English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ireland at Venice: In Search of Hy-Brasil

Ionadaíocht na hÉireann ag La Biennale Architettura 2023 sa Veinéis

Osclóidh an tAire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, T.D. Patrick O'Donovan, Ionadaíocht na hÉireann amárach, Dé hAoine an 19 Bealtaine, ag an 18ú Taispeántas Ailtireachta Idirnáisiúnta - La Biennale di Venezia.

Tá an taispeántas, In Search of Hy-Brasil, á choimeád ag foireann de chúigear ailtirí, Peter Carroll, Peter Cody, Elizabeth Hatz, Mary Laheen agus Joseph Mackey. Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann é Ireland at Venice i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon.

Cuirtear saothar allamuigh ó oileáin iargúlta na hÉireann i láthair le In Search of Hy-Brasil, ina bhfiosraítear na cultúir, na pobail agus an taithí éagsúil a bhaineann leo. Tá an taispeántas dírithe ar fhuinneamh in-athnuaite, ar tháirgeadh eiticiúil bia agus ar bhithéagsúlacht, agus léireofar modhanna inbhuanaithe shlí bheatha na n-oileán trí líníocht, samhlacha, scannán, fuaim, scríbhneoireacht agus caint, chun feasacht a ardú maidir le bainistiú acmhainní na n-oileánach agus an chothromaíocht íogair idir cultúr agus nádúr. Freagraíonn an pailliún don téama, The Laboratory of the Future - a roghnaigh coimeádaí Biennale Architettura 2023, Lesley Lokko.

Cuirtear eispéireas tumthach i láthair leis an taispeántas, trí úsáid a bhaint as ábhair áitiúla a leagann béim ar oidhreacht thraidisiúnta gach oileáin; mar shampla málaí farraige déanta as rópaí caite iascaireachta, taipéis línéadaigh a léiríonn crios muirí na hÉireann agus saothar teibí de Sceilg Mhichíl déanta as olann caorach na Gaillimhe. Is leaca móra aolchloch áitiúil atá sa suiteán ó na hoileáin amach ón gcósta, Inis Meáin, suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO Sceilg Mhichíl agus Cliara. Trí sin a dhéanamh, aistríonn In Search of Hy-Brasil idir an ceantar áitiúil agus an chuid eile den domhan, idir gné na gcríoch agus na mothúcháin agus tugann sé deis do lucht féachana idirnáisiúnta eispéireas a bheith acu ar naisc idir an chreatlach shóisialta, tírdhreach cultúrtha agus éiceolaíocht na n-oileán seo. Is i nGaeilge atá an scríbhneoireacht, an chaint agus an ceol sa taispeántas seo.

Cuireann Ireland at Venice 2023 le láithreacht láidir na hÉireann ag Taispeántas Ailtireachta Idirnáisiúnta La Biennale di Venezia. Le blianta beaga anuas is iad Shelley McNamara agus Yvonne Farrell ó Grafton Architects a rinne coimeádú ar La Biennale Architettura 2018. I mbliana bhí na hailtirí as Éirinn, Emmett Scanlon, Alice Clancy agus Laurence Lord, páirteach ar fhoireann coimeádaithe Léiritheoir an Biennale, Lesley Lokko. Tacaíonn Cultúr Éireann freisin le tionscadal BothAnd Group, atá ag glacadh páirt i dTionscadail Speisialta an Choimeádaí ag an 18ú Taispeántas Ailtireachta Idirnáisiúnta arna choimeádú ag Lesley Lokko. Agus tacaíocht aige ó Chultúr Éireann, beidh tionscadal leis an ailtire Miriam Dunne le feiceáil in Time Space Existence, a bheidh ar siúl sa Veinéis ag an am céanna le La Biennale i mbliana.

Leanfaidh an taispeántas ar aghaidh sa Veinéis idir mí Bealtaine agus mí na Samhna agus rachaidh sé ar chamchuairt náisiúnta d’Éirinn ansin in 2024, le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. Athchruthóidh an turas gnéithe den suiteán ar na hoileáin agus féachfaidh an fhoireann coimeádaithe le scéal iontach a chruthú, agus tabharfar guthanna ó láithreacha imeallacha isteach i ngnáthchomhráite maidir lenár dtodhchaí dhomhanda. Foilseoidh léiritheoirí an tsuiteáin leabhar d’aistí agus cruthóidh siad scannán faisnéise.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:

“Tá an-áthas orm go mbeidh Ireland in Venice 2023 oscailte amárach agus go bhfuil an taispeántas In Search of Hy-Brasil ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn ag an 18ú Biennale Ailtireachta sa Veinéis. Scrúdaítear le In Search of Hy-Brasil agus é ag freagairt do chomhthéamaí an Biennale - dícharbónú agus díchoilíniú - an caidreamh idir oileáin na hÉireann agus a dtimpeallacht nádúrtha. Bhí go leor d’ailtireacht na hÉireann le feiceáil ag an Biennale le blianta beaga anuas, go háirithe ó roghnaíodh Shelly McNamara agus Yvonne Farrell ó Grafton Architects ina gcoimeádaithe Biennale in 2018. Níl aon amhras orm go leanfaidh foireann Hy-Brasil d’ionadaíocht dhaingean a dhéanamh ar ailtireacht na hÉireann sa Veinéis.”

