English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaítear taispeántas Chonradh 1921 – Taifid ón gCartlann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath

  • Cuirtear Conradh Angla-Éireannach 1921 ar taispeáint go poiblí den chéad uair le 100 bliain

D’fhreastail an Taoiseach, in éineacht leis an Tánaiste agus an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, ar thaispeántas Chonradh 1921: Taifid ón gCartlann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Cuireann an Chartlann Náisiúnta an taispeántas i láthair i gcomhpháirtíocht le hAcadamh Ríoga na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí, le taifid ó bhailiúcháin na Cartlainne Míleata agus Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Tá an Conradh Angla-Éireannach ar cheann de na doiciméid stairiúla is suntasaí atá i seilbh na Cartlainne Náisiúnta. Cuireann an Chartlann Náisiúnta taispeántas i láthair a thugann áit lárnach don Chonradh agus a léiríonn ról na Cartlainne mar stór oifigiúil thaifid an Stáit, céad bliain ó bunaíodh é. Léiríonn Conradh 1921: Taifid ón gCartlann taifid shuntasacha stairiúla, cáipéisí oifigiúla agus páipéir phríobháideacha den chéad uair, lena n-áirítear an chéad chur i láthair poiblí taobh le taobh de chóipeanna Éireannacha agus Briotanacha den Chonradh.

Ag baint úsáide as tuairisciú comhaimseartha, íomhánna agus píosaí scannánaíochta, cuireann Conradh 1921: Taifid ón gCartlann idirbheartaíocht an Chonartha i gcomhthéacs polaitiúil réabhlóid na hÉireann agus saol a chuir an Chéad Chogadh Domhanda agus cúrsaí a tharla ina dhiaidh sin trí chéile. Ag tosú leis na réamhchainteanna idir Éamon de Valera, Uachtarán Dháil Éireann, agus Príomh-Aire na Breataine David Lloyd George i rith shamhradh 1921, tugtar léargas ann ar obair lánchumhachtaigh na hÉireann agus a rúnaíocht, tríd an taifead faisnéise a d’fhág siad ina ndiaidh a chur i láthair.

Tugann an taispeántas léargas freisin ar an saol ó lá go lá i Londain do na fir agus na mná a bhí ina mbaill de thoscaireacht na hÉireann, ó chóisírí, dinnéir, drámaí agus féilte ar fhreastail siad orthu, go dtí na laethanta agus na huaireanta deiridh a dhruid le síniú an Conartha díreach tar éis 2 r.n. ar an 6 Nollaig 1921. Mar bhuille scoir, tugann sé léargas ar fhilleadh na toscaireachta ar Bhaile Átha Cliath, agus ar chruinniú Comh-Aireachta Dháil Éireann a léirigh an scoilt sa ghluaiseacht neamhspleáchais a tháinig chun cinn faoi théarmaí an Chonartha, agus na deighiltí a mbeadh an Cogadh Cathartha mar thoradh orthu.

Ag labhairt ag an taispeántas, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:

“Taispeántas suntasach é seo, a chuireann taifid thábhachtacha a bhaineann le bunú an Stáit faoi bhráid an phobail den chéad uair le 100 bliain. Tugann na taifid seo léargas ar thréimhse chasta inár gcuid staire, ag críochnú le síníú an Chonradh Angla-Éireannach in 1921. Léiríonn siad an comhthéacs casta polaitíochta inar ndearnadh idirbheartaíoht ar an gConradh ach tugann siad léargas den chéad uair chomh maith ar an saol inar oibrigh toscaireacht na hÉireann le linn a gcuid ama i Londain. Is mór an onóir domsa mar Thaoiseach freastal ar an taispeántas seo”.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar:

“Cor cinniúnach inár gcuid staire ab ea é síniú an Chonartha. Rinne dhá thaobh a bhí i gcoinne a chéile idirbheartaíocht ar an gcomhaontú de mheon macánta. Chuir síniú an Chonartha síocháin i réim, a chabhraigh le tír nua neamhspleách agus todhchaí níos fearr a chruthú. Soláthraíonn an taispeántas seo nasc ríthábhachtach le bunú an Stáit, ag cur na himeachtaí suntasacha a tharla céad bliain ó shin i gcuimhne dúinn, mar aon leis na cinntí misniúla a chabhraigh linn ar an tslí chun saoirse a bhaint amach. Trí dhoiciméid agus íomhánna ón tréimhse a thaispeáint dúinn, chomh maith leis an gcaoi ar thuairiscigh na meáin na himeachtaí, feicimid na cinntí deacra a rinneadh, luach na taidhleoireachta agus an tábhacht a bhaineann le teacht ar chomhréiteach. Is léargas iontach é ar na dúshláin a bhí ann céad bliain ó shin agus an misneach a chuidigh lenár dtír a chruthú."

Dúirt an tAire Catherine Martin TD:

“Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu chun oscailt an taispeántais shuntasaigh seo a cheiliúradh. Tá sé de fhreagracht orm mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a chinntiú go ndéantar comóradh ar an tréimhse chasta seo inár gcuid staire le clár oiriúnach, fiúntach, comhréireach agus íogair, a aithníonn bunús gach traidisiún, a bhfuil meas aige orthu agus ar bharántúlacht stairiúil. Tá an taispeántas seo ríthábhachtach maidir lenár dtuiscint ar an gcaibidlíocht agus ar shíniú an Chonartha agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCartlann Náisiúnta as an taispeántas tábhachtach seo a fhorbairt trí bharántúlacht thaifid na cartlainne a chur i lár an taispeántais”.

Bunaíodh an Chartlann Náisiúnta chun taifid phoiblí na hÉireann a bhailiú, a bhainistiú agus a chaomhnú, ag cinntiú go bhfuil siad ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát na hÉireann in 1922 agus sa ré nua-aimseartha.

Tá sé saor in aisce dul isteach chuig an taispeántas. Is féidir clárú ar líne ar www.nationalarchives.ie.

Cuirtear an taispeántas seo i láthair mar chuid de Chlár Náisiúnta Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 Rialtas Éireann.

CRÍOCH


Nótaí Eagarthóra

Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a thaifid scríofa. Faigheann sé agus cosnaíonn sé taifid phoiblí na hÉireann, agus ar an gcaoi sin cinntítear go bhfuil na taifid ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát na hÉireann in 1922 agus sa ré nua-aimseartha.

Osclóidh taispeántas Chonradh 1921: Taifid ón gCartlann i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ón 7 Nollaig go dtí an 27 Márta 2022. Mar aon leis an taispeántas i mBaile Átha Cliath, reáchtálfar clár digiteach, clár cainteanna coimeádaithe agus clár gníomhaíochtaí, deartha chun fiosrúchán stairiúil a spreagadh agus tuiscint a thabhairt ar thionchar agus oidhreacht na n-imeachtaí a tharla le linn an tréimhse réabhlóideach.

Dátaí taispeántais:

Dé Máirt 7 Nollaig 2021–27 Márta 2022

Uaireanta Oscailte: 10 r.n. – 5 i.n., gach lá

Gailearaí Theach an Chóiste,

Gáirdíní Chaisleán Bhaile Átha Cliath,

Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2, D02 X822, www.dublincastle.ie

Cead isteach saor in aisce.

Eolas cláraithe ar www.nationalarchives.ie