English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú €2.18m fógartha chun tacú le neartú na Gaeilge i scoileanna

Maoiniú €2,183,226 ceadaithe ag na hAirí Martin agus O’Donovan uaidh seo go ceann 3 bliana chun tacú le hobair Gaelbhratach

Tá maoiniú suntasach breise €2.18 milliún ceadaithe ag an Aire Catherine Martin TD agus an Aire Stáit Patrick O’Donovan TD leis an scéim Gaelbhratach a neartú agus a leathnú. Is scéim tacaíochta í Gaelbhratach, atá á riaradh ag Gael Linn, le haghaidh scoileanna ar fud na hÉireann. Díríonn Gaelbhratach ar chur chun cinn na Gaeilge ar bhealach struchtúrtha, pleanáilte agus taitneamhach i mbunscoileanna agus i meánscoileanna araon.

Is é sprioc na scéime Gaelbhratach ná úsáid na Gaeilge a spreagadh, ní hamháin laistigh den seomra ranga, ach mar theanga labhartha phobal na scoile freisin. Cuireadh tús leis an scéim sa scoilbhliain 2012/13 agus ó shin i leith tá an scéim i ndiaidh dul i bhfeidhm ar scoileanna de chineálacha éagsúla ar fud na tíre – idir bhunscoileanna uirbeacha agus tuaithe ina bhfuil gá le beocht a athchur sa teanga, agus Ghaelcholáistí agus iarbhunscoileanna Gaeltachta arb í an phríomhtheanga laethúil iontu í.

Leis an maoiniú breise atá ceadaithe anois, beidh deis ag Gaelbhratach foireann breise a cheapadh agus freastal ar i bhfad níos mó scoileanna timpeall na tíre. Tá 133 bunscoil agus 126 iarbhunscoil páirteach sa scéim faoi láthair, agus táthar ag súil go dtiocfaidh méadú mór ar na huimhreacha sin leis an maoiniú breise atá á cheadú. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a fháil ag: https://gaelbhratach.ie/.

Dúirt an tAire Catherine Martin:

“Tá ríméad orm faoin maoiniú breise seo atá ceadaithe do Ghaelbhratach. Leis an tacaíocht bhreise seo ó mo Roinn beidh os cionn 400 scoil tar éis páirt a ghlacadh sa scéim faoi 2026/2027. Bíonn tionchar suntasach ag an scéim seo ar nósanna teanga na ndaltaí a ghlacann páirt ann agus tuigtear dom go bhfuil go leor iardhaltaí a ghlac páirt sa scéim ina mbaill ghníomhacha de na cumainn Ghaelacha i gcoláistí tríú leibhéal anois. Is cúis mhór bhróid agus dóchais é sin ó thaobh fhorbairt na teanga de agus tá mé ag súil le tionchar an airgid breise atá ceadaithe anois a fheiceáil sna blianta amach romhainn.”

Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan:

“Beidh tionchar thar na bearta ag an maoiniú breise seo atá ceadaithe do scéim Gaelbhratach ar obair na heagraíochta timpeall na tíre. Tá foireann Gaelbhratach ag tabhairt tacaíochta thar a bheith tábhachtach agus éifeachtach do scoileanna ar fud na hÉireann ó thaobh na Gaeilge de. Is iontach an rud é go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn mar ghnáth-theanga labhartha i measc daoine óga i ngach saghas scoile agus i ngach cearn den tír. Molaim na hiarrachtaí atá gach scoil a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn faoin scéim thairbheach seo.”

Tá Gaelbhratach á riaradh ag Gael Linn agus faigheann sé tacaíocht airgeadais ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, ón Roinn Oideachais agus ó Fhoras na Gaeilge.

Nótaí don Eagarthóir

Home - Gaelbhratach