Hy-Brasil – Ionadaíocht na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise 2023
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 4 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, Déardaoin 4 Bealtaine, sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., ionadaíocht na hÉireann ag 18ú Biennale Ailtireachta na Veinéise in 2023 in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá an taispeántas á choimeád ag foireann de chúigear ailtirí, a roghnaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ar bhonn glao oscailte - Peter Carroll, Peter Cody, Elizabeth Hatz, Mary Laheen agus Joseph Mackey. Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon é ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis.
Ag freagairt don téama, Saotharlann na Todhchaí - a roghnaigh coimeádaí Biennale Architettura 2023, Lesley Lokko, cuirfidh Pailliún na hÉireann dar teideal In Search of Hy-Brasil obair allamuigh ó oileáin iargúlta na hÉireann i láthair, ag fiosrú a gcultúir, a bpobail, agus a n-eispéiris éagsúla. Faigheann In Search of Hy-Brasil tacaíocht ó Chultúr Éireann, tríd an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Baineann In Search of Hy-Brasil úsáid as leaca aolchloiche ó Inis Meáin, láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO Sceilg Mhicíl agus Oileán Chliara, agus cuirfear taispeántais thadhlacha láimhe ar bun a tharraingíonn naisc idir fabraic shóisialta, tírdhreach cultúrtha agus éiceolaíocht na n-oileán seo, ag aistriú idir an domhan agus an saol áitiúil, agus a cheiliúrann úsáid ábhar áitiúil ar bhealaí nuálacha agus neamhghnáthacha.
Dúirt an tAire Martin:
"Scrúdaíonn In Search of Hy-Brasil an gaol idir oileáin na hÉireann agus a dtimpeallacht nádúrtha. Is iontach an rud é a fheiceáil conas is féidir lenár gcumas chun déileáil le cúinsí deacra leis na céadta bliain a léiriú dúinn conas maireachtáil níos inbhuanaithe sa lá atá inniu ann. I ré an téimh dhomhanda agus na ndúshlán a bhaineann le hathrú aeráide, is téama é a bhfuil tábhacht dhomhanda leis.”
“Cuirfidh Pailliún náisiúnta na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise 2023 an Ghaeilge agus pobail, cultúr agus eispéiris éagsúla na n-oileán i gcroílár an dioscúrsa a bhaineann lenár dtodhchaí chomhroinnte.”
Tógann In Search of Hy-Brasil ar rath na hÉireann i gcoimeád an Biennale Architettura 2018, le Shelley McNamara agus Yvonne Farrell ó Grafton Architects. In 2023 tá Emmett Scanlon, Alice Clancy agus Laurence Lord ag glacadh páirt ar fhoireann Lesley Lokko, Coimeádaí an Biennale.
Díreoidh an tsuiteáil In Search of Hy-Brasil ar fhuinneamh in-athnuaite, táirgeadh bia eiticiúil agus bithéagsúlacht, ag gabháil do mhodhanna maireachtála inbhuanaithe na n-oileán trí líníocht, samhlacha, scannán, fuaim, scríbhneoireacht agus teanga, chun feasacht na n-oileánach a ardú ar bhainistiú acmhainní agus an chothromaíocht íogair idir an cultúr agus an dúlra a chothromú.
Tar éis é a chur i láthair sa Veinéis, rachaidh In Search of Hy-Brasil ar camchuairt in Éirinn in 2024.
Agus iad ag athchruthú gnéithe den suiteáil ar na hoileáin, féachfaidh an fhoireann choimeádaithe le scéal saibhrithe a chruthú, ag tabhairt guthanna ó áiteanna imeallacha isteach i gcomhráite faoinár dtodhchaí dhomhanda. Foilseoidh coimeádaithe na suiteála leabhar aistí agus cuirfidh siad le clár faisnéise.
Is féidir tuilleadh eolais faoin bPailliún agus coimeádaithe a fháil ar: www.hy-brasil.ie/.
Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise, a bheidh ar siúl ón 20 Bealtaine go dtí an 26 Samhain 2023, an t-ardán domhanda is tábhachtaí fós maidir le taispeántas na hailtireachta a ghlacfaidh an pobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí páirt ann. Tugann sé deis uathúil d’ailtirí Éireannacha lucht féachana idirnáisiúnta a mhealladh. Tógfaidh ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis 2023 ar láithreacht láidir na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise le blianta beaga anuas, moladh ‘Entanglement’ agus ‘Free Market’ le Annex go domhanda in 2021 agus 2018 faoi seach. Choiméadaigh Shelley McNamara agus Yvonne Farrell ó Grafton Architects an 16ú Biennale Ailtireachta sa Veinéis in 2018.
