English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dírítear ar phríosúnú na mban in “Inside Out” – aiste grianghraif nua ó Mhná100 Fógraíonn an tAire Catherine Martin TD aiste grianghraif nua ó Mhná100 i gcomhpháirtíocht leis an Ionad Oideachais i bPríosún Mhuinseo

Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. aiste grianghraif nua ó Mhná 100 dar teideal ‘Inside Out’, mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

San aiste ghrianghraif seo, díríonn Mná100 ar phríosúnú na mban i bPríosún Mhuinseo, i bPríosún Chill Mhaighneann agus in Aontas Bhaile Átha Cliath Thuaidh. D’oibrigh Mná100 i gcomhpháirtíocht le múinteoirí BOO Chathair Bhaile Átha Cliath agus le mic léinn ó Ionad Oideachais Mhuinseo chun an aiste grianghraif seo a chruthú ina ndírítear ar thaithí na mban atá i bpríosún. Ag baint úsáide as íomhánna de dhéantúsáin ó Mhúsaem an Phríosúin, mar aon le guthanna na mac léinn ón rang Staire, tugtar léargas ann ar scéal phríosúnú na mban seo.

Le linn 1922-23, gabhadh mná ar fud na tíre, lena n-áirítear scríbhneoirí, Teachtaí Dála tofa, gníomhaithe agus sufraigéidí. Cuireadh srian le comhfhreagras agus rinneadh cinsireacht uirthi agus chuaigh roinnt de na mná ar stailc ocrais go dtí gur scaoileadh saor iad i mí na Nollag 1923.

Dúirt an tAire Martin:

“Is saothar an-chumhachtach, léirsteanach agus spreagúil é seo, ina léirítear an drochbhail a bhí ar na príosúin le linn tréimhse an-trámach inár gcuid staire. Céad bliain ó shin, ní raibh a nglórtha le cloisteáil, teoranta laistigh de bhallaí an phríosúin. Anois, tugaimid aitheantas ceart dá gcuid scéalta, trí fhocail, íomhánna agus déantáin. Tugtar luach saothair shaibhir dúinn le tuiscint níos doimhne ar ár gcuid staire, ar a castacht ar fad.

“Léirítear san aiste grianghraif idirghníomhach seo príosúnú na mban a tharla le linn an ama shuaite seo dár gcuid staire. Trí na híomhánna, an téacs agus na gearrthóga fuaime ó na scoláirí sa rang staire a thabhairt le chéile, tugann an aiste grianghraif seo muid ar thuras trí thaithí na mban seo agus iad i bpríosún, chomh maith lena saolta lasmuigh de bhallaí an phríosúin. Is acmhainn iontach luachmhar agus buan í seo do mhic léinn uile na Staire.”

I míonna tosaigh 1923, gabhadh ‘mná amhrastacha’ a chuir i gcoinne bhunú Shaorstát Éireann. Ar na banphríosúnaigh pholaitiúla bhí scríbhneoirí - Dorothy Macardle agus Lily O’Brennan; Teachtaí Dála tofa - Mary MacSwiney agus Kate O’Callaghan; gníomhaí aitheanta - Maud Gonne MacBride; agus sufraigéidí mar Mary Bourke Dowling. I measc na bpríosúnach freisin bhí mná a díbríodh as Londain, Learpholl agus Glaschú. Faoi mhí Feabhra 1923, scríobh Annie MacSwiney go raibh ‘beagnach 300 bean’ i bpríosún. Mar a thugtar le fios i bpáipéir Bhord Ginearálta Phríosúin na hÉireann sa Chartlann Náisiúnta, níor ceadaíodh cuairteanna ná beartáin do bhan-imtheorannaithe, agus cuireadh srian le comhfhreagras agus rinneadh cinsireacht air.

Le linn an ama seo, bhí roinnt stailceanna ocrais sa phríosún - i mí na Samhna 1922 bhí Mary MacSwiney ar stailc ocrais i Muinseo ar feadh 24 lá. Chuaigh a deirfiúr, Annie MacSwiney, i mbun stailc ocrais taobh amuigh den phríosún ag an am seo freisin. I mí Feabhra 1923, cuireadh Annie MacSwiney i bpríosún, chuaigh sí ar stailc ocrais agus tar éis 15 lá scaoileadh saor í. I mí an Mhárta, chuaigh Nell Ryan, deirfiúr-chéile Richard Mulcahy, Ceannaire an Airm, ar stailc ocrais freisin lena scaoileadh saor. Bhí sí beagnach 30 lá gan bia nuair a scaoileadh saor í ar an 25 Aibreán 1923.

In 1939, choimisiúnaigh an príosúnaí polaitíochta, Nell Humphreys née O’Rahilly, na fuinneoga gloine dhaite i bpríosún shéipéal Mhuinseo ó stiúideoanna Harry Clarke. Cuireadh na trí fhuinneog isteach sa phríosún ní ba dhéanaí sa bhliain sin.

Cruthaíodh tionscadal ‘Inside Out’ - i gcomhpháirtíocht idir Mná100 agus múinteoirí agus mic léinn Sheirbhís Oideachais do Phríosúin Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath agus an tIonad Oideachais i bPríosún Mhuinseo. Rinne siad na himeachtaí 100 bliain ó shin a chomóradh trí scrúdú a dhéanamh ar ailtireacht an phríosúin ón 19ú haois agus na déantáin atá fós ann. Agus muid ag machnamh ar imeachtaí an Chogaidh Chathartha, tráth thrámach inár stair, cuidíonn cuimhneamh orthu siúd a cuireadh i bpríosún linn tuiscint a fháil ar an tionchar a d’imir imeachtaí an ama atá thart ar shaol na glúine sin, agus ar na glúnta a lean.

Dúirt an Múinteoir Staire Paula Egan:

‘Tá an tábhacht a bhaineann le guthanna na bpríosúnach – san am a chuaigh thart agus sa lá atá inniu ann – le cloisteáil ag croílár an tionscadail Staire seo. Trí ligean d’fhocail agus d’obair chruthaitheach na bpríosúnach scagadh ón taobh istigh go dtí an taobh amuigh… d’fhéadfaí foghlaim agus machnamh a dhéanamh. Agus an ról a bhí ag príosún agus príosúnaigh i mbreith an Stáit á gcur san áireamh, tá sé oiriúnach go bhféadfadh príosúnaigh ó Ionad Oideachais Mhuinseo cur le Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán.’

Is féidir an aiste grianghraf a fheiceáil ar www.mna100.ie anseo

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tionscnamh ban ar líne is ea Mná100, don chéim dheireanach de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Leanann sé leis an obair chun ról na mban sa tréimhse réabhlóideach a léiriú trí mheáin éagsúla mar aistí grianghraif, scannáin, podchraoltaí agus ailt. Téigh chuig www.mna100.ie chun tuilleadh eolais a léamh.