Leithdháiltí nua deimhnithe faoin chiste “Amuigh Faoin Spéir”
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 24 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 24 Deireadh Fómhair 2024
Leithdháiltí nua deimhnithe faoin chiste “Amuigh Faoin Spéir”
• Maoiniú €739,000 deimhnithe don infheistíocht chun nádúr a fheabhsú i dtionscadail spóirt
• Béim ar leith ar bhithéagsúlacht a fheabhsú ag suíomhanna infreastruchtúir spóirt lasmuigh
• Leithdháiltí ar 30 Comhpháirtíocht Áitiúla Spóirt ar fud na tíre
Inniu dheimhnigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, sonraí faoi na leithdháiltí atá á ndéanamh ar chomhpháirtíochtaí áitiúla spóirt ar mhaithe le bearta bithéagsúlachta a bhaineann le háiseanna spóirt faoin Chiste Lasmuigh Pobal Páirteach.
Tá maoiniú iomlán de bheagnach €740,000 á chur ar fáil do 30 Comhpháirtíocht Áitiúla Spóirt chun tacú le tionscadail a bhfuil ceangal acu leis an nádúr ag áiseanna spóirt atá oscailte le haghaidh úsáid an phobail. I measc na dtionscadal tá plandú bithéagsúlachta do phailneoirí, suíomhanna sábháilte neadaithe d’éin, beacha agus ialtóga, tógáil lochán bithéagsúlachta, plandú fálta sceach agus crann chomh maith le gairdíní don uisce báistí agus do phortaigh.
Tá an tionscnamh seo comhuaineach leis an chiste infheistíochta do threalamh spóirt lasmuigh, an ‘Ciste Lasmuigh Pobal Páirteach’. Dheimhnigh an tAire Stáit don Spórt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, Thomas Byrne TD, na leithdháiltí faoin tionscnamh sin inné.
Is é atá mar aidhm ag na bearta bithéagsúlachta a deimhníodh inniu ná feabhas agus cosaint an nádúir a chur chun cinn, le béim ar leith ar thacú le bithéagsúlacht thimpeallachtaí na talún atá in úsáid le haghaidh treallaimh spóirt lasmuigh.
Beidh an Roinn ag déanamh maoirseachta ar an chiste agus beidh sé á riar ag Spórt Éireann.
Dúirt An tAire Martin:
“Nuair a d’fhógair mé go raibh ciste “Amuigh Faoin Spéir” á bhunú, luaigh mé an tábhacht a bhaineann le ceangal leis an nádúr agus le rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht fhisiciúil ar mhaithe lenár ndea-bhail. Is foinse misnigh dom é an raon tionscadal bithéagsúlachta atá curtha chun tosaigh ag na comhpháirtíochtaí áitiúla spóirt agus Spórt Éireann. Agus muid ag bogadh chun tosaigh leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht, is tábhachtach go dtapaímid gach deis chun bithéagsúlacht ár dtimpeallachta a fheabhsú. Is sampla maith é an tionscnamh seo de bhealach trínar féidir linn iarracht a dhéanamh ár dtimpeallacht nádúrtha a fheabhsú agus muid ag infheistiú i dtionscadail eile ag an am céanna.
“Le hinfheistíochtaí an lae inniu forbrófar raon leathan beart bithéagsúlachta lena gcuirfear feabhas ar ár gcomhshaol, cosúil le locháin fiadhúlra, gnáthóga d’éin, ialtóga agus pailneoirí, úllaird phobail agus gairdíní báistí. Tá a’ fhios agam go mbainfidh pobail tairbhe as an trealamh spóirt nua agus go mbainfidh siad taitneamh as an nádúr a bheidh ina dtimpeall.”
Ba cheart aon cheist maidir leis an chiste a chur chuig participation@sportireland.ie
CRÍOCH
Nótaí
Is féidir teacht ar shonraí faoi na tionscadail atá á maoiniú anseo