Freastalóidh an tAire O’Donovan ar chruinniú d’Airí Cultúir, Closamhairc agus Meán an AE agus buailfidh sé leis na Coimisinéirí Eorpacha Micallef agus McGrath agus Cathaoirleach Choiste Cultúir agus Oideachais Pharlaimint na hEorpa, an Feisire Nela Riehl
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 13 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Bealtaine 2025
- An tAire O’Donovan chun aird a tharraingt ar thacaíocht d’earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta ag cruinniú Airí Cultúir, Closamhairc agus Meán an AE
- Buailfidh an tAire O’Donovan le hAirí an AE, leis an gCoimisinéir Eorpach Micallef agus le Cathaoirleach Choiste Cultúir agus Oideachais Pharlaimint na hEorpa chun ullmhúcháin d’Uachtaránacht na hÉireann ar an AE a phlé
- Buailfidh an tAire O’Donovan leis an gCoimisinéir Eorpach McGrath chun tacaíochtaí a phlé d’earnáil na meán tráchtála neamhspleách agus obair na hÉireann maidir le dul i ngleic le bréagaisnéis
Déanfaidh an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, ionadaíocht d’Éirinn inniu ag cruinniú d’Airí Cultúir, Closamhairc agus Meán an AE áit a rachaidh sé i gcomhar le hAirí ón Aontas chun treo bheartas agus maoiniú cultúir an AE amach anseo a phlé, chomh maith le conclúidí a ghlacadh maidir le tacú le healaíontóirí óga agus le gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha ina ngairmeacha beatha, agus maidir le tosaíochtaí na Comhairle maidir le cuimsiú sa mheastóireacht ar an Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc atá le teacht.
Buailfidh an tAire O’Donovan leis an gCoimisinéir Glenn Micallef (Málta), an Coimisinéir Eorpach um Chothroime Idirghlúine, Óige, Cultúir agus Spóirt. Pléifidh an tAire tosaíochtaí do Chreat Straitéiseach nua an AE don Chultúr, treoir don chultúr, todhchaí mhaoiniú cultúir an AE, agus tosaíochtaí d’Uachtaránacht na hÉireann ar an AE atá le teacht in 2026.
Buailfidh an tAire O’Donovan leis an bhFeisire Nela Riehl, Cathaoirleach Choiste Cultúir agus Oideachais Pharlaimint na hEorpa, chomh maith le cruinnithe déthaobhacha a reáchtáil le roinnt Airí Cultúir an AE, mar ullmhúchán d’Uachtaránacht na hÉireann ar an AE.
Ar deireadh, buailfidh an tAire O’Donovan le Michael McGrath, an Coimisinéir Eorpach um Dhaonlathas, Ceartas, an Riail Dlí agus Cosaint Tomhaltóirí, amárach chun tacaíocht d’earnáil neamhspleách na meán tráchtála a phlé, lena n-áirítear tacaíocht chun inmharthanacht agus iolrachas a chosaint, chomh maith le hobair na hÉireann chun cur in aghaidh na bréagaisnéise agus an tAcht Eorpach um Shaoráil na Meán a chur i bhfeidhm.
Ag labhairt roimh chruinnithe an lae inniu, dúirt an tAire O'Donovan,
Tá áthas orm taisteal go dtí an Bhruiséil inniu chun bualadh le hAirí eile de chuid an AE um Chultúr, Closamharc agus na Meáin. Tá an clár oibre cultúir ag cruinniú na Comhairle an tseachtain seo thar a bheith tráthúil agus suntasach, agus muid ag tnúth le forbairt chreat straitéiseach nua an AE don chultúr, chomh maith leis an gceist ríthábhachtach maidir le maoiniú don chultúr amach anseo ar leibhéal an AE. Labhróidh Éire go láidir ar son tógáil ar rathúlacht chlár maoinithe na hEorpa Cruthaithí.
Táim ag tnúth freisin le bualadh leis na Coimisinéirí Eorpacha Micallef agus McGrath sna laethanta amach romhainn, agus leis an bhFeisire Riehl, Cathaoirleach Choiste Cultúir Pharlaimint na hEorpa, chun tús a chur lenár rannpháirtíocht ar na hullmhúcháin d’Uachtaránacht na hÉireann ar an AE. Tá sé ríthábhachtach go gcothóimid dlúthchaidreamh ar fud phríomhinstitiúidí an AE mar chuid d’ullmhúcháin agus seachadadh na hUachtaránachta, agus táim ag tnúth lenár bpleananna a phlé le comhghleacaithe.”