Plean Teanga Oileáin Árann ceadaithe ag an Aire Martin agus an tAire Stáit Chambers
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 11 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 21 Aibreán 2022
• ###gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ceadaithe anois faoin bpróiseas pleanála teanga
• ### €300,000 in aghaidh na bliana ceadaithe do na hOileáin Árann le cabhrú le feidhmiú phlean teanga na n-oileán. €2.1m thar shaolré seacht mbliana an phlean
D'fhógair Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Jack Chambers T.D., Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, inniu ag ócáid ar Inis Oírr ar ar fhreastail an tAire Stáit, go bhfuil plean teanga Oileáin Árann ceadaithe acu faoin bpróiseas pleanála teanga. Fágann sé seo go bhfuil pleananna teanga i leith gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ceadaithe anois.
Fógraíodh chomh maith go mbeidh allúntas bliantúil suas le €300,000 á chur ar fáil chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean, a thógann san áireamh na dúshláin faoi leith a bhaineann leis na hoileáin. Thug an tAire Stáit le fios go bhfuil i gceist aige cuairt a eagrú chuig an dá oileán Árann eile, Inis Meáin agus Inis Mór, go gairid.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá cloch mhíle shuntasach bainte amach gan amhras le ceadú an phlean teanga seo, os rud é gurb ionann é a bheith ceadaithe agus gach ceantar Gaeltachta a bheith i mbun pleananna a fheidhmiú nó iad faoi réir le tosú. Leis an gcistíocht atá curtha ar fáil don phróiseas pleanála teanga ag méadú dé réir a chéile ó cuireadh tús leis, tá forfheidhmiú an phróisis ag dul ó neart go neart agus is le leas na Gaeilge agus na Gaeltachta é sin.”
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Is údar ceiliúrtha agus suntais é go bhfuil gach plean a bhaineann leis na ceantair Ghaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas anois, le ceadú an phlean seo. Fágann sé seo go mbeidh na trí oileán Árann in ann treabhadh ar aghaidh i gcomhar lena chéile agus le hÚdarás na Gaeltachta leis na chéad chéimeanna eile gan a thuilleadh moille agus tús a chur le feidhmiú an phlean le cúnamh mo Roinne. Tréaslaím le gach aon duine - idir phobal na n-oileán, na ceanneagraíochtaí agus na coistí - a raibh baint acu leis an obair uile a bhain le hullmhú an phlean. Tá sé i gceist agam filleadh ar Inis Oírr amach anseo tar éis dom cuairt a thabhairt ar Inis Mór agus Inis Meáin chomh luath is féidir.”
Nóta don Eagarthóir:
· Tá ciste iomlán ar fiú €5.8m é á chur ar fáil mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga sa bhliain reatha. Is ionann seo agus ardú de €800,000 ar an gciste a bhí ar fáil in 2021.
· Le ceadú an phlean seo tá gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ceadaithe.
· Tá 21 Oifigeach Pleanála Teanga (19 i Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta & 2 i mBaile Seirbhíse Gaeltachta) agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe agus ag cur pleananna i bhfeidhm faoi láthair.
· Tá 5 Baile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dtí seo - Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath agus Trá Lí.
· Tá dhá phlean eile a bhaineann le Bailte Seirbhíse Gaeltachta - plean teanga Chaisleán an Bharraigh agus plean teanga Dhún Garbháin - á meas ag an Roinn faoi láthair. Tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte seo a leanas: Cathair Saidhbhín, Caisleán an Bharraigh agus Cathair Chorcaí.
· Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas reachtúil seo – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin – chomh maith le péire eile sa tuaisceart – Carn Tóchar agus Iarthar Bhéal Feirste – atá faofa ag Foras na Gaeilge faoi réir phróisis neamh-reachtúil atá curtha ar bun ag an eagraíocht ann.