Osclaítear Staid Pháirc Naomh Connlaodh a Athfhorbraíodh go hOifigiúil
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 29 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 29 Deireadh Fómhair 2024
• Fuair baile CLG Chill Dara maoiniú Stáit €6 mhilliún faoin gcéad bhabhta den gCiste Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála (2018)
• Bhí an tAire Thomas Byrne i láthair chun Staid athfhorbartha Pháirc Naomh Connlaodh a oscailt go hoifigiúil
• Áiríonn athfhorbairt le tacaíocht ón gCiste seastán nua 3,000 suíochán, uasghrádú páirce agus áiseanna feabhsaithe imreoirí agus oifigeach
Chuir Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, fáilte roimh oscailt oifigiúil Pháirc athfhorbartha Naomh Connlaodh sa Droichead Nua Dé Domhnaigh, an 27 Deireadh Fómhair 2024.
Chuir an Roinn tacaíocht shuntasach ar fáil don tionscadal seo, arbh fhiú €6,031,960 é, faoina Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála.
Cuimsíonn an tionscadal a fhaigheann tacaíocht ón gCiste seastán nua den chéad scoth le 3,000 suíochán, le háiseanna uasghrádaithe d’imreoirí agus d’oifigigh. Forbraíodh bealach nua isteach agus geataí casta nua chomh maith le feabhsuithe suntasacha ar an dromchla imeartha, chomh maith le tuilsoilse nua-fheistithe.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Mar Rialtas, táimid meáite ar infheistíocht a dhéanamh inár mbonneagar spóirt, agus is léiriú breise ar an tiomantas seo é oscailt an tionscadail seo. Déanaim comhghairdeas le gach duine a bhí páirteach i bhforbairt an áis iontach seo, is teist é ar a gcuid oibre crua agus a dtiomantas chun an tionscadal a thabhairt chun críche. Gan dabht, cuirfidh na háiseanna uasghrádaithe ionad spóirt den scoth ar fáil inar féidir le himreoirí, le lucht tacaíochta agus leis an bpobal teacht le chéile chun taitneamh a bhaint as ár gcluichí traidisiúnta go ceann na mblianta fada amach romhainn.”
Ag labhairt ag an oscailt oifigiúil i gCill Dara inniu, dúirt an tAire Thomas Byrne:
“Tá sé iontach a bheith i bPáirc Naomh Connlaodh inniu le haghaidh oscailt oifigiúil na staide a athfhorbraíodh. Is ré nua é inniu do CLG Chill Dara agus is iontach an fhorbairt ar an staid nua úrscothach seo ar cheart do gach duine sa chontae agus sa phobal áitiúil CLG a bheith bródúil as a fheiceáil. Molaim gach duine a d’oibrigh ar an tionscadal dochreidte seo a chur gcrích."
“Mar Aire Stáit don Spórt, tá lúcháir orm go raibh Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Mhórscála na Roinne in ann cistiú substaintiúil a sholáthar chun an tionscadal uaillmhianach seo a fhorbairt. Táim ag súil le himreoirí agus lucht leanúna a fheiceáil ag baint sult as na háiseanna iontacha seo a úsáid sna blianta atá romhainn.”
CRÍOCH
NÓTAÍ EAGARTHÓRA
An Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór;
Ciste 2018:
Rinneadh foráil sa Bheartas Náisiúnta Spóirt a foilsíodh in 2018 do Chiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór. Is é aidhm an chiste tacaíocht Státchiste a chur ar fáil do thionscadail agus d’áiseanna spóirt níos mó nuair is mó an infheistíocht Státchiste atá riachtanach ná an t-uasmhéid atá ar fáil faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt. Bronnadh €124 milliún ar 33 togra éagsúil faoin gcéad bhabhta seo.
Babhta Nua: An Ciste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór
D’fhógair Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, maoiniú suas le €120m faoin dara babhta den Chiste Infreastruchtúr Spóirt ar Scála Mór, a osclaíodh le haghaidh iarratas ar an 26 Aibreán 2024. Nuair a dhéanfar measúnú ar iarratais, ar mhaoiniú idir €600,000 agus €30m, cuirfear san áireamh méid an daonra, inbhuanaitheacht, agus a chinntiú go gcuirtear rochtain chomhchosúil ar fáil chun freastal ar rochtain ag fir agus mná ar shaoráidí atá maoinithe ag an gCiste. Dúnadh na hiarratais ar an 1 Iúil agus tá iarratais bhailí á measúnú anois ag oifigigh.