Peil Choláiste ag teacht ar ais go Baile Átha Cliath le Navy ag imirt in éadan Notre Dame i gcluiche cinniúnach i mBaile Átha Cliath
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 24 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Meán Fómhair 2023
• Cuireann an Tánaiste agus na hAirí Martin agus Byrne fáilte roimh fhilleadh Shraith Chlasaiceach Pheile Coláiste Aer Lingus
• Na mílte leantóirí chun teacht go Baile Átha Cliath le haghaidh imeacht taispeántais an tSathairn
• Cluiche oscailte an tséasúir le bheith craolta do 3 mhilliún breathnóir ar fud an domhain
Chuir an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin TD; an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin TD; agus an tAire Stáit le Freagracht as Spórt agus Corpoideachas, Thomas Byrne TD, fáilte inniu (24 Lúnasa 2023) roimh fhilleadh Pheil Choláiste na Stáit Aontaithe go hÉireann agus an Staid Aviva i mBaile Átha Cliath ag óstáil chluiche oscailte an tséasúir, atá díolta amach, idir Navy agus Notre Dame ar an tSatharn. Táthar ag súil go mbeidh níos mó ná 40,000 cuairteoir ag teacht ó thar lear chun freastal ar an chluiche.
Is comhar poiblí-príobháideach rathúil agus réamhghníomhach é an sraith chúig chluiche Chlasaiceach Pheile Coláiste Aer Lingus. Tá fáilte roimh an borradh tráthúil a chuireann an tsraith seo faoi thionscail fháilteachais agus turasóireachta na hÉireann, agus taispeánann na cluichí seo gur óstach fáiltiúil cumasach í Éire ar imeachtaí den chineál seo.
I rith imeacht na bliana seo tiocfaidh foirne ó Ollscoil Notre Dame agus Acadamh Cabhlaigh na Stáit Aontaithe (“Navy”) agus iad ag dul in iomaíocht le chéile arís ag Staid Aviva Bhaile Átha Cliath. Cuireann an cluiche deis iontach eile ar fáil chun Baile Átha Cliath agus Éire, agus na háiteanna tarraingteacha atá ar fáil in Éirinn go ginearálta mar áit saoire, a thaispeáint.
Dúirt an Tánaiste, Micheál Martin:
“Ba mhaith liom fáilte mhór a chur roimh na mílte cuairteoir atá tagtha go Baile Átha Cliath chun cluiche oscailte an tséasúir seo idir Ollscoil Notre Dame agus Acadamh Cabhlaigh na Stáit Aontaithe a cheiliúradh ar an tSatharn. Chomh maith lena bheith ina cluiche iomaíoch stairiúil, taispeánfaidh an ócáid rathúil seo ag Staid Aviva na naisc fhíorthábhachtacha a cheanglaíonn Éire agus na Stáit Aontaithe.
“Imríonn an gaol idir ár dhá thíortha tionchar ar gach gné dár saoil. Óstálann Éire méid níos mó mac léinn atá ag staidéar thar lear ó Mheiriceá ná ó aon tír eile – beagnach 12,000 gach bliain. Téann beagnach 8,000 saoránach Éireannacha go dtí na Stáit Aontaithe gach bliain ar dheiseanna malartaithe príobháideacha agus le maoiniú ón Rialtas. Léiríonn sé seo cineál imirce atá ag éirí níos saoráidí ar féidir leis an dá tír an-tairbhe a bhaint as.
“Leis an deis atá againn an cluiche seo a óstáil i mBaile Átha Cliath, léireoidh muid na naisc láidre atá ann idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe san oideachas, sa trádáil, sa chultúr agus i bhfad níos mó. Tá mé ag súil go mór fosta le fáilte a chur roimh Rúnaí an Chabhlaigh de chuid na Stáit Aontaithe agus é ag tabhairt cuairte ar Éirinn an tseachtain seo, chomh maith le toscaireachtaí Comhdhála faoi cheannaireacht an Seanadóir Chris Murphy agus Ionadaí Pat Fallon."
