English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú €130,000 d’imeachtaí cultúrtha ar scála beag ar fud na hÉireann

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., leithdháileadh maoinithe €131,036 inniu do 30 imeacht chun tacú le Mionfhéilte Áitiúla agus Mionscoileanna Samhraidh a reáchtálfar ar fud na hÉireann in 2023.

Dearadh an scéim chun cabhrú le himeachtaí cultúrtha áitiúla nach mbeadh incháilithe faoi chritéir mhaoinithe d’imeachtaí níos mó cosúil leo siúd a dtacaíonn Fáilte Éireann, an Chomhairle Ealaíon agus comhlachtaí eile leo. Glacfar le hiarratais go dtí 1 i.n. ar an 9 Meitheamh 2023. Leithdháileadh maoiniú tar éis phróiseas iomaíoch iarratais, agus tá uasdeontas €5,000 ar fáil.

Dúirt an tAire Martin inniu:

“Cuireann an cultúr agus na healaíona go mór lenár saol agus lenár bpobal agus is cuid ríthábhachtach d’obair mo Roinne é tacú leis na Féilte agus na Scoileanna Samhraidh timpeall na hÉireann agus go háitiúil.

"Cuireann na tionscadail seo go mór le forbairt agus le cur chun cinn thairiscint turasóireachta cultúrtha na hÉireann, ar mhaithe le turasóirí intíre agus ón gcoigríoch araon. Guím gach rath ar na heagraithe; agus tá súil agam go mbainfidh an pobal taitneamh as na cláir iontacha imeachtaí ar fud na tíre sna míonna amach romhainn.”

Imeachtaí cultúrtha ar scála beag ar fud na hÉireann
Amharc amharc