English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Maoiniú fógartha ag an Aire Stáit Chambers d’Oideas Gael agus Plean Teanga Oileán Thoraí ceadaithe

€65,000 ceadaithe d’Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall

€100,000 cúnamh bliantúil ceadaithe chun tacú le cur i bhfeidhm Plean Teanga Oileán Thoraí

D’fhógair an tAire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D. inniu go bhfuil plean teanga Oileán Thoraí ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga. Fágfaidh sé seo go mbeidh allúntas bliantúil suas le €100,000 á chur ar fáil faoin bpróiseas chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean ar an oileán. Cuirfidh sé seo ar chumas Comharchumann Thoraí agus Coiste Pleanála Teanga Thoraí Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú chun cabhrú le feidhmiú an phlean teanga don oileán.

D'fhógair an tAire Stáit Chambers chomh maith go bhfuil allúntas ar fiú breis agus €65,000 ceadaithe aige chun tacú le Oideas Gael clár oibre comhaontaithe a fheidhmiú i ndáil le cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta a riar i nGaeltacht Gleann Cholm Cille.

Ag fógairt an phlean teanga agus an allúntais bhliantúil ina leith dúirt an tAire Stáit Chambers: “De thoradh plean teanga don oileán a bheith ceadaithe anois faoin bpróiseas pleanála teanga beifear in ann dul ar aghaidh agus Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú chun cabhrú le feidhmiú an phlean teanga ar an oileán. Is céim mhór chun tosaigh é seo agus táim cinnte de go mbainfidh pobal oileán Thoraí leas as an infheistíocht shuntasach bhliantúíl a chuirfear ar fáil as seo go ceann seacht mbliana chun cabhrú le feidhmiú rathúil an phlean. Tréasláim leis an gcomharchumann agus an coiste as an obair mhór atá déanta acu chun an plean a ullmhú agus guím gach rath oraibh lena chur i bhfeidhm".

Ag fógairt an deontais d'Oideas Gael dúirt an tAire Stáit Chambers: “Aithnítear go forleathan an obair fhónta atá ar bun ag an eagraíocht Oideas Gael le fada an lá chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine fásta ó fud fad na hÉireann agus an domhain an Ghaeilge a fhoghlaim i dtimpeallacht álainn cheantar Ghleann Colm Cille. De thoradh Oideas Gael mealltar na céadta daoine chuig an dúiche go bliantúil - rud a chuireann go mór le turasóireacht chultúrtha agus le geilleagar an cheantair dá réir"

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus an Phróisis Pleanála Teanga faoi ghníomh 2.1, 2.3, 2.13, 2.20, 2.22 agus 2.21 sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 atá an plean teanga agus an deontas d'Oideas Gael á cheadú.

Nóta don Eagarthóir

• Den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta Tá 20 limistéar ceadaithe go dáta agus péire á mheas ag an Roinn. Tá 2 phlean eile á mheas ag an Údarás.

• 21 Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe (18 nOifigeach Pleanála Teanga, 3 Oifigeach Pleanála Teanga Cúnta)

• 2 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe – An Daingean & Leitir Ceanainn

• Tá ullmhú plean teanga ar bun i sé cinn de bhailte faoi láthair - An Clochán Liath, Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín, Corcaigh, Dún Garbháin & Trá Lí agus tá plean teanga i leith Chathair na Gaillimhe á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair

• 3 Líonra Gaeilge ceadaithe in Eanáir 2020 – Inis, Baile Loch Riach, Cluain Dolcáin