Dúirt an tAire Stáit le Freagracht as an Gaeltacht agus Gnóthaí Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD:

“Is mór an onóir dom Ireland in Venice 2023 a sheoladh. I m’Aire Stáit dom a bhfuil freagracht orm i leith na Gaeltachta, tá áthas ar leith orm go gcuireann an taispeántas ardán ar leith ar fáil don Ghaeilge áit a bhfaighidh daoine ó thíortha ar fud an domhain an deis í a chloisteáil agus daoine a fheiceáil á labhairt mar chuid de thaithí thumthach”.

Is féidir tuilleadh eolais faoin bPailliún agus faoi léiritheoirí a fháil ag: www.hy-brasil.ie/.

Nótaí an eagarthóra:

Is é La Biennale Architettura na Veinéise, a bheidh ar siúl ón 20 Bealtaine go dtí an 26 Samhain 2023, an t-ardán domhanda is tábhachtaí chun ailtireacht a thaispeáint a mbeidh an pobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí páirteach ann. Tugann sé deis ar leith d'ailtirí na hÉireann dul i bhfeidhm ar lucht spéise idirnáisiúnta. Cuirfidh Ireland at Venice 2023 le láithreacht láidir na hÉireann ag La Biennale Architettura na Veinéise le blianta beaga anuas agus clú domhanda bainte amach ag na hIarscríbhinní 'Entanglement' agus 'Free Market' in 2021 agus 2018 faoi seach. Ba iad Shelley McNamara agus Yvonne Farrell ó Grafton Architects a choimeád 16ú La Biennale Architettura na Veinéise in 2018.

In Search of Hy-Brasil - Crios Muirí na hÉireann

Rinne an cúigear coimeádaithe staidéar ar thírdhreacha oileáin Inis Meáin, shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO Sceilg Mhichíl agus Chliara trí líníocht, suirbhé, scannán, fuaim, samhail, léarscáil agus scéalta. Léireoidh an suiteán eispéireas tumthach a chruthóidh naisc idir an chreatlach shóisialta, tírdhreach cultúrtha agus éiceolaíocht na n-oileán seo, agus aistriú á dhéanamh idir an domhan agus an ceantar áitiúil, gné na gcríoch agus mothúchán.

"Taispeánfar leaca móra aolchloiche de thrí cinn de na hoileáin - Inis Meáin, Sceilg Mhichíl agus Cliara agus grinneall an aigéin a bhaineann leo - chomh maith le réimse taispeántais theagmhálacha tadhaill, a dhéanann ceiliúradh ar úsáid ábhair áitiúla ar bhealaí nuálacha agus neamhghnácha.

Áirítear orthu sin:

• Taipéis línéadaigh crochta a léiríonn castacht neamhghnách agus topagrafaíocht shaibhir chrios muirí na hÉireann agus níos faide i gcéin;

• Saothar teibí de Sceilg Mhichíl déanta as olann caorach na Gaillimhe, snáth a fíodh go traidisiúnta i muileann, déantar é a athchruthú sa phailliún faoi léiriú iomlán difriúil;

• Suirbhé ar Chliara, lena n-áirítear staidéar bitheolaíoch ar mhiocrorgánaigh atá i mbaol de bharr na géarchéime aeráide;

• Lear mór líníochtaí léirmhínithe a nochtann gnéithe de dhálaí maireachtála ar leith ar na hoileáin;

• Scannán agus fuaimdhreach d'Inis Meáin, a cheanglaíonn teanga, tírdhreach, farraige, am agus solas le chéile;

• Málaí farraige déanta as rópaí caite iascaireachta agus líonta leis an bhfotháirge ó tháirgeadh snátha;

• Léiriú graifíte de Pangaea, meabhrúchán ar an mórchríoch roinnte san am geolaíoch"

An Fhoireann Coimeádaithe:

Peter Carroll BArch MRIAI. Bhain sé céim amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 1995. D'oibrigh sé i stiúideonna O'Donnell + Tuomey i mBaile Átha Cliath agus Rafael Moneo i Maidrid sular bhunaigh sé A2 Architects in 2005. Tá sé ina Stiúrthóir ar A2 Architects agus ina Léachtóir Sinsearach, Scoil na hAiltireachta, Ollscoil Luimnigh ó 2007. Tá stiúideo na tríú bliana á reáchtáil ag Peter in SAUL faoi láthair agus dírítear ar Chliara agus ar an gcaidreamh leanúnach atá aige le suirbhéanna Praeger agus Feehan.

