English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

‘Filíocht chun Comóradh a Dhéanamh’ - Comhpháirtíocht nua do Dheich mbliana na gCuimhneachán le Cartlann Léamh Filíochta na hÉireann i Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD)

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, tionscnamh nua inniu faoi Snáithe Samhlaíochta Cruthaithí Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 - ‘Filíocht chun Comóradh a Dhéanamh’.

Tá an tionscadal faoi stiúir Chartlann Léamh Filíochta na hÉireann i Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, le leithdháileadh maoinithe suas le €370,000 thar an gcuid eile de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán.

Is tionscadal uathúil nuálaíoch í ‘Filíocht chun Comóradh a Dhéanamh’ agus feicfear ar fhilíocht mar bhealach chun ár gcomhthuiscint ar an am atá thart a dhoimhniú agus chun tréimhse dhúshlánach de stair na hÉireann a iniúchadh le meon oscailte agus ionchuimsitheach. Baineann an tréimhse seo leis an troid ar son na Saoirse agus an gCogadh Chathartha. Oibreoidh Cartlann Léamh Filíochta na hÉireann i gcomhpháirtíocht le Fílíocht Éireann agus comhoibreoidh siad le raon éagsúil filí, institiúidí, grúpaí agus daoine aonair ar fud oileán na hÉireann chun aschur nuálach agus samhlaíoch a sholáthar. I measc na gcomhoibritheoirí beidh Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, cartlannaithe contae, oifigigh ealaíon, oifigigh oidhreachta, leabharlanna poiblí, scoileanna, ollscoileanna, músaeim agus eagraíochtaí ealaíon, ar nós Músaem Litríochta na hÉireann.

Déanfar deich ndán nua a choimisiúnú, i mBéarla agus i nGaeilge, faoi ábhair, téamaí agus imeachtaí a bhaineann le Cogadh na Saoirse agus an gCogadh Cathartha, a bhfuil taifead orthu sna bunfhoinsí seo. Déanfar na dánta coimisiúnaithe a thaifeadadh agus a chaomhnú i gCartlann Léamh Filíochta na hÉireann, agus cuirfear ar fáil saor in aisce do gach duine iad. Foilseofar preasfhoilseachán beag de na dánta coimisiúnaithe freisin. Seachadfar clár fairsing, comhlántach rannpháirtíochta poiblí, le himeachtaí ar líne agus ar an láthair a reáchtálfar ar fud oileán na hÉireann, idir 2022 agus 2023, lena n-áirítear clár fairsing ceardlanna scríbhneoireachta cruthaithí do dhaoine fásta agus do dhaoine óga. Spreagfaidh bunfhoinsí inár gcartlann náisiúnta agus áitiúil gach gníomhaíocht. Tá léamha filíochta, taispeántais ar líne, siompóisiam, tionscnamh ‘filíochta in áiteanna poiblí’, agus suíomh gréasáin tiomnaithe a óstálfaidh balla fíorúil filíochta i measc raon deiseanna a bhfuiltear ag súil leo chun dul i mbun filíochta mar fhoirm chuimhneacháin, a chruthaigh an tionscnamh seo.

Dúirt an tAire Martin:

“Is comhpháirtíocht nua spreagúil í seo idir Cartlann Léamh Filíochta Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus mo Roinnse. Is deis fhíorthábhachtach ‘Filíocht chun Comóradh a Dhéanamh’ dúinn go léir chun machnamh agus iniúchadh a dhéanamh, ar bhealach cruthaitheach, ar chuid de na téamaí agus na himeachtaí suntasacha a bhain le Stát na hÉireann agus é ag teacht ar an bhfód, bunaithe ar na bailiúcháin ó chartlanna náisiúnta agus áitiúla, a bhaineann le go Cogadh na Saoirse agus an gCogadh Cathartha.

"Is tionscadal ilghnéitheach í ‘Filíocht chun Comóradh a Dhéanamh’ a sholáthróidh deiseanna saibhre agus éagsúla chun teagmháil fhiúntach a dhéanamh le hidir óg agus aosta ar fud oileán na hÉireann. Cuirim fáilte freisin roimh chur chuige comhoibritheach an tionscadail agus guím gach rath ar na comhpháirtithe a ghlacfaidh páirt ann."

Dúirt Evelyn Flanagan, duine de bhunaitheoirí Chartlann Léamh Filíochta Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, mar aon leis an Dr Lucy Collins agus Ursula Byrne:

“Táimid thar a bheith sásta le tacaíocht an Rialtais don tionscadal cruthaitheach dhá bhliain seo. Is deis iontach í seo do Chartlann Léamh Filíochta na hÉireann, ag obair i gcomhar le Filíocht Éireann, turas fionnachtana a chur ar fáil a mheallfaidh scríbhneoirí ag gach aois agus leibhéal taithí agus a spreagfaidh iad chun inspioráid a fháil as ábhar cartlainne a bhaineann le Cogadh na Saoirse agus an gCogadh Cathartha. Tá ról tábhachtach ag an bhfilíocht inár gcomhthuiscint ar an am atá thart in Éirinn agus cuideoidh sí linn an tréimhse dhúshlánach seo dár gcuid staire a iniúchadh ar bhealaí nua agus ionchuimsitheacha.

"Tá gné an-spreagúil rannpháirtíochta pobail ag an tionscadal seo. Cuirfidh imeachtaí agus suiteáin - mar an Júcbhosca Filíochta agus Filíocht Fearthainne - beocht san fhocal scríofa inár spásanna poiblí, ag léiriú filíochta do lucht féachana nua agus ag oscailt peirspictíochtaí uathúla ar an am atá thart. Déanfar taifead ar na himeachtaí agus na hábhair seo go léir sa chartlann, agus beidh fáil ag na glúnta atá le teacht orthu. Is mór an onóir é do Chartlann Léamh Filíochta Éireann Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath an tionscadal seo a threorú."


Nótaí

Maoinítear tionscnamh ‘Filíochta chun Comóradh a Dhéanamh’ faoi Snáithe Samhlaíochta Cruthaithí, ceann de cheithre snáithe i gClár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

Brúigh ar an nasc seo chun féachaint ar Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2021: https://www.decadeofcentenaries.com/decade-of-centenaries-2012-2023-programme-for-2021/