Maoiniú €896,000 faoi Phacáiste Spreagtha Thionscal an Cheoil fógartha ag an Aire Catherine Martin TD
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 23 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 1 Nollaig 2020
Tá cinntí maoiniúcháin fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, inniu chun tacú le lucht ceoil taifeadadh a dhéanamh faoin Phacáiste Spreagtha Thionscal an Cheoil.
Tá €896,000 ar an iomlán le bronnadh ar 184 ceoltóir agus banna ceoil d'fhonn cuidiú leo singil, EPanna agus albaim a thaifeadadh. Clúdaíonn an tacaíocht seo réimse leathan de sheánraí ceoil lena n-áirítear rac, ceol indie, snagcheol, ceol traidisiúnta, ceol tíre, ceol tuaithe, ceol clasaiceach agus leictreonach.
Dúirt an tAire Martin:
"Cuirfidh na deontais seo ar chumas lucht ceoil a gcuid oibre a thaifeadadh i mbliain a bhí thar a bheith dúshlánach do lucht taibhithe. Tá tábhacht níos mó ná riamh anois le ceol a bheith ar fáil trí thaifeadtaí agus cuirfidh an tacaíocht seo ar chumas an lucht éisteachta, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, le sult a bhaint as obair nua roinnt de na ceoltóirí is fearr atá againn."
Fuarthas breis is 1,400 iarratas ar thacaíocht taifeadta, agus léiríonn sin an t-éileamh mór atá ann do thacaíocht chomh maith le brí thionscal an cheoil in Éirinn a léiriú. Tá an maoiniú iomlán €1.7 milliún do Phacáiste Spreagtha Thionscal an Cheoil 2020 ag tacú le 79 gcampa scríbhneoireacht amhrán agus 56 albam nua ata le heisiúint chomh maith leis an 184 deontas taifeadta a fógraíocht inniu.
Is í an tAire Martin a bhunaigh Clár Tacaíochta Thionscal an Cheoil i mbliana d'fhonn cuidiú leo sin atá ag obair i dtionscal an cheoil lena n-áirítear ceoltóirí, innealtóirí, caidrimh phoiblí, na meáin, gníomhairí, lipéid agus foilsitheoirí agus lena chinntiú go mbeidh teacht ag lucht spéise níos mó ar cheol. Tugadh faoi deara go raibh gá ann do thacaíocht mar gur tháinig laghdú ar theacht isteach cheoltóirí agus ar a gcumas infheistíocht a dhéanamh in ábhar nua a fhorbairt, albaim a thaifeadadh agus a eisiúint nuair a cuireadh deireadh le taibhiúcháin bheo.
First Music Contact (FMC) a dhéanfaidh Pacáiste Spreagtha Thionscal an Cheoil a bhainistiú thar ceann na Roinne. Déanfar an t-eolas ar fad maidir leis na dámhachtainí a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an FMC.
Dúirt an tAire Martin chomh maith:
"Mar thoradh ar an líon suntasach iarratas a fuarthas i mbliana ar an nglao oscailte ar dheontais ceoil, tá mé tiomanta do thuilleadh beart a chur i bhfeidhm in 2021 d'fhonn cuidiú an t-éileamh ollmhór le haghaidh tacaíochta ón earnáil ceoil a shásamh."