NFL le teacht go Baile Átha Cliath in 2025
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 7 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
NFL le teacht go Baile Átha Cliath in 2025
Reáchtálfar cluiche gnáthséasúir NFL i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath in 2025.
Táthar ag súil gurb é seo an chéad leagan de chomhpháirtíocht fhada rathúil leis an NFL.
D’fhógair an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Spórt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil Éire chun cluiche gnáthséasúir NFL a óstáil den chéad uair.
Agus é ag cur leis an rath a bhí ar na cluichí peile Meiriceánaí a óstáladh roimhe seo, déanfaidh an Stát cluiche gnáthséasúir NFL a óstáil in 2025. Táthar ag súil go mbeidh an cluiche seo ina imeacht rathúil sultmhar ar féidir é a fhorbairt agus a leathnú amach anseo.
Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire O’Donovan:
“Is vóta muiníne suntasach é seo i gcumas na hÉireann maidir le himeachtaí den chéad scoth a óstáil agus i gcáil Bhaile Átha Cliath mar cheann de na cathracha is fáiltiúla ar domhan. Beidh buntáistí móra i gceist le cluiche gnáthséasúir NFL a óstáil do thurasóireacht na hÉireann, don gheilleagar i gcoitinne, agus dár gcóras spóirt. Ina theannta sin, cuirfidh sé leis na ceangail dhoimhne chultúir, teaghlaigh agus eacnamaíoch idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe. Tá mé ag súil go mór le fáilte go hÉirinn a chur roimh na mílte leantóir peile Meiriceánaí ó SAM, an Eoraip agus níos faide i gcéin don gcluiche stairiúil seo, agus leis an gcomhar leanúnach leis an NFL, Spórt Éireann agus American Football Ireland chun rannpháirtíocht sa bpeil Mheiriceánach a fhás anseo in Éirinn, leaganacha ‘bratach’ agus ‘taicil’ an chluiche araon, mar pháirt de thiomantas an rialtais i leith borradh a chur faoi líon na ndaoine a ghlacann páirt rialta sa spórt agus sa ngníomhaíocht fhisiciúil.”
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Tá cáil faighte ag Éirinn cheana féin mar bhaile tábhachtach thar lear do pheil choláiste Mheiriceánach le rath seanbhunaithe an College Classic bliantúil gach Lúnasa. Is céim loighciúil nádúrtha eile é an NFL a thabhairt go Baile Átha Cliath agus cuireann sé leis an rannpháirtíocht i measc leantóirí spóirt Éireannacha i ngach foirm den pheil Mheiriceánach. Cuireann sé fosta leis na caidrimh dhoimhne idir Éirinn agus na Pittsburgh Steelers agus teaghlach Rooney, agus tá súil agam go mbraithfidh muintir Rooney agus an Steelers Nation go bhfuil siad ag teacht abhaile nuair a thagann siad go hÉirinn.”
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí
Téann Mórimeachtaí Idirnáisiúnta Spórt chun tairbhe na rannpháirtithe agus is féidir leo rannpháirtíocht sa spórt a spreagadh, agus cur leis an trádáil, turasóireacht, gnó, rannpháirtíocht phobail agus fás eacnamaíoch. Tá a leithéid d’imeachtaí ábalta bród náisiúnta a chothú agus tionchar a imirt ar ár n-íomhá thar lear. D’fhéadfadh go mbeidh tacaíocht agus ionchur Rialtais de dhíth ar mhórimeachtaí freisin chun tairiscintí a fháil agus na himeachtaí a óstáil. Is féidir leis seo a bheith i bhfoirm tacaíochta airgeadais, reachtaíochta, cosaintí tráchtála, TFC, iompair agus soláthair slándála.
Le blianta beaga anuas d’éirigh le hÉirinn ina tairiscintí chun Corn Ryder 2027, EURO 2020, agus Corn Domhanda Rugbaí na mBan a óstáil, agus rinne sí tairiscint ar Chorn Domhanda Rugbaí 2023 a óstáil chomh maith. D’éirigh linn inár dtairiscint ar EURO 2028 leis an Ríocht Aontaithe agus tá muid leath bealaigh tríd an tsraith 5 mhórchluiche peile choláiste i Staid Aviva ar a thugtar na Aer Lingus College Football Classics.