English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Catherine Martin tuarascáil eatramhach ón chuntasóir fhóiréinseach lena ndéantar iniúchadh ar úsáid an chuntais bhabhtála in RTÉ

Inniu (Dé hAoine 25ú Lúnasa), d’fhoilsigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, tuarascáil eatramhach ó Mazars, an cuntasóir fóiréinseach a ceapadh chun iniúchadh a dhéanamh ar úsáid an chuntais bhabhtála agus aon chuntas eile lasmuigh den chlár chomhardaithe in RTÉ.

Agus í ag labhairt i ndiaidh cruinnithe le Cathaoirleach Bhord RTÉ agus Ard-Stiúrthóir RTÉ níos luaithe inniu, dúirt an tAire Martin: “Léiríonn an tuarascáil ó na cuntasóirí fóiréinseacha arís na bearnaí scanrúla i bpolasaithe, nósanna imeachta agus srianta inmheánacha a bhí ann in RTÉ.”

Thug an tAire an ráiteas i ndiaidh tuarascála eatramhaigh ón athbhreithniú neamhspléach a choimisiúnaigh sí maidir le cuntais lasmuigh den chlár chomhardaithe, a dúirt go raibh bearnaí suntasacha i srianta agus i gcoinneáil taifead. Nochtann an tuarascáil fosta go raibh easpa conarthaí sínithe ann idir RTÉ agus na gníomhaireachtaí babhtála meán a mbaineadh úsáid astu agus go raibh ganntanas tuariscithe bhuiséadaigh ann maidir le ceannacháin sna cuntais bhabhtála.

I measc na bpríomhcheisteanna a luadh sa tuarascáil, bhí:

• Easpa conarthaí sínithe, de réir dealraimh, idir RTÉ agus na gníomhaireachtaí babhtála meán a baineadh úsáid astu;

• Ganntanas polasaí agus nósanna imeachta a bhí doiciméadaithe i gceart i leith úsáid an chuntais bhabhtála agus coinneáil taifead easnamhach;

• Easpa tuairiscithe bhuiséadaigh i leith ceannachán faoin chuntas babhtála;

• Earraí agus seirbhísí a fuarthas tríd an chuntas bhabhtála taobh amuigh de phróisis chaighdeánacha cheannacháin agus soláthair;

• Easpa liosta fhoirmeálta ball foirne a chuirfeadh srian ar cé a bhí ábalta ceannacháin a dhéanamh tríd an chuntas bhabhtála;

• Easpa liosta fhoirmeálta ceadaitheoirí i leith ceannachán.

Leagtar amach freisin sa tuarascáil na paraméadair leathana maidir leis na leibhéil ioncaim agus caiteachais a rinneadh tríd an chuntas bhabhtála, le ioncam de €7.4m in ioncam fógraíochta a chruthaíodh tríd na gníomhaireachtaí babhtála meán thar an tréimhse cúig-bliana ó 2017 go 2022. Leagtar amach sa tuarascáil nár aithníodh aon buntáiste do RTÉ ó thaobh ioncaim de óna bheith ag baint úsáide as an chuntas bhabhtála le hearraí agus seirbhísí a cheannach, i gcomparáid lena bheith ag réiteach ghlanluach iomlán na n-ioncam fógraíochta.

I measc na sonraí eile a bhí le fáil sa tuarascáil:

• An glantairbhe do RTÉ - Nuair a roghnaigh RTÉ an t-iarmhéid creidmheasa trádála sa chuntas a “réiteach”, go raibh ráta 65% den iarmhéid creidmheasa trádála i gceist leis an ghníomh sin; arís, áfach, níor cuireadh próiseas foirmeálta doiciméadaithe nó fianaise faofa maidir leis na réitigh ar fáil.

• Cé go bhfuil Cód Iompair Ghnó ag RTÉ ina bhfuil treoirlínte maidir le bronntanais agus siamsaíocht, ní leagtar amach tairseacha nó próisis faofa iontu a d’fhéadfaidh cur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta cuntais bhabhtála.

• Cé go gcoinníonn RTE taifead ar cheannacháin a rinneadh tríd an chuntas bhabhtála, ní dhéantar stóráil ar fhianaise tacaíochta cosúil le sonraisc agus admhálacha ar bhealach a bhfuil teacht ar an fhianaise go héasca.

Dúirt an tAire Martin é seo freisin: “Maidir leis an easpa polasaí agus nósanna imeachta atá doiciméadaithe i gceart i leith úsáid an chuntais, agus, de réir dealraimh, easpa srianta i leith cé a bhí in ann é a úsáid, ní feileann sé seo d’eagraíocht seirbhíse poiblí, agus ní féidir leis tarlú arís.”

Mar sin féin, beidh an tAire ag cur cóip den tuarascáil ar fáil don Choiste Chomhairleach Saineolaithe atá ag déanamh iniúchadh ar rialachas agus cultúr in RTÉ, ionas gur féidir leo é a thabhairt san áireamh mar pháirt dá n-obair leanúnach.

Leagtar amach go sonrach sa tuarascáil eatramhach an méid atá measúnú déanta air ag an chuntasóir fhóireinseach go dtí seo. Tá siad ag leanúint ar aghaidh lena n-obair agus táthar ag súil go gcuirfidh siad tuarascáil dheiridh faoi bhráid an Aire Martin i mí Dheireadh Fómhair. Dheimhnigh an tAire Martin inniu go dtabharfar an tuarascáil dheiridh go dtí an Chomh-Aireacht nuair a fhaightear í, chun iad a chur ar an eolas fúithi sula bhfoilseofar í.

Tá cóip den tuarascáil ar fáil anseo

Ina cruinniú le Cathaoirleach agus Ard-Stiúrthóir RTÉ maidin inniu, fuair an tAire deimhniú eile maidir le hathruithe i bpolasaí agus i nósanna imeachta, agus é mar aidhm leo muinín a athchothú le baill foirne agus leis an phobal araon.

I ndiaidh fhoilseachán na dara tuarascála de chuid Grant Thornton, tá próiseas nua le haghaidh fhoilseachán phá an 10 láithreoir is mó á chur i bhfeidhm, lena bhfoilseofar na tuilleamh gach bliain sa tuarascáil bhliantúil ag toiseacht le tuarascáil 2023. Dheimhnigh Cathaoirleach RTÉ don Aire freisin nach bhfuil an cuntas babhtála in úsáid ó Aibrean na bliana seo i leith earraí agus seirbhísí a cheannach, agus go gcuirfear i bhfeidhm aon srianta eile a d’fhéadfadh a bheith de dhíth i ndiaidh tuarascáil Mazars.

Deimhníodh fosta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le clár leasanna nua a fhorbairt, agus tugadh gealltanas i leith rannpháirtíochta tráthúla agus trédhearcaí le gach fiosrúchán agus iniúchadh, iad siúd de chuid na gCoistí Oireachtais san áireamh.

Dúirt an tAire Martin é seo chomh maith: “Tá sé tábhachtach le rá freisin go bhfuil na chéad chéimeanna á nglacadh chun cinntiú go bhfuil srianta cuí á gcur i bhfeidhm. I ndiaidh mo chomhrá leis an Chathaoirleach agus leis an Ard-Stiúrthóir maidin inniu, tá mé sásta go bhfuil fíorathrú ag tarlú.”