Peter Cody PhD MScAAD DipArch BScArch MRIAI. Bhain sé céim amach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath in 1990, bhain sé máistreacht san ailtireacht amach in Ollscoil Columbia, Nua-Eabhrac in 1996 agus PhD in Ollscoil RMIT, Melbourne in 2018. D'oibrigh sé le Alvaro Siza in Porto sular bhunaigh sé Boyd Cody Architects in 2000. Faoi láthair tá sé ina Stiúrthóir ar Boyd Cody Architects agus ina ollamh cúnta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Thaispeáin sé léiriú ar shaothar Eileen Gray ag La Biennale na Veinéise 2018 agus cuireadh ar taispeáint roimhe sin é ag La Biennale in 2012 agus 2006 agus béim ar mhóintigh ídithe Lár Tíre na hÉireann. Chomhléirigh sé 'Line to Surface' ag Inaugural Lisbon Architecture Triennale 2007 le Peter Carroll.

Elizabeth Hatz Dioplóma AA / SAR / MSA. Is ailtire, ollamh agus léiritheoir ealaíne í, a bhíonn ag cleachtadh a ceirde agus ag roinnt a cuid ama idir poist chleachtais, taighde agus teagaisc ag OL agus KTH Stócólm. I measc na hoibre a rinne sí, tá Ceanncheathrú Kodak Gothenburg, Globe Arena Stócólm agus foirgnimh do AKSO-Nobel, Stócólm. Choimeád Hatz EVA 2010, imeacht ealaíne oirirc na hÉireann. Agus í i gceannas ar SAR (RIAI na Sualainne) bhunaigh sí Fargfabriken, radharc cáiliúil ealaíne agus ailtireachta i Stócólm, áit a bhfuil sí ina comhalta boird.

Mary Laheen BArch, MUBC, FRIAI. Bhain sí céim amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 1981. D'oibrigh sí le de Blacam agus Meagher Architects sular bhunaigh sí cleachtas i mBaile Átha Cliath in 1995. Is údar í ar fhoilseacháin éagsúla a bhaineann le tírdhreach cultúrtha, agus déanann sí ionadaíocht d’Éirinn ar an gCoiste Eolaíochta Idirnáisiúnta um Thírdhreacha Cultúrtha, ICOMOS. I gcuideachta Aoibheann Ní Mhearáin, Ailtire, thaispeáin sí 'Landscape and Lens' ag léiriú saothar Jean Rénaudie ag La Biennale di Venezia 2018. Bhíodh an-cheangal i gcónaí ag Máire le hoileáin na hÉireann, go háirithe tírdhreach chlaíocha cloch teorainn Oileáin Árann. Déanann dúlra agus cultúr síorathraitheach na n-oileán eolas dá cuid oibre agus spreagann siad í i gcleachtadh agus i dteagasc na hailtireachta.

Joseph Mackey BArch, MRIAI. Bhain sé céim amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in 2010. D'oibrigh sé le Ceardlann Tógála Renzo Piano i bPáras, Tom de Paor i mBaile Átha Cliath, Eric Parry Architects agus Niall McLaughlin Architects i Londain, sular bhunaigh sé Joseph Mackey Architects in 2015. Tá sé ina stiúrthóir ar Joseph Mackey Architects agus ina léachtóir sinsearach in Ionad Oideachais Ailtireachta Chorcaí. Cuireadh saothar Joseph ar taispeáint i ngailearaí RIBA i Londain in 2010 agus ag Tallinn Architecture Biennale 2022.

instagram.com/hy_brasil_irl/

https://twitter.com/Hy_Brasil_Irl

www.hy-brasil.ie/

Is é Cultúr Éireann a dhéanann Hy-Brasil a choimisiúnú, agus is iad seo a leanas na heagraíochtaí a thacaíonn leis:

- Cultúr Éireann

- Comhairle Ealaíon na hÉireann

- An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán

- An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

- Cardinal Capital

- An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

- Ollscoil Luimnigh

- Ionad Oideachais Ailtireachta Chorcaí

- Oifig na nOibreacha Poiblí

- Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann

- Kavanagh Lighting

- TG4

- PricewaterhouseCoopers

- Infomar

- Techrete

- Comhairle Contae na Gaillimhe

- Comhairle Contae Chiarraí

- Comhairle Contae Mhaigh Eo