English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú agus pleananna fógartha do Ghaeltacht Mhaigh Eo

Plean Teanga Mhaigh Eo Thiar agus Plean Gnímh Thuar Mhic Éadaigh seolta ag an Aire Stáit Patrick O’Donovan inniu

Sheol Patrick O’Donovan TD, Aire Stáit na Gaeltachta, Plean Teanga do Limistéar Pleanála Teanga Mhaigh Eo Thiar go hoifigiúil inniu, agus é ar cuairt i nGaeltacht Mhaigh Eo. Mar aon leis seo, thug an tAire Stáit cuairt ar Chumann Lúthchleas Gael Thuar Mhic Eadaigh, áit ar ceadaíodh €218,000 anuraidh do CLG Thuar Mhic Éadaigh le cur ar a gcumas páirc astro nua a thógáil in aice le Páirc Naomh Muire ar an mbaile; agus sheol sé Plean Gnímh Thuar Mhic Éadaigh chomh maith.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire O’Donovan:

“Ba mhaith liom tréaslú le Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla (CFÁA) - Ceanneagraíocht an Limistéar Pleanála Teanga agus le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile do cheantar Mhaigh Eo Thiar. Ach an oiread leis na pleananna ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Mhaigh Eo Thiar do phobal an cheantair seo a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán, sábháilte chuig na glúine atá le teacht."

“Freisin, ba mhian liom comhghairdeas a dhéanamh le pobal Thuar Mhic Éadaigh, idir Choiste Stiúrtha Thuar Mhic Éadaigh, Coiste Cultúr Teanga agus Forbartha Thuar Mhic Éadaigh agus an Cumann Lúthchleas Gael áitiúil, as an dea-nuacht seo don cheantar. Rud an-speisialta faoin bPlean Gnímh seo go raibh inchur láidir ó réimse leathan páirtithe leasmhara pobail i gcur le chéile an phlean, idir óg agus aosta; agus is cinnte go mbeidh áis iontach le tabhairt anois don phobal sa pháirc astro nua seo.”

Nótaí don Eagarthóir:

• Is é Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla (CFÁA) ceanneagraíocht an phlean teanga do Mhaigh Eo Thiar. Bunaíodh fochoiste, an Coiste Gaeilge, chun an plean teanga a chur i dtoll a chéile agus chun an próiseas pleanála teanga a bhunú sa pharóiste. Fostaíodh Colm Mac Eachmharcaigh mar Oifigeach Pleanála Teanga i mBealtaine 2022, chun an plean a chur i bhfeidhm faoi stiúir na heagraíochta.

• Is iad Coiste Stiúrtha Thuar Mhic Éadaigh i gcomhar le Coiste Cultúr Teanga agus Forbartha Thuar Mhic Éadaigh a chuir an plean gnímh 2023-2028 le chéile. Seo an triú plean cúig bliana atá curtha le chéile faoin gclár Pobal Feasta Mhaigh Eo, clár atá maoinithe ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo. Cuidíonn an clár seo le pobail a gcuid pleananna gníomhaíochta féin a ullmhú ar bhealach comhordaithe agus rannpháirtíoch.

• Tá Cumann Lúthchleas Gael Thuar Mhic Éadaigh lonnaithe i Limistéar Pleanála Teanga Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh. Beidh an pháirc astro seo mar áis don phobal uile, áit a mbeidh imeachtaí á reáchtáil trí mheán na Gaeilge ó cheann ceann na bliana.