Maoiniú €600,000 ceadaithe do Chiste Spreagtha Chonradh na Gaeilge 2024 - 2026
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 15 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 1 Meitheamh 2024
Tá pacáiste maoinithe €600,000 in imeacht 3 bliana do Chiste Spreagtha Chonradh na Gaeilge fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D. Tá sé mar aidhm ag an gCiste Spreagtha grúpaí pobail laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht a spreagadh le himeachtaí pobail a chuireann an Ghaeilge chun cinn a eagrú ina gceantair áitiúla.
Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag tacú leis an gCiste Spreagtha, atá á riar ag Conradh na Gaeilge, ó 2022 i leith. Tarlaíonn formhór na n-imeachtaí a fhaigheann maoiniú ón gCiste i mí an Mhárta thart ar Sheachtain na Gaeilge, an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan. D’éirigh go han-mhaith leis an gCiste Spreagtha le dhá bhliain anuas – cuireadh maoiniú ar fáil do bhreis agus 160 grúpa in 2022 agus 180 grúpa in 2023. Tá súil ag Conradh na Gaeilge maoiniú ón gCiste a bhronnadh ar suas le 180 grúpa in aghaidh na bliana arís sna trí bliana amach romhainn agus tá sé mar aidhm acu tacú le himeachtaí i ngach cearn den oileán.
Táthar ag súil go dtabharfaidh an Ciste Spreagtha deis do phobail Ghaeltachta agus iar-Ghaeltachta an Ghaeilge a chur chun cinn agus a cheiliúradh mar ghnáth-theanga labhartha agus tuilleadh daoine a mhealladh chun an teanga a úsáid. Is deis iontach a bheas sna himeachtaí a eagrófar do dhaoine aonair nach mbíonn deiseanna labhartha Gaeilge rialta acu an Ghaeilge a úsáid agus a chleachtadh i gcomhthéacs sóisialta idir seo agus 2026.
Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:
“Táim thar a bheith sásta go bhfuil mo Roinn in ann tacaíocht trí bliana a thabhairt don Chiste Spreagtha. Ciallaíonn an pacáiste maoinithe seo go mbeidh go leor imeachtaí Gaeilge ar siúl i bpobail áitiúla i rith na dtrí bliana atá romhainn agus go mbeidh deis ag breis daoine a bheith páirteach i gceiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Ardaíonn na himeachtaí seo ar fad feasacht ar an nGaeilge agus cabhraíonn siad le labhairt na teanga a normalú laistigh de phobail ar fud na hÉireann.”
Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Tá lúcháir mhór orainn go bhfuil an Ciste Spreagtha ceadaithe anois ar feadh trí bliana. Beidh an ciste bliantúil ar fáil agus á riaradh againn idir 2024 agus 2026 do Sheachtain na Gaeilge le Energia. Tabharfaidh sé tacaíocht do na grúpaí iontacha a eagraíonn imeachtaí Gaeilge le linn na féile, a mhairfidh ó 1-17 Márta 2024. Táimid ag súil go spreagfaidh an ciste seo pobal na Gaeilge, pobal na Gaeltachta agus iad siúd nach raibh deis acu a bheith páirteach in imeachtaí Gaeilge roimhe seo. Feicfimid tuilleadh deiseanna do ghrúpaí agus do phobail ar fud na hÉireann an Ghaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile. Táimid an-bhuíoch den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as an maoiniú seo a chur ar fáil don Chiste Spreagtha i mbliana.”