Freastalaíonn an tAire Byrne ar Chomhairle Spóirt an AE
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 14 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Freastalaíonn an tAire Byrne ar Chomhairle Spóirt an AE
Déanfaidh an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne TD, ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag cruinniú de Chomhairle Spóirt an AE sa Bhruiséil inniu (Dé Máirt, an 14 Bealtaine 2024).
I measc na n-ábhar ar an gclár oibre do Chomhairle Spóirt an AE tá faomhadh Phlean Oibre nua ardleibhéil an AE don Spórt. Moltar i bPlean Oibre an AE don Spórt tosaíocht athnuaite agus fócas a thabhairt ar ionracas agus luachanna sa spórt, ar ghnéithe socheacnamaíocha agus inbhuanaithe an spóirt, agus ar rannpháirtíocht níos mó sa spórt agus i ngníomhaíocht choirp a fheabhsaíonn an tsláinte a spreagadh, ar fud an Aontais Eorpaigh.
I measc na n-ábhar eile a bheidh le plé ag Comhairle Spóirt an AE tá an príomhról atá ag spórt féin-eagraithe chun cultúr gníomhach go fisiciúil a fhorbairt i ndaonra na hEorpa chomh maith leis an ról ríthábhachtach atá ag oibrithe deonacha i seachadadh spóirt do gach cuid den tsochaí.
I dteannta le gnéithe foirmiúla na Comhairle, tá díospóireacht neamhfhoirmiúil beartaithe chun breathnú ar conas is féidir le Ballstáit an AE tacú le mná poist cheannaireachta a bhaint amach sa spórt.
Ag labhairt roimh chruinniú Chomhairle Spóirt an Aontais, dúirt an tAire Byrne:
“Fáiltím roimh Phlean Oibre nua an AE don Spórt ina dírítear ar go leor de thosaíochtaí beartais na hÉireann don spórt, lena n-áirítear an gá atá le rannpháirtíocht sa spórt agus san aclaíocht a mhéadú, an gá atá le hionracas agus luachanna sa spórt a chosaint agus a neartú, agus aitheantas a thabhairt do ghnéithe socheacnamaíocha agus inbhuanaithe an spóirt.
Mar fhreagra ar an ngá atá le leibhéil rannpháirtíochta cailíní agus mná óga a mhéadú, thug mé isteach beartas nua, chomh maith le maoiniú suntasach a cuireadh ar fáil faoi Chlár na mBan sa Spórt. Ag bun leibhéal an spóirt, tugadh isteach Riachtanas Rochtana Comhchosúla a chinntíonn nach rachaidh maoiniú poiblí i dtreo saoráidí spóirt a fhorbairt nach gcuireann rochtain chomhchosúil ar fáil do mhná agus d’fhir. Ag leibhéal na ceannaireachta spóirt, thug mé riail nua isteach freisin lena chinntiú go mbaintear amach agus go gcoimeádtar ionadaíocht inscne 40% ar bhoird na gComhlachtaí Rialaithe Náisiúnta agus na gComhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla, agus go gcoinneofar 50% den mhaoiniú stáit siar ó Choistí Rialaithe Náisiúnta agus Comhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla, go dtí go mbaintear ionadaíocht inscne 40% amach. Tá méadú comhsheasmhach le feiceáil anois ar ionadaíocht na mban ag leibhéal na ceannaireachta spóirt bliain i ndiaidh bliana, le céatadán foriomlán na mban ar bhoird ag 45% inniu, i gcomparáid le díreach 24% in 2019.
Maidir lenár bplé ar ról ríthábhachtach na n-oibrithe deonacha, aithním go hiomlán nach mbeadh pobal spóirt na hÉireann ag feidhmiú, gan ár n-oibrithe deonacha. I mí Eanáir, chuaigh mé i gcomhairle le Spórt Éireann chun ‘Beartas um Obair Dheonach sa Spórt’ a sheoladh ina gcuirtear fís chun cinn d’earnáil spóirt in Éirinn a bhfuil an cultúr obair dheonach is fearr ar domhan aici. Táim ag tnúth le léargas a mhalartú le mo chomhghleacaithe Eorpacha ar na réimsí fócais seo.”
CRÍOCH