Agus í ag cur fáilte roimh an imeacht, dúirt an tAire Martin:
“Is mór an pléisiúr dom fáilte ar ais a chur roimh na foirne ó Notre Dame agus Navy agus a mílte leantóirí a tháinig go dtínár bpríomhchathair chun an cluiche a fheiceáil. Leis an chluiche iomráiteach seo, a chuireann tús le séasúir Pheile Coláiste 2023, beidh an bhéim ar Éirinn, agus ar Bhaile Átha Cliath go háirithe, mar go bhfuil sé measta go mbeidh níos mó na 3 mhilliún daoine thar lear ag breithniú air. Tá an t-ádh linn go bhfuil an tsraith chúig chluiche seo faighte againn, a thugann an deis dúinn a bheith mar cheanncheathrú Peile Coláiste san Eoraip.
“Is cúis áthais dom go bhfuil maoiniú faighte agam d’Fháilte Éireann agus do Thurasóireacht Éireann chun tacú leis an tsraith. Tá mórimeachtaí cosúil leis seo tábhachtach chun éileamh turasóireachta a spreagadh mar go dtugann sin fáth an-láidir eile do chuairteoirí ó Éirinn agus ó thar lear saoire a bheith acu in Éirinn. Molaim go láidir do lucht leanúna an dá fhoireann an deis a thapú agus iad anseo chun triail a bhaint as gach rud atá ar fáil in Éirinn mar áit saoire; idir ár dtírdhreach álainn, ár n-oidhreacht iontach agus ár dtarraingtí cuairteora den scoth.”
Dúirt an tAire Byrne an méid seo:
“Tá mé an-sásta fáilte mhór a chur roimh lucht tacaíochta, imreoirí agus baill foirne na bhfoirne Peile Coláiste Notre Dame agus Navy. Tá an spórt an-tábhachtach dúinn in Éirinn agus is iontach an rud é peil choláiste den chéad scoth a fheiceáil inár dtír féin. Seo an tríú uair go bhfuil an dá thaobh seo ag imirt i mBaile Átha Cliath agus i mbliana cuireann muid fáilte roimh ghlúin nua tacaithe a tháinig leo. Molaim do gach duine atá ag taisteal go Baile Átha Cliath am a ghlacadh chun sult iomlán a bhaint as Éirinn. Cuireann na cluichí seo le próifíl agus feasacht Pheile Coláiste in Éirinn agus san Eoraip. Fáiltím roimh an deis a thugann an tsraith seo dúinn deiseanna líonraithe a chruthú, níos mó ceangal oideachais idir ár n-ollscoileanna a éascú agus cairdis bhuana a spreagadh."
Nótaí chuig na hEagarthóirí:
• Tugann an tSraith Clasaiceach Pheile Coláiste dhá fhoireann pheile Coláiste Mheiriceánacha le chéile chun cluiche iomaíoch a imirt i Staid Aviva i mBaile Átha Cliath in áit ar pháirc bhaile ceann de na foirne sin. Rinneadh óstáil ar chluichí den chineál seo i Staid Aviva agus Páirc an Chrócaigh i mblianta roimhe seo agus bhí an-rath orthu. An tSraith Chlasaiceach Pheile Coláiste Aer Lingus atá ar an chomórtas reatha.
• Is sraith chúig chluiche é an tSraith Chlasaiceach Pheile Coláiste Aer Lingus, atá mar chomhar poiblí-príobháideach rathúil agus réamhghníomhach chun cúig chluiche Peile Coláiste a óstáil gach bliain idir 2022 agus 2026. Meallann na cluichí infheistíocht shuntasach agus go leor tacaitheoirí ó na Stáit Aontaithe. Mheall an chéad chluiche in 2022 14,900 cuairteoir ó na Stáit Aontaithe. Beidh an cluiche idir Notre Dame agus Navy ag tarlú ar an 26 Lúnasa 2023 agus tá 40,000 ticéad díolta sna Stáit Aontaithe don imeacht cheana féin.
• Meastar go bhfuil luach de beagnach €400m ag an tsraith do gheilleagar na hÉireann, dar le Grant Thornton agus Fáilte Éireann, agus cuirfidh sé borradh faoi thionscail fháilteachais agus turasóireachta na hÉireann. Meastar go raibh luach de €53.5 milliún ag baint leis an chluiche in 2022 amháin do gheilleagar na hÉireann. Táthar ag súil, dar le tuarascáil neamhspléach, go mbeidh luach i bhfad níos mó ná sin don gheilleagar ag baint leis an tsraith Chlasaiceach Pheile Coláiste 2023.