Buaileann an tAire Patrick O’Donovan T.D. le stiúideonna agus feidhmeannaigh scannán agus cluichíochta ar mhisean trádála go Los Angeles
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 30 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 30 Bealtaine 2025
Beidh an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD – mar aon le Fís Éireann agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha – i gceannas ar mhisean trádála i Los Angeles chun earnáil físe na hÉireann agus cumhacht cultúir na hÉireann a chur chun cinn.
Beidh roinnt cruinnithe ar siúl le feidhmeannaigh shinsearacha ó stiúideonna agus ó chomhlachtaí léiriúcháin atá lonnaithe in LA ar an misean trádála seo. Buailfidh an toscaireacht le feidhmeannaigh chruthaitheacha ón earnáil chluichíochta freisin, ag neartú caidrimh atá ag fás chun tacú le forbairt bonn cruthaitheach láidir in Éirinn le
haghaidh scéalaíochta, forbartha agus léiriúcháin ar fud cluichí digiteacha.Reáchtálfar roinnt cruinnithe sa Mhisean Trádála seo le feidhmeannaigh shinsearacha ó stiúideonna agus cuideachtaí léiriúcháin atá lonnaithe in LA chun an teachtaireacht maidir le tacaíocht láidir agus leanúnach an Rialtais don tionscal agus d’ealaíontóirí Éireannacha a threisiú.
Ag labhairt faoin misean trádála, dúirt an an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD:
Tá stair naisc láidre ag Éirinn leis an tionscal físe cruthaithí i LA agus tá sé mar aidhm ag an Misean Trádála seo caidrimh le comhpháirtithe SAM a neartú tuilleadh. Oibreoidh mé ar son thionscal scannán agus cluichíochta na hÉireann chun caidreamh oibre a neartú idir earnáil na hÉireann agus na stiúideonna, na sruthóirí agus na cuideachtaí léiriúcháin is mó ar domhan.
Dúirt Désirée Finnegan, Príomhfheidhmeannach Fhís Éireann:
Seasann Screen Ireland le lucht déanta scannán agus tallann chruthaitheach na hÉireann, ar an scáileán agus taobh thiar den cheamara araon. Is é ár n-uaillmhian comhchoiteann tacú le forbairt leanúnach na hÉireann mar mhol cruthaitheach don scéalaíocht agus don ealaín ar fud thionscail an scáileáin chruthaitheacha – lena n-áirítear scannáin, teilifís, beochan, cláir faisnéise, éifeachtaí radharcacha agus cluichí digiteacha.
CRÍOCH