Plean Teanga Limistéar Pleanála Teanga Árainn Mhór seolta ag an Aire Stáit Jack Chambers
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 8 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 14 Aibreán 2021
Sheol an tAire Stáit don Ghaeilge Jack Chambers T.D. plean teanga limistéar pleanála teanga Árainn Mhór inniu, ag ócáid ar líne a d’eagraigh Comharchumann Oileán Árainn Mhór, ceanneagraíocht an limistéir. Eagraíodh an ócáid seo chun aird an phobail a tharraingt ar chur i bhfeidhm an Phlean Teanga agus chun aitheantas a thabhairt don obair atá bainte amach ag an bplean, atá á gcur i bhfeidhm le breis is bliain anuas, go dáta.
Is é Árainn Mhór an chéad oileán Ghaeltachta a bhfuil plean teanga ina leith seolta agus shocraigh an ceanneagraíocht físeán a thaifead faoina gcuid oibre sa limistéar agus bheidh le feiceáil ar mheáin shóisialta na heagraíochta.
Agus é ag labhairt i dteachtaireacht a thaifead sé don ócáid, dúirt an tAire Stáit:
“Ba mhaith liom tréaslú le Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo, an ceanneagraíocht a d’ullmhaigh an phlean faoi stiúir Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh agus le Fiona Ní Ghloinn, an t-oifigeach pleanála teanga atá fostaithe chun é a chur i bhfeidhm ar an oileán. Tuigim go bhfuil ag éirí go maith leis an obair atá déanta faoin bplean cheana féin agus táim cinnte go rachaidh sé ó neart go neart. Is léir go bhfuil pobal gníomhach atá tiomanta don teanga in Árainn Mhór agus ba mhaith liom mo chomhghairdeas a ghabháil le gach aon duine a raibh baint acu leis an bpróiseas.”
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltacht, Spóirt agus Meán Catherine Martin:
“Is céim thábhachtach chun cinn í seo don oileán agus don phróiseas pleanála teanga trí chéile. Is ábhar misnigh dom é go bhfuil an oiread dul chun cinn déanta leis an bpróiseas pleanála teanga le déanaí. Aithním, ar ndóigh, na dúshláin a bhaineann lena bheith ag maireachtáil ar oileán agus sa chomhthéacs sin ba mhaith liom an éacht atá bainte amach ag pobal an oileáin i dtaobh an phlean seo, a thréaslú leo. Táim cinnte go mbeidh dea-thionchar ag cur i bhfeidhm an phlean seo ar labhairt agus nósmhaireacht na Gaeilge ar Árainn Mhór agus go mbeidh a thoradh le feiceáil i gcaitheamh ama, agus guím gach rath ar an obair.”
Nóta don Eagarthóir
• Den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (LPT), tá 21 limistéar ceadaithe go dáta faoin bpróiseas agus pleananna teanga do na ceantair sin á gcur i bhfeidhm go háitiúil dá réir, Tá 4 phlean á mheas ag an Roinn agus ceann amháin eile le cur faoi bhráid na Roinne i gcónaí (An Ghaeltacht Láir)
• Tá 22 Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe sna LPT (18 nOifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Pleanála Teanga Cúnta)
• Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin.
• Tá 2 Baile Seirbhíse Gaeltacht ceadaithe go dáta faoin bpróiseas – Daingean Uí Chúis agus Leitir Ceanainn. Ina theannta sin, tá dhá phlean á mheas ag an Roinn faoi láthair – Cathair na Gaillimhe agus An Clochán Liath.
Tá tuilleadh sonraí ar fáil faoin bpróiseas pleanála teanga a ar fáil ag:
https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/an-proiseas-pleanala-teanga/