Maoiniú €230,000 fógartha ag an Aire Martin chun an tseirbhís tacaíochta Aire don Aos Dána a leathnú chuig lucht na n-ealaíon as Éirinn
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 22 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 22 Nollaig 2020
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., maoiniú €230,000 inniu chun an tseirbhís Aire don Aos Dána, atá ag oibriú cheana féin, a chur ar fáil do lucht na n-ealaíon ar fad as Éirinn, bídís sa mbaile nó thar lear.
Tá srianta COVID-19 ag goilliúint go mór, ar bhonn leanúnach, ar an dream atá ag obair in earnálacha an chultúir, na cruthaitheachta, agus na siamsaíochta beo. Ba é tátal na tuarascála Life Worth Living, a rinne an tascfhórsa ar Théarnamh na nEalaíon agus an Chultúir ná go raibh: "Drochthioncar ag an rudaí seo ar fad ar mheabhairshláinte agus ar fholláine na ndaoine atá ag obair sna hearnálacha seo.’’ Aithníonn Moladh 6 sa tuarascáil seo gur gá clár a bhunú a thabharfadh tacaíocht maidir le cúrsaí sláinte agus folláine do lucht na n-ealaíon.
Ba é an Clár Folláine agus Tacaíochta Aire don Aos Dána (i gcomhar le Spectrum Life) an chéad chlár tacaíochta sláinte agus folláine in Éirinn do lucht na n-ealaíon agus é ar fáil 24/7. Seoladh den chéad uair é i Meitheamh 2020, a bhuíochas sin do na comhpháirtithe maoinithe (First Fortnight, IMRO, IRMA, MCD, Universal Music Ireland, RAAP, BAI, KPMG agus mar cheann de na tograí a bhain tairbhe as tionscnamh bailithe airgid Ghrúpa Oibre EPIC, Songs From An Empty Room agus ‘We Are The Support Act’ tionscnaimh bailithe airgid eile atá fós ar siúl) agus déanfar an clár tacaíochta seo a leathnú amach anois le go bhféadfaidh sé na seirbhísí seo a leanas a chur ar fáil do lucht na n-ealaíon ar fad, as Éirinn.
• Líne fóin chabhrach thiomnaithe, ar fáil saor in aisce 24/7;
• Suas le 6 sheisiún comhairleoireachta ar fáil saor in aisce;
• Tacaíocht airgeadais, comhairle tomhaltóra agus cúnamh dlí i dtaca le ceisteanna éagsúla;
• Gairmthreoir agus Cóitseáil Saoil;
• Tacaíocht do dhaoine nach as Éirinn iad agus dá dteaghlaigh;
• Idirghabháil agus idirghabháil choimhlinte.
Tá fáil anois ar an eolas is deireanaí agus tuilleadh eolais maidir leis an mbealach le teacht ar na seirbhísí seo ar shuíomh gréasáin Aire don Aos Dána.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm an maoiniú seo a fhógairt mar thacaíocht don obair thábhachtach atá ar bun ag Aire don Aos Dána. Anois níos mó ná riamh, teastaíonn cúnamh ó lucht na n-ealaíon cruthaitheach. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Aire don Aos Dána as a bhfuil déanta acu go dtí seo ó thaobh an chláir nuálach seo a chur i bhfeidhm mar thacaíocht don dream a dteastaíonn cúnamh uathu in earnáil an cheoil. Tá mé ag tnúth leis an gclár seo a fheiceáil á leathnú amach sna chéad chúpla seachtain atá amach romhainn agus tá mé cinnte go gcuirfidh lucht na n-ealaíon as Éirinn fáilte roimhe, bídís sa mbaile nó thar lear. Tagann an maoiniú seo tar éis do Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir aird a dhíriú ar an ngá le tacaíochtaí folláine san earnáil le déanaí.