó Baintreach)

• Slí Bheatha na Brídeoige agus an Ghrúim

• Ainmneacha agus Seoltaí Aithreacha na Brídeoige agus an Ghrúim

• Síniú na Brídeoige agus an Ghrúim

• Síniú na bhfinnéithe

Áirítear ar na sonraí maidir leis na básanna:

• Dáta agus Áit an Bháis

• Ainm agus Sloinne an Duine a Fuair Bás

• Bean nó Fear

• Staid an duine a fuair bás (m.sh. Baitsiléir, Bean Shingil nó Baintreach)

• Aois ar an Lá Breithe is deireanaí

• Aicme, Gairm nó Slí Bheatha an Duine a Fuair Bás

• Cúis Bháis agus Fad an Tinnis

• Síniú, cáilíocht agus áit chónaithe an fhaisnéiseora

• Dáta an Chláraithe

Is iad na blianta a chlúdaítear sna taifid stairiúla de Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna agus atá ar fáil ar láithreán gréasáin www.irishgenealogy.ie:

Breitheanna: 1864 go 1923

Póstaí: 1845* go 1948

Básanna: 1871** go 1973

  • Níor cuireadh tús le Clárú Sibhialta na bPóstaí san Eaglais Chaitliceach Rómhánach go dtí an bhliain 1864.

** Tá na taifid bháis a théann siar go dtí an bhliain 1864 á n-uasdátú ag an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta i láthair na huaire. Áireofar na taifid seo ar na taifid atá ar fáil ar an láithreán gréasáin nuair a dhéanfar uasdátú orthu.

Cuirtear bliain eile d’iontrálaithe Breitheanna, Básanna agus Póstaí ar an láithreán gréasáin gach aon bhliain.

Tá an láithreán gréasáin saor in aisce lena úsáid agus níl aon síntiús ná clárú riachtanach chun an láithreán gréasáin a úsáid. Sa bhliain 2023 thug 2,224,735 úsáideoir cuairt ar an láithreán agus rinneadh taifeadadh ar líon iomlán de 4,590,247 cuairt ar an láithreán.

Eolas tábhachtach a cuireadh leis na taifid atá ar fáil le hathnuachan na bliana 2024:

Breith 1923:

Pádraig Ó hIrghile (Patrick John Hillery), (02 Bealtaine 1923 – 12 Aibreán 2008).

Rugadh é ar an 2 Bealtaine, 1923, i Sráid na Cathrach, Contae an Chláir agus cháiligh sé mar dhochtúir. Phós sé Mary Beatrice Finnegan sa bhliain 1955.

Sa bhliain 1951 toghadh an Dr. Ó hIrghile chuig Dáil Éireann do thoghcheantar an Chláir agus fuair sé a chéad cheapacháin Rialtais mar Aire Oideachais sa bhliain 1959.

Thug sé seirbhís ina dhiaidh sin i bpoist aireachta éagsúla (Tionscal agus Tráchtála, Oibreachas agus Gnóthaí Eachtracha) sular ceapadh é sa bhliain 1973 ina Leas-Uachtarán ar Choimisiún na gComhphobal Eorpach mar a bhí ann ag an am, le freagracht speisialta as Gnóthaí Sóisialta. Chuir sé seirbhís isteach mar Choimisinéir go dtí an bhliain 1976, nuair a ceapadh ina Uachtarán é, séú hUachtarán na hÉireann an 3 Nollaig, 1976.

Fuair sé bás an 12 Aibreán 2008.

Breandán Ó Beacháin (Brendan Behan), (09 Feabhra 1923 – 20 Márta 1964).

An 9 Feabhra 1923 a rugadh Breandán Ó Beacháin, file, gearrscéalaí, úrscéalaí, drámadóir agus gníomhaí i nGluaiseacht na Poblachta, a scríobh i mBéarla agus i nGaeilge araon. Bhain sé clú agus cáil amách ag baile agus ar fud an domhain mar gheall ar a chumas agus a éirim mar scríbhneoir agus mar iriseoir.

Is é uncail an Bheachánaigh, Peadar Kearney, a scríobh an Soldier's Song; Amhrán na bhFiann ina dhiaidh sin nuair a aistríodh go Gaeilge é.

Básanna 1973:

Thomas McEllistrim (14 Deireadh Fómhair 1894 – 4 Nollaig 1973)

Polaiteoir de chuid Fianna Fáil ab ea Thomas McEllistrim a bhí ina Theachta Dála ó 1923 go 1969 agus ina ghníomhaí míleata don tréimhse ó 1916 go 1923.

Dhiúltaigh sé don Chonradh Angla-Éireannach agus throid sé ar son an IRA a bhí in éadan an Chonartha le linn an Chogaidh Chathartha ó 1922 go 1923. Bhí sé mar dhuine de phearsanra sinsearacha an IRA i gCiarraí le linn na coimhlinte seo a bhí faoi cheannas Humphrey Murphy. Sna míonna tosaigh den chogadh, bhí sé i gceannas ar cholún Chiarraí a bhí ag troid i Luimneach agus i gCath Chill Mhocheallóg sular chúlaigh siad ar ais go Ciarraí agus lean den treallchogaíocht. I mí Eanáir 1923, thug sé féin agus John Joe Sheehy, faoi ionsaí ar bheairic an Airm Náisiúnta i gCaisleán na Mainge, Contae Chiarraí.

Toghadh McEllistrim chun na Dála mar Theachta Dála agus mar iarrthóir poblachtach do Chiarraí i mí Lúnasa 1923, agus gan i gceist ach roinnt míonna ó tháinig an cogadh cathartha chun críche.