Tacaíonn Cultúr Éireann le tionscadal BothAnd Group atá páirteach i dtograí speisialta an choimeádaí mar chuid den Biennale. Le tacaíocht ó Chultúr Éireann freisin, beidh tionscadal de chuid an ailtire Miriam Dunne le feiceáil in Time Space Existence, a bheidh ar siúl sa Veinéis ag an am céanna leis an Biennale i mbliana.
CRÍOCH
Nótaí an Eagarthóra:
In Search of Hy-Brasil - Zón Muirí na hÉireann
Rinne an cúigear coimeádaithe staidéar ar thírdhreacha oileáin Inis Meáin, láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO Sceilg Mhicíl agus Cliara trí líníocht, suirbhéireacht, scannán, fuaim, múnla, léarscáiliú agus scéalaíocht. Cuirfidh an tsuiteáil eispéireas tumtha ar fáil a tharraingíonn naisc idir fabraic shóisialta, tírdhreach cultúrtha agus éiceolaíocht na n-oileán seo, ag aistriú idir an domhan agus an saol áitiúil.
Dar leis na comeádaithe, “beidh leaca móra aolchloiche ó trí oileán - Inis Meáin, Sceilg Mhichíl agus Cliara agus an ghrinneall farraige a bhaineann leo - ar taispeáint, in éineacht le raon de thaispeántais thadhlacha láimhe, a cheiliúrann úsáid ábhar áitiúil ar bhealaí nuálacha agus neamhghnáthacha. Ina measc seo tá:
• Taipéis línéadaigh crochta ag mapáil castacht iontach agus topagrafaíocht shaibhir zón muirí na hÉireann agus níos faide i gcéin;
• Saothar teibí de Sceilg Mhichíl déanta as olann chaoirigh na Gaillimhe, snáth a bhíodh fite go traidisiúnta sa mhuilinn, arna athbheartú laistigh den phailliún ar bhealach iomlán difriúil;
• Suirbhé ar Oileán Chliara, lena n-áirítear staidéar bitheolaíoch eolaíoch ar mhiocrorgánaigh atá i mbaol ag géarchéim na haeráide;
• Líníochtaí léirmhínithe ina nochtar gnéithe de dhálaí maireachtála uathúla ar na hoileáin;
• Scannán agus fuaimeanna Inis Meáin, ag comhcheangal teanga, tírdhreacha, aigéin, am agus solas;
• Saic mhara atá fite ó rópa iascairí caite agus a líonadh leis an seachtháirge ó tháirgeadh snátha;
• Rindreáil graifíte de Pangaea, meabhrúchán ar ár gcuid talún roinnte in am geolaíochta.
Foireann coimeádaíochta:
Peter Carroll BArch MRIAI. Bhain sé céim amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 1995. D’oibrigh sé i stiúideonna O’Donnell + Tuomey i mBaile Átha Cliath agus Rafael Moneo i Maidrid sular bhunaigh sé A2 Architects in 2005. Tá sé ina Stiúrthóir ar A2 Architects agus ina Léachtóir Sinsearach ar Scoil na hAiltireachta, Ollscoil Luimnigh ó 2007 i leith, agus tá sé ina Chomh-Stiúrthóir ar Aonad Faisnéise SAUL le hocht mbliana anuas. Roghnaíodh A2 Architects chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Biennial Ailtireachta Chicago i mí Dheireadh Fómhair 2015 le GKMP agus Ryan W. Kennihan Architects. Tá stiúideo tríú bliana á rith ag Peter faoi láthair ar Chliara a thugann cuairt arís ar shuirbhé Praeger 1908.
