English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Guíonn na hAirí Martin agus Byrne Gach Rath ar Lúthchleasaithe Oilimpeacha na hÉireann i bPáras

Guíonn na hAirí Martin agus Byrne Gach Rath ar Lúthchleasaithe Oilimpeacha na hÉireann i bPáras

• An fhoireann Éireannach is mó riamh ag dul san iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha

• Tacaíonn maoiniú mór Stáit €89m le foireann na hÉireann do Chiogal Pháras

• Méadú suntasach i maoiniú Stáit ó chiogal Thóiceo

Ghuígh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne TD, gach rath ar na baill d’fhoireann na hÉireann agus iad ag ullmhú chun dul san iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras sa choicís atá romhainn. Le 133 lúthchleasaí ag taisteal, is í seo an fhoireann is mó riamh in Éirinn atá san iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha.

An bhliain seo infheistíodh an leibhéal maoinithe ab airde riamh sa Spórt Ardfheidhmíochta in Éirinn, le €25m á sholáthar. Bhí méadú suntasach freisin ar an €59 milliún a infheistíodh i gciogal Thóiceo, agus breis agus €89 milliún infheistithe ó 2021 go 2024, rud a léiríonn tiomantas an rialtais dul chun cinn fadtéarmach marthanach a sheachadadh sa spórt.

Bhí na hAirí ag labhairt sular thaisteal siad go Páras chun ionadaíocht a dhéanamh ar Rialtas na hÉireann ag na Cluichí. Beidh searmanas oscailte oifigiúil na gCluichí Oilimpeacha ar siúl tráthnóna Dé hAoine.

Dúirt an tAire Martin:

“Guímh gach rath ar fhoireann na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras. Tá tiomantas seasmhach an rialtais soiléir do thacú le spórt ardfheidhmíochta trínár n-infheistíochtaí suntasacha agus marthanacha agus lenár gcreat cuimsitheach beartais. Déanaim comhghairdeas lenár lúthchleasaithe ar fad a cháiligh do na cluichí, rud is éacht ann féin. Tá a fhios agam go ndearna siad féin, a gcuid cóitseálaithe agus teaghlaigh obair na gcapall chun dul chomh fada seo leo, agus táim cinnte go gcuirfidh siad bród orainn sna seachtainí atá romhainn.”

Dúirt an tAire Byrne:

“Is í seo an fhoireann Éireannach is mó riamh ag dul san iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha, rud a léiríonn an obair dhochreidte atá á déanamh ag lúthchleasaithe agus eagraíochtaí spórt na hÉireann ar fud na tíre. Tá an oiread sin torthaí dearfacha le feiceáil againn cheana féin ón tacaíocht láidir, airgeadais agus eile, a chuir an Stát ar fáil d’Fhoireann na hÉireann. Tá a fhios agam go bhfuil Éireannaigh, sa bhaile agus i gcéin, ag súil go mór le tacaíocht a thabhairt d’Fhoireann na hÉireann sna cluichí i bPáras. Ag féachaint ar léirithe le déanaí, creidim go bhfuil féidearthachtaí iontacha againn maidir le boinn a bhuachan thar réimse spórt, agus táim ag tnúth le cúpla seachtain iontach i bPáras.”