Glactha ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas le ceapachán Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 9 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 4 Lúnasa 2024
Seán Ó Coinn ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge
I gcathair Ard Mhacha, ar an Luan, 8ú Aibreán, reáchtáladh an chéad ollchruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ón mbliain 2021. Ag an gcruinniú sin, ghlac an Chomhairle Aireachta le ceapachán Sheáin Uí Choinn mar Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge.
Tá Foras na Gaeilge ar cheann d’áisíneachtaí an Fhorais Teanga Thuaidh Theas, a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Ceapadh Seán Ó Coinn ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge don chéad uair in 2016. In 2021, ceal cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta, níorbh fhéidir a athcheapachán mar Phríomhfheidhmeannach ar an bhForas a ghlanadh, go dtí an tseachtain seo, nuair a reáchtáladh an chéad ollchruinniú den Chomhairle Aireachta ó 2021.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin, Catherine Martin TD, inniu agus í ag cur fáilte roimh an gceapachán:
"Tréaslaím a cheapachán le Seán agus guím gach rath air agus é i mbun a chuid dualgas sna míonna amach romhainn. Tuigimid uile na dúshláin atá ann do na Forais thuaidh theas, ach tá deis againn anois, agus Feidhmeannas an Tuaiscirt agus cruinnithe de chuid na Comhairle Aireachta ar ais, tabhairt faoi na dúshláin sin."
Beifear ag súil cruinniú earnáil na dteangacha de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas a reáchtáil roimh an samhradh.
CRÍOCH
Nóta d’eagarthóirí
Íomhá ar fáil anseo.
Nóta beathaisnéise:
Is as an Mhullach Bán, i gContae Ard Mhacha Seán Ó Coinn, áit a bhfuil sé ina chónaí lena bhean Áine.
Tá tréimhsí caite ag Seán mar láithreoir ar BBC Raidió Uladh, ag teagasc Gaeilge ag an dara leibhéal agus mar thaighdeoir in Ollcoil na Banríona, Béal Feirste ar Scéim Logainmneacha Thuaisceart Éireann. Lena chois sin, bhí sé ina bhainisteoir tionscadail ar an tionscadal forbartha cultúrtha Tí Chulainn ar an Mullach Bán, agus ina aistritheoir scrúduithe le Comhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann. Chaith sé tréimhse 10 mbliana mar Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta, an foras forbartha Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Naíscoil agus Bhunscoil Ard Mhacha. Ceapadh é ina Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais i bhForas na Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2011 agus ina Phríomhfheidhmeannach i mí na Nollag 2016.