Os cionn €455,000 ceadaithe do Chonradh na Gaeilge
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 16 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
• €130,000 chun leanacht le forbairt ar Chartlann Athbheochan na Gaeilge
• €280,000 do Gluaiseacht 2021-2022
• Maoiniú le stuideonna Raidió RíRá agus oifigí Chonradh na Gaeilge a fhorbairt
• Cead pleanála faighte le ceannáras Chonradh na Gaeilge a fhorbairt mar lárionad Gaeilge
Cheadaigh Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers TD, os cionn €455,000 do thógraí eagsúla Chonradh na Gaeilge inniu. Anuas ar sin, d’fhógair an tAire Stáit Chambers go bhfuil cead pleanála faighte anois le ceannáras Chonradh na Gaeilge ag uimhir 6 Sráid Fhearchair a fhorbairt mar lárionad Gaeilge do chathair Bhaile Átha Cliath. D’fhógair an tAire Stáit Chambers an maoiniú inniu, le linn cuairt ar oifigí Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fheachair i mBaile Átha Cliath.
I measc na tógraí tá;
• Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Chartlann Athbheochan na Gaeilge don tréimhse 2021 - 2022
• Gluaiseacht 2021-2022 - feachtas a dhíríonn ar dhaoine óga a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus eolas a thabhairt dóibh faoi dheiseanna fostaíochta sa Ghaeilge
• Stiuideo Raidió Rí-Rá i nGaillimh a thógáil, an príomh-stiúideo i mBaile Átha Cliath a fhorbairt agus trealamh nua a cheannach do na hoifigí ansin
Ag labhairt dhó inniu, dúirt an tAire Stáit Chambers, “Tá cead pleánála faighte anois don Lárionad Gaeilge ar Shráid Fheachair, céim eile chun cinn don tionscadal. Beidh an lárionad seo mar áit lárnach d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath. Cuirfidh sé go mór le feiceálacht na teanga agus stádas na Gaeilge sa chathair.”
“Tá obair fíor-thábhachtach ar bun ag Conradh na Gaeilge ar fud na tíre le blianta fada. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas Chonradh na Gaeilge na tógraí seo a fhorbairt agus leanacht leis an obair atá ar siúl acu chun dearcthaí dearfacha i dtreo na Gaeilge a chothú i measc an mhórthimpeall. Tá obair dhúshlánach ag baint le na tógraí seo agus tá sé fíorthábhachtach go dtabharfaí tacaíocht do na tionscnaimh seo.”
“Insíonn an t-ábhar cartlanna ó bhailúcháin Chonradh na Gaeilge scéal faoi stair na tíre agus stair na teanga. Tá sé ríthábhachtach go gcaomhnaítear an t-ábhar seo agus go mbeidh sé ar fáil ag na glúinte amach romhainn. Cuirfear an maoiniú breise seo i dtreo tuilleadh forbartha ar dhéanamh ar an gcartlann, le níos mó de na cáipéisí a chur ar fáil don phobal agus le leanacht leis an tsraith seimineár agus agallaimh ar líne. Chomh maith leis sin beidh clár teilifíse faoi fhoirgneamh Chonradh na Gaeilge - Uimhir 6, Sráid Fhearchair - a léiriú agus tacaíocht a thabhairt don fhorbairt atá beartaithe ar an bhfoirgneamh mar Lárionad Gaeilge. "
“Tá sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d'earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí leagtha amach sa Bille na dTeangacha Oifigiúla. Is deis iontach don Roinn í ‘Gluaiseacht’ chun daoine óga a chur ar an eolas faoi na féidearthachtaí seo agus tionchar a imirt orthu na hábhair chuí a phiocadh ionas go mbeidh siad in ann cur isteach ar na folúntais amach anseo.”
Cuirfidh an Roinn €47,772 ar fáil do Chonradh na Gaeilge freisin, le stiúideo Raidió Rí-Rá i nGaillimh a thógáil, an príomh-stiúideo & bothán taifeadta i mBÁC a fhorbairt agus trealamh nua a cheannach do na hoifigí ansin.
Dúirt an tAire Chambers “ Cuireann Raidió Rí-Rá seirbhís raidió Gaeilge den scoth ar fáil don do dhaoine óga agus tá an-áthas orm go bhfuil sé ar chumas mo Roinne maoiniú a chur ar fáil go leanúnach do Raidió Rí-Rá. Cuirfidh an trealamh agus an teicneolaíocht nua seo le caighdeán na gcláir atá á chraoladh ag Raidió Rí-Rá agus beidh sé d’acmhainn acu níos mó cláir a léiriú ach an trealamh a bheith ar fáil acu.”
Dúirt an Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Táimid an-bhuíoch den Aire Stáit Jack Chambers TD agus den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as maoiniú suntasach a cheadú don Chonradh ar feadh dhá bhliain eile chun ár gclár oibre uaillmhianach a chur i gcríoch.