Peter Cody PhD MScAAD DipArch BScArch MRIAI. Bhain sé céim mháistreachta amach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath in 1990, agus chríochnaigh sé céim mháistreachta san ailtireacht in Ollscoil Columbia, Nua-Eabhrac in 1996 agus PhD in Ollscoil RMIT, Melbourne in 2018. D’oibrigh sé i stiúideo Alvaro Siza in Porto sular bhunaigh sé Boyd Cody Architects sa bhliain 2000. Faoi láthair tá sé ina Stiúrthóir ar Boyd Cody Architects agus ina ollamh cúnta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Thaispeáin sé léirmhíniú ar shaothar Eileen Gray ag Biennale na Veinéise 2018 agus roimhe sin bhí taispeántais aige ag an Biennale in 2012 agus 2006 le fócas ar thailte portaigh ídithe Lár Tíre na hÉireann. Bhí sé ina Chomhchoimeádaí ar ‘Line to Surface’ ag Triennale Ailtireachta Liospóin 2007 le Peter Carroll.
Is ailtire, ollamh agus coimeádaí ealaíne í Elizabeth Hatz AA Dioplóma / SAR / MSA, ag roinnt a cuid ama idir cleachtas, taighde agus poist mhúinteoireachta in Ollscoil Luimnigh agus KTH Stócólm. Áirítear ar a hobair thógtha Ceanncheathrú Kodak Gothenburg, Globe Arena Stócólm agus foirgnimh do AKSO-Nobel, Stócólm. Choimeád Hatz EVA 2010, an príomhimeacht ealaíne in Éirinn. Is ceannaire SAR (RIAI na Sualainne) í, chomhbhunaigh sí Fargfabriken, ardán a bhfuil cáil air maidir le hEalaín agus Ailtireacht i Stócólm, áit a bhfuil sí ina comhalta boird.
Bhain Mary Laheen BArch, MUBC, FRIAI céim amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 1981. D’oibrigh sí le de Blacam agus Meagher Architects sular bhunaigh sí cleachtas i mBaile Átha Cliath in 1995. Téann an cleachtas i ngleic leis an ailtireacht ar bhealaí éagsúla lena n-áirítear: dearadh foirgnimh chomhaimseartha; caomhnú na bhfoirgneamh atá ann cheana atá spéisiúil go cultúrtha agus go stairiúil; staidéar agus bainistíocht ar thírdhreach cultúrtha; scríbhneoireacht agus teagasc. Is údar í ar fhoilseacháin éagsúla a bhaineann leis an tírdhreach cultúrtha, agus déanann sí ionadaíocht ar Éirinn ar an gCoiste Eolaíoch Idirnáisiúnta um Thírdhreacha Cultúrtha, ICOMOS. In éineacht le hAoibheann Ní Mhearáin, Ailtire, thaispeáin sí ‘Tírdhreach agus Lionsa’ ag léirmhíniú saothar Jean Rénaudie ag Biennale na Veinéise 2018. Bhí baint ag Máire le hoileáin na hÉireann ar feadh a saoil, go háirithe leis an tírdhreach teorann páirce claí cloiche ar Oileáin Árann. Rinne dinimic dúlra-chultúir na n-oileán eolas dá cuid oibre agus spreag sé í i gcleachtadh agus i dteagasc na hailtireachta.
Bhain Joseph Mackey BArch, MRIAI céim amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 2010. D’oibrigh sé le Ceardlann Foirgníochta Renzo Piano i bPáras, le Tom de Paor i mBaile Átha Cliath, le Eric Parry Architects agus le Niall McLaughlin Architects i Londain, sular bhunaigh sé Joseph Mackey Architects in 2015. Tá sé ina stiúrthóir ar Joseph Mackey Architects agus ina léachtóir sinsearach in Ionad Oideachas Ailtireachta Chorcaí. Tá saothar Sheosaimh ar taispeáint i ngailearaí RIBA i Londain 2010 agus ag Biennale Ailtireachta Tallinn 2022.
https://twitter.com/Hy_Brasil_Irl
Coimisiúnaíonn Cultúr Éireann Hy-Brasil agus tacaíonn na hinstitiúidí seo a leanas leo:
- An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Méan
- An Chomhairle Ealaíon
- An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
- Cardinal Capital
- Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
- Ollscoil Luimnigh
- Ionad Oideachas Ailtireachta Chorcaí
- Institiúid Ríoga na nAiltirí
- Oifig na nOibreacha Poiblí
- TG4, an Craoltóir Seirbhíse Poiblí Náisiúnta Gaeilge.
- Infomar
- Comhairle Chontae na Gaillimhe
- Comhairle Chontae Chiarraí
- Comhairle Chontae Mhaigh Eo
- PwC
- Techcrete
- Kavanagh Lighting