Osclóidh an tAire Martin taispeántas Chonradh 1921 – Thaifid ón gCartlann i Londain
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 11 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Osclófar an taispeántas chun comóradh 100 bliain a dhéanamh ar thús na caibidlíochta maidir leis an gConradh Angla-Éireannach ag 10, Sráid Downing ar an 11 Deireadh Fómhair 1921
Léireofar Conarthaí na hÉireann agus na Breataine le chéile arís 100 bliain ó síníodh iad
Tá an Conradh Angla-Éireannach ar cheann de na doiciméid stairiúla is suntasaí atá i seilbh na Cartlainne Náisiúnta. Cuirfidh an Chartlann Náisiúnta taispeántas i láthair a thugann áit lárnach don Chonradh agus a léiríonn ról na Cartlainne mar stór oifigiúil thaifid an Stáit, céad bliain ó bunaíodh é. Léiríonn Conradh, 1921: Taifid ón gCartlann taifid shuntasacha stairiúla, cáipéisí oifigiúla agus páipéir phríobháideacha den chéad uair, lena n-áirítear an chéad chur i láthair poiblí taobh le taobh de chóipeanna de Chonradh na hÉireann agus de Chonradh na Breataine.
Ag baint úsáide as tuairisciú comhaimseartha, íomhánna agus píosaí scannánaíochta, cuireann Conradh, 1921: Taifid ón gCartlann idirbheartaíocht an Chonartha i gcomhthéacs polaitiúil réabhlóid na hÉireann agus saoil ar chuir an Chéad Chogadh Domhanda agus cúrsaí a tharla ina dhiaidh sin trí chéile. Ag tosú leis na réamhchainteanna idir Éamon de Valera, Uachtarán Dháil Éireann, agus Príomh-Aire na Breataine David Lloyd George i rith samhradh 1921, tugtar léargas ann ar obair lánchumhachtaigh na hÉireann agus a rúnaíocht, tríd an taifead faisnéise a d’fhág siad ina ndiaidh a chur i láthair.
Tugann an taispeántas léargas freisin ar an saol ó lá go lá i Londain do na fir agus na mná a bhí ina mbaill de thoscaireacht na hÉireann, ó chóisírí, dinnéir, drámaí agus féilte ar fhreastail siad orthu, go dtí na laethanta agus na huaireanta deiridh a dhruid le síniú an Conartha díreach tar éis 2 r.n. ar an 6 Nollaig 1921. Mar bhuille scoir, tugann sé léargas ar fhilleadh na toscaireachta ar Bhaile Átha Cliath, agus ar chruinniú Comh-Aireachta Dháil Éireann a léirigh an scoilt sa ghluaiseacht neamhspleáchais a tháinig chun cinn faoi théarmaí an Chonartha, agus na deighiltí a mbeadh an Cogadh Cathartha mar thoradh orthu.
Ag labhairt roimh an oscailt, dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm cuairt a thabhairt ar Londain níos déanaí inniu chun an taispeántas suntasach seo a oscailt agus an imeacht stairiúil seo inár stair chomhroinnte a cheiliúradh. Tá sé de fhreagracht orm mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a chinntiú go ndéantar comóradh ar an tréimhse chasta seo inár gcuid staire le clár oiriúnach, fiúntach, comhréireach agus íogair, a aithníonn bunús gach traidisiún, agus a bhfuil meas aige orthu agus ar bharántúlacht stairiúil. Tá an taispeántas seo ríthábhachtach chun ár dtuiscint ar chaibidlíocht agus ar shíniú an Chonartha a neartú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCartlann Náisiúnta as an taispeántas tábhachtach seo a fhorbairt trí áit lárnach a thabhairt do bharántúlacht thaifead na cartlainne agus le hAcadamh na Breataine freisin as an taispeántas a óstáil.
“Ina theannta sin, molaim an comhoibriú lenár nAmbasáid féin i Londain le hAcadamh na Breataine, Acadamh Ríoga na hÉireann agus an Chartlann Náisiúnta (RA), le hábhar ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ón gCartlann Mhíleata, Baile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile. Baile átha Cliath. Trí chomhoibriú is féidir linn ár bpeirspictíochtaí éagsúla a roinnt agus ár gcomhthuiscint a shaibhriú. Táim ag tnúth chomh maith leis an taispeántas a oscailt i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag."
Ag labhairt roimh an seoladh chomh maith, dúirt an tAmbasadóir Adrian O’Neill:
“Ba imeacht suntasach i stair na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe teacht thoscaireacht na hÉireann go Londain céad bliain ó shin chun tús a chur le caibidlíocht maidir leis an gConradh Angla-Éireannach. Tá súil agam, le comhoibriú agus tacaíocht na comhpháirtithe móra seo de chuid na hÉireann agus na Breataine, gur féidir linn deis a thabhairt do dhaoine an tréimhse seo dár gcuid staire a iniúchadh agus machnamh a dhéanamh ar an tionchar a bhí aige ar fhorbairt caidreamh sna hoileáin seo tríd an taispeántas seo a thabhairt ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann go Londain.”
Cuirfear an taispeántas seo i láthair mar chuid de Chlár Náisiúnta Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 Rialtas Éireann agus de Chlár Chomóradh Céad Bliain 2021 de chuid Ambasáid na hÉireann i Londain.
Cuirfidh an Chartlann Náisiúnta agus Ambasáid na hÉireann i Londain an taispeántas i láthair i gcomhpháirtíocht le hAcadamh na Breataine agus Acadamh Ríoga na hÉireann. Osclófar an Taispeántas in Acadamh na Breataine ar an 12 Deireadh Fómhair agus beidh sé ar siúl go dtí an 23 Deireadh Fómhair.
Nótaí
Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a thaifid scríofa. Faigheann sí agus cosnaíonn sí taifid phoiblí na hÉireann, agus ar an gcaoi sin cinntítear go bhfuil na taifid ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát na hÉireann in 1922 agus isteach sa ré nua-aimseartha.
Conradh, 1921: Taifid ón gCártlann
Osclófar an taispeántas in Acadamh na Breataine i Londain ar an 12 Deireadh Fómhair agus leanfaidh sé go dtí an 23 Deireadh Fómhair sula n-osclófar é i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ón 6 Nollaig go dtí an 27 Márta 2022. Mar aon leis an taispeántas I mBaile Átha Cliath, reáchtálfar clár ceardlann, clár digiteach agus cainteanna coimeádaithe, mar aon le turais threoraithe a dearadh chun fiosrúchán stairiúil a spreagadh agus tuiscint a thabhairt ar thionchar agus oidhreacht na n-imeachtaí a tharla le linn na tréimhse réabhlóide.
Dátaí taispeántais i Londain:
12 – 23 Deireadh Fómhair 2021
Uaireanta Oscailte: Dé Luain-Dé hAoine 10 r.n. – 5 i.n., Dé Sathairn 10 r.n. – 1 i.n. Dé Domhnaigh 10 r.n. – 5 i.n.
The British Academy, 10-11 Carlton House Terrace, London, SW1Y 5AH
Cead isteach saor in aisce. Eolas cláraithe ar www.thebritishacademy.ac.uk
Dátaí taispeántais i mBaile Átha Cliath:
6 Nollaig 2021– 27 Márta 2022
Uaireanta Oscailte: 10 r.n. – 5 i.n., gach lá
Gailearaí Theach an Chóiste, Gáirdíní Chaisleán Bhaile Átha Cliath, Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2, D02 X822
Cead isteach saor in aisce.
Eolas cláraithe ar www.nationalarchives.ie