Molann an tAire Martin do dhaoine óga úsáid a bhaint as a gcuid cruthaitheachta do Chruinniú na nÓg Dé Sathairn, an 12 Meitheamh
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 11 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 13 Meitheamh 2021
Níos mó ná 600 gníomhaíocht shaor in aisce do dhaoine óga mar chuid de thionscnamh Chlár Éire Ildánach a dtacaíonn na húdaráis áitiúla agus RTÉ leis
D’iarr an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD ar gach páiste agus duine óg úsáid a bhaint as a samhlaíocht agus páirt a ghlacadh i roinnt de na céadta imeacht de chuid Chruinniú na nÓg a bheidh ar siúl Dé Sathairn, an 12 Meitheamh 2021.
Seo an ceathrú bliain de Chruinniú na nÓg, a spreagann páistí agus daoine óga chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha agus a dhéanann ceiliúradh ar an rannpháirtíocht. Is iad foirne áitiúla Chlár Éire Ildánach ó 31 údarás áitiúil a bhíonn i gceannas ar an gcuid is mó de na himeachtaí, le tacaíocht ó chruthaitheoirí atá lonnaithe go háitiúil i réimse na n-ealaíon, na hoidhreachta, ETIEM agus TikTok fiú.
Le níos mó ná 600 imeacht ar líne ar siúl i mbliana, is cinnte go mbeidh rud éigin ann do gach duine. Ó ealaín a chruthú ó channaí dí nach n-úsáidtear a thuilleadh, go hiniúchadh a dhéanamh ar inveirteabraigh ar sheimineár gréasáin Zú Bhaile Átha Cliath; go lóchrainn shailí agus crainn thabhaill a dhéanamh sa bhaile, go dráma TikTok Debs as Gaeilge, beidh lá iontach gnóthach ag Cruinniú na nÓg 2021! Le béim láidir ar an rannpháirtíocht, beidh go leor ceardlann do thosaitheoirí ar siúl atá deartha go speisialta chun daoine óga a spreagadh chun taiscéalaíocht iontach a dhéanamh i saol na cruthaitheachta.
I measc buaicphointí Chruinniú na nÓg 2021 beidh:
Féile Scannán an Aonaigh do Pháistí Cuirfidh Féile Scannán an Aonaigh de Pháistí gearrscannáin, scannán beochana agus scannáin lán-fhada ar fáil ó gach cearn den domhan, agus tabharfar cuireadh duit féachaint ar obair Éireannaigh óga a bheidh i mbun scannánaíochta den chéad uair le ceardlanna agus agallaimh. [external-link https://www.nenagharts.com | https://www.nenagharts.com ]
Garageland: Tugann an tionscadal iontach seo an deis do níos mó ná 100 banna óg de chuid na hÉireann teacht amach as a seomraí leapa agus dul ar chainéal teilifíse tiomnaithe ar líne www.garageland.ie. Éist leis na ceoltóirí óga iontacha seo le haíonna speisalta agus daoine gairmiúla sa tionscal a spreagfaidh agus a thacóidh leis na ceoltóirí óga.
Let’s Dance: D’fhiafraigh Damhsa Éireann de dhamhsóirí óga na hÉireann cad a theastaigh uathu a dhéanamh do Cruinniú nÓg agus dúirt na daoine óga gur mhaith leo níos mó hip hop a dhéanamh. Chun féachaint ar an méid a rinne na damhsóirí óga seo féach ar [external-link www.danceireland.ie | www.danceireland.ie ] #LetsDance
Buail do Dhruma: Tá an drumadóir Brian Fleming agus Ionad Ealaíon an Ghlóir i gcontae an Chláir tar éis clár idirnáisiúnta drumadóireachta a sholáthar a thosaigh in Éirinn ar an mbodhrán agus a thaistil ar fud na cruinne ag úsáid drumaí dúchasacha na hAfraice, na hÁise, Mheiriceá agus na hEorpa. Bain sult as ar www.glor.ie
An Céilí Cistine: Ag tógáil ar an rath a bhí ar imeacht na bliana seo caite ina raibh na mílte duine óg ag damhsa agus ag seinm ceoil na hÉireann ina dtithe féin, tháinig muid le chéile arís le hÁirc Damsha chun lúcháir chultúr traidisiúnta na hÉireann a thabhairt chuig cistiní anseo agus ar fud an domhain.
Chuir TG4, le tacaíocht ó rannán Gaeltachta na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, sraith speisialta de thionscadail Ghaeilge le chéile ar a áirítear gnéithe beaga saincheaptha do Chúla 4, Cruthaím 33, a léiríonn cumas 33 duine óg, agus ar an lá féin scéal TikTok Debs ón scríbhneoir Philip Doherty a bhfuil duaiseanna buaite aige.
Cuireann Éire Ildánach tacaíochtaí agus acmhainní ar líne ar fáil i gcomhar le Airfield Trust, Féile Scannán an Aonaigh do Pháistí, Garageland, Damhsa Éireann, Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann, Damhsa Áirc, Glór agus RTÉ chun deis a thabhairt do pháistí agus do dhaoine óga úsáid a bhaint as a gcuid cruthaitheachta.
Deir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin TD “In ainneoin nach bhfuil Cruinniú na nÓg ach ceithre bliana ar an bhfód, is buaicphointe é anois i bhféilire cruthaitheach dhaoine óga na hÉireann. Cuireann an tionscnamh speisialta agus tábhachtach seo ar chumas mo Roinne ár ngealltanas a chomhlíonadh maidir le hacmhainneacht chruthaitheach gach leanbh a fhorbairt agus an seans a thabhairt dóibh an sásamh a fhaightear as páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a spreagann a samhlaíocht agus a léiríonn a gcumas a fháil. Tugann Cruinniú na nÓg seans iontach do dhaoine triail a bhaint as rud éigin nua, léargas níos fearr a fháil ar an saol agus bualadh le daoine nua. Bain taitneamh as!
Cómhaoiníonn an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Cruinniú na nÓg agus dúirt an tAire Darragh O'Brien agus é ag cur fáilte roimh imeachtaí na bliana seo: “D’eagraigh ár líonra tiomnaithe d’fhoirne Cultúir agus Cruthaitheachta gach ceann de na gníomhaíochtaí agus na himeachtaí go cúramach ar fud na tíre. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis na 31 údarás áitiúil a d’oibrigh go díograiseach ar an imeacht seo i gcomhar linn ó 2018 i leith. Tá ríméad ar mo Roinn tacú leis an iliomad cleachtóirí cruthaitheacha agus eagraíochtaí óige a chuidigh le rath iontach a chur ar an lá corraitheach seo de chruthaitheacht do dhaoine óga.”
Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes: Tá ríméad ar RTE páirt a ghlacadh arís eile i dtacú le clár iontach agus ilchineálach Chruinniú na nÓg a thugann deis thábhachtach do pháistí agus do dhaoine óga a bheith cruthaitheach. Is rud thar a bheith dearfach cruthaitheacht agus féinléiriú a spreagadh inár saoránaigh óga, go mór mór tar éis bliain dhúshlánach nuair nach raibh mórán deiseanna cruthaitheacha cosúil leis seo acu. Guím gach rath ar na rannpháirtithe.”
Tá sonraí uile imeachtaí Chruinniú na nÓg ar fáil ar creativeireland.gov.ie