Maoiniú fógartha ag an Aire Martin agus Chambers do thograí caipitil sa Ghaeltacht
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 7 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 7 Deireadh Fómhair 2020
Os cionn €660k ceadaithe do thograí sa Ghaeltacht i gContaetha na Gaillimhe, Chiarraí, Dhún na Gall agus Mhaigh Eo
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD agus Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers, go bhfuil ciste ar fiú breis agus €660,000 d’os cionn 20 togra caipitil faoi leith ceadaithe i gceantair Ghaeltachta i gContaetha na Gaillimhe, Chiarraí, Dhún na nGall agus Mhaigh Eo.
Is faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne atá na deontais á gceadú chun tacú le heagraíochtaí éagsúla Gaeltachta obair athchóirithe a chur i gcrích chomh maith le trealamh a cheannach.
Tá 10 ndeontas faoi leith ar fiú breis agus €130,000 iad ceadaithe do thograí éagsúla caipitil i nDún na nGall.
I nGaillimh, tá 8 ndeontas faoi leith ceadaithe do thograí éagsúla caipitil, ina measc deontas ar fiú €424,462 é d’ionad pobail nua ar Inis Meáin. Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha sa Phlean Forbartha Náisiúnta (Tionscadal Éireann 2040) atá an deontas seo ceadaithe. Is maoiniú sa bhreis é seo ar an €31,880 a cheadaigh an Roinn roimhe seo don togra maidir le costais ghairmiúla – rud a fhágann go bhfuil cúnamh beagán os cionn €455,000 ceadaithe ag an Roinn don togra.
I nGaeltacht Chiarraí Theas tá deontas ar fiú os cionn €20,000 é ceadaithe do CLG Naomh Micheál chun trealamh aclaíochta a cheannach agus tá dhá dheontas ceadaithe do dhá thogra caipitil i nGaeltacht Mhaigh Eo. Tá na sonraí ar fad thíosluaite.
Ag fógairt na ndeontas dúirt an tAire Martin:
"Léiríonn fógra an lae inniu a thiomanta is atá mo Roinn agus an Rialtas tacaíocht a thabhairt do phobal na Gaeltachta, agus feabhas a chur ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge sna ceantair sin. Ainneoin na ndúshlán faoi leith atá romhainn ag an tráth seo de bharr na paindéime, is ábhar misnigh agus dóchais é go bhfuil coistí agus cumainn ar fud na Gaeltachta ag saothrú leo go deonach ar mhaithe lena bpobail faoi leith. Is údar áthais dom féin agus don Aire Stáit Chambers a bheith in ann tacú ar bhealach praiticiúil leis an obair sin."
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
"Le go mbeidh feidhmiú an phróisis pleanála teanga, atá faoi lán seoil anois bisiúil ní mór tacú ar bhealach praiticiúil le pobal na Gaeltachta chun a mianta féin a bhaint amach. Is údar sásaimh dom go pearsanta, ach an oiread leis an Aire Martin, a bheith in ann cabhrú na mianta sin a thabhairt a fhíorú leis an gcúnamh seo a chur ar fáil."
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.13, 2.20, 2.22 agus 2.21 sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 atá na deontais seo á gceadú.
CRÍOCH
Nótaí
Seo a leanas sonraí maidir leis na deontais faoi leith atá ceadaithe faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga i gCo. na Gaillimhe:
Iarratasóir /Sonraí | Ceadaithe |
Naíolann an nOileán f/c Mhuintearas – trealamh do sheomra Montessori | €8,618 |
CLG An Spidéal – trealamh don pháirc peile | €17,124 |
Comharchumann Mhic Dara – radaitheoirí leictreacha cliste | €2,650 |
CLG na Ceathrún Rua - tarracóir nua agus binsí don pháirc peile | €7,454 |
CLG Bhearna – Cuaillí agus obair ghaolmhar | €17,638 |
Comharchumann Dhúiche Sheoigheach – obair ar dhíon an ionaid | €15,738 |
Cumann Forbartha Chois Fharraige – Irisleabhar | €3,000 |
Comhlacht Forbartha Inis Meáin – ionad pobail nua | €424,462 |
Iomlán | €496,684 |
Seo a leanas sonraí maidir leis na deontais faoi leith atá ceadaithe faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga i gCo. Mhaigh Eo:
Iarratasóir /Sonraí | Ceadaithe |
Muintir an Chorráin Teo – veain do bhéilí ar rothaí | €8,050 |
Comhar Dhún Chaocháin – táillí gairmiúla don pháirc spraoi | €5,535 |
Iomlán | €13,585 |
Seo a leanas sonraí maidir leis na deontais faoi leith atá ceadaithe faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga i gCo. Dhún na nGall:
Iarratasóir /Sonraí | Ceadaithe |
Áislann Chill Charthaigh – obair bhreise feabhsúcháin ar an ionad | €3,235 |
Ghalfchumann Ghaoth Dobhair - trealamh | €16,524 |
Coláiste Ghaoth Dobhair – trealamh ranga don Choláiste. | €4,536 |
Togra Óige Mhuire – trealamh d’ionad sealadach don óige i nGaoth Dobhair | €13,025 |
Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór - uasghrádú ar an ionad | €3,260 |
Coláiste Árainn Mhór - obair áirithe feabhsúcháin | €25,000 |
Scoil Náisiúnta Taobhóige, An Clochán, – uasghrádú ar shíleáil na scoile | €3,683 |
Comhlacht Forbartha an Fháil Charraigh – athchóiriú ar charrchlós an ionaid | €47,354 |
CLG Ghaoth Dobhair – córas fuaime | €9,699 |
Cumann Cheiltigh Ghaoth Dobhair – binsí foirne | €5,735 |
Iomlán | €132,051 |
Seo a leanas sonraí maidir leis na deontais faoi leith atá ceadaithe faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga i gCo. Chiarraí:
Iarratasóir /Sonraí | Ceadaithe |
CLG Naomh Mícheál, Baile an Sceilg –trealamh aclaíochta | €23,482 |