Liosa Dearg na gCuileanna Cloch
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 15 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2020
Tá an 13ú Liosta Dearg uile-Éireann a bhaineann le Cuileanna Cloch na hÉireann anois foilsithe. Is í Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Gníomhaireacht Comhshaoil Thuaisceart Éireann le heolas agus sonraí ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, agus a tugadh aitheantas dóibh i leith an eolais agus na sonraí sin, a chuir an liosta seo i dtoll a chéile.
Bunaithe ar 12,000 taifead d'oileán na hÉireann, rinneadh an 20 speiceas den chuil chloch (Plecoptera) atá ar sheicliosta na hÉireann a mheas de réir chritéir an Liosta Dheirg atá curtha i dtoll a chéile ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN). Is é seo an chéad uair a rinneadh stádas baoil chuil chloch na hÉireann a mheas.
Cé nach bhfuil in Éirinn ach 20 speiceas den chuil chloch, tá baint fíorthábhachtach aici le bithéagsúlacht nádúrtha na n-aibhneacha agus, cé go bhfuil tábhacht níos lú i gceist, na lochanna. Tá tábhacht leo maidir le sruthanna cothaithigh agus cúrsaíocht i gcórais na n-aibhneacha. Faoi riochtaí nádúrtha is ionann an chuil chloch agus sciar suntasach de líon na bhfeithidí i sruthanna agus in aibhneacha agus tá siad tábhachtach in aiste bia éisc agus éin aibhneacha ar nós an gabha dubh.
Cinntear go bhfuil dhá speiceas i mbaol a ndíothaithe ar oileán na hÉireann. Measadh an Protonemura praecox, ina speiceas atá i mBaol Criticiúil (an leibhéal is airde baoil) agus measadh an Capniaatra ina speiceas atá i mBaol. Cinneadh an tríú speiceas, Perlodesmortoni, ina speiceas atá Díothaithe ar Bhonn Réigiúin in Éirinn mar nár taifeadadh é le hos cionn 100 bliain. Measadh na speicis seo a leanas ar speicis iad a bhfuil Beag Imní fúthu.
Ní raibh Protonemura praecox ró-choitianta in Éirinn riamh agus ní mór go mbeadh imní orainn maidir leis an speiceas sin sa tír mar nár facthas é ó 1991. Is fuíoll oighir é Capniaatra nach bhfuil le fáil ach i líon beag ceantar in iarthar na tíre.
Is dóigh gur ionann stádas baoil an dá speiceas ar an Liosta Dearg agus ardú ar mheántheochtaí atá luaite le hathrú aeráide. D'fhéadfadh speicis eile nach bhfuil le fáil ach in airdí níos airde a bheith i mbaol gan mhoill de bharr an teocht a bheith ag ardú go leanúnach. Níor cheart aon bheag is fiú a dhéanamh den bhaol atá ann don chuil chloch in Éirinn de bharr athrú aeráide, truailliú orgánach leanúnach, athrú gnáthóige agus dríodraithe agus tá an chuid is mó de speicis fíor-shoghabhálach i leith ceann nó níos mó de na struis seo. Is dóigh go mbíonn tionchar suntasach ag athrú ar bith a thagann ar shruth nádúrtha na n-aibhneacha agus ar thimpeallacht aibhneacha agus lochanna ar dháileadh chuil cloch na hÉireann i láthair na huaire agus tá baol suntasach agus leanúnach ann de bharr na mbagairtí seo.
Leagann údair an Liosta Dheirg béim ar an gá atá le sonraí ar féidir brath orthu a bheith againn ar chuil chloch na hÉireann. Tá imní léirithe acu faoin laghad sonraí ar leibhéal speicis atá á gcur ar fáil sna staidéir agus suirbhéanna a dhéantar ar chórais fíoruisce. Maolófar an cumas atá againn treochtaí maidir le dáileadh speicis agus le bithéagsúlacht fíoruisce na hÉireann a mheas agus a thuiscint mura rachfar i ngleic leis na heasnaimh seo.
Is féidir Liostaí Dearga na hÉireann go léir a foilsíodh go dtí seo a íoslódáil anseo.