Leis an maoiniú seo beimid in ann stair luachmhar na heagraíochta agus na hathbheochana a chur ar fáil don phobal mar chartlann bheo a bheidh soaimsithe ag an bpobal. Dar ndóigh, ceann de na ceachtanna is tábhachtaí atá le foghlaim ón stair sin ná an tábhacht a bhaineann leis an gcéad ghlúin eile a spreagadh leis an teanga a úsáid agus cabhróidh an maoiniú don tionscadal Gluaiseacht linn daoine óga a mhealladh le cinneadh a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid ina saol. Cuirfear ina luí orthu na deiseanna ar fad is féidir leo a thapú leis an teanga a úsáid sa saol gairmiúil chomh maith, go háirithe leis an oiread sin deiseanna fostaíochta a bheidh ar fáil dóibh mar thoradh ar an bhforáil earcaíochta 20% do dhaoine inniúil ar an nGaeilge atá san áireamh i mBille na dTeangacha Oifigiúla.
Beidh Conradh na Gaeilge ag obair go dlúth leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sna míonna agus na blianta beaga os ár gcomhair chomh maith le hUimhir 6 a fhorbairt mar lárionad Gaeilge le háiseanna agus seirbhísí breise a chur ar fáil don phobal anois go bhfuil cead pleanála faighte ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath don mhórfhorbairt beartaithe.”
Dúirt Niamh Ní Chróinín, Bainisteoir Raidió Rí-Rá: “Cabhróidh an maoiniú linn stiúideonna Raidió Rí-Ra in Uimhir 6, Sráid Fhearchair agus in Áras na nGael, Gaillimh a fhorbairt agus breis láithreoirí óga a mhealladh agus a chumasú níos fearr le craoladh ar an gcairt stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge don aos-óg. Táimid i mbun feachtais le tamall leis an stáisiún a chraoladh ar FM go náisiúnta go lánaimseartha le freastail ar aos óg na tíre go sásúil agus cabhróidh na hacmhainní breise seo linn soláthar níos fearr a chur amach ar na hardáin reatha ar a bhfuil Raidió Rí-Rá agus réiteach i dtreo an lae go mbeidh muid ar FM an t-am ar fad.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Cartlann Athbheochan na Gaeilge
Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag tacú leis an togra seo ó 2016 ar aghaidh. Sna blianta sin, tá méid mór ábhair curtha ar fáil ag an tógra, ina measc;
• Tá digitiú déanta ar bhailiúcháin Chonradh na Gaeilge de An Chlaidheamh Soluis, iris sheachtainiúil Gaeilge, a foilsíodh ó 1899 go dtí 1932 agus ar Fáinne an Lae a foilsíodh ó 1898 go dtí 1901. Tá siad seo ar fáil ar líne ag cnag.ie/acs
• Tá na mílte duine tar éis freastal ar sheimineáir a cuireadh ar bun ar fud na hÉireann agus thar lear, agus ar líne, maidir le ábhar na Cartlainne
• Cuireadh an chéad tráinse de cháipéisí ón gCartlann ar fáil don phobal i Samhain 2019, agus tá 5 tráinse eile curtha ar fáil ó shin.
• Tá digitiú déanta ar Thuairiscí Ard-Fheise Chonradh na Gaeilge 1894-1925
Gluaiseacht 2021 - 2022
Mar chuid de fheachtas ‘Gluaiseacht 2021-2022’, beidh foireann Chonradh na Gaeilge ag taistil timpeall na tíre, ag réachtáil ceardlanna idirghníomhacha a mheallfaidh, a spreagfaidh agus a chuirfidh ar chumas daoine óga cinntí coinsiasacha a dhéanamh chun an Ghaeilge a úsáid níos minice. Beidh béim freisin curtha ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil trí Ghaeilge sna ceardlanna seo.
Déanann an tionscadal seo forbairt ar an bhfeachtas ‘Seó Bóthair’ a bhí ar bun ag an eagraíocht ó 2017 ar aghaidh. Eagrófar os cionn 200 ceardlann idirghníomhacha le breis is 10,000 dalta dara leibhéal leis na mic léinn óga a chumasú agus a spreagadh chun na teanga a úsáid. Eagrófar ceardlanna agus imeachtaí freisin, a fhreastalóidh ar chumainn Gaelacha sa 3ú leibhéal, ag díriú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do chéimithe le Gaeilge.
Tabharfar cuairt ar chúrsaí samhraidh leis an seó bóthair agus labhrófar le breis is 12,000 dalta samhraidh maidir le deiseanna Gaeilge a úsáid sa saol mór. Beidh ‘Gaeltacht X’ ar siúl arís, feachtas ar na meáin shoisialta a dhíríonn ar dhéagóirí. Bhain an feachtas amach 1,000,000 imprisin agus 20,000 duine idirghníomhach le linn 2020.