English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Pleananna athoscailte á gcur i bhfeidhm do na hearnálacha is measa buailte agus an tAire Martin ag féachaint siar ar a céad bliain in oifig

D'athdhearbhaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, go dtacófar le hearnálacha tábhachtacha agus muid ag súil le hathbheochan sna hEalaíona, sa Spórt agus sa Turasóireacht.

Ag féachaint siar ar a céad bhliain in oifig, thug an tAire Martin achoimre ar mhaoiniú agus ar bhearta tábhachtacha a chuidigh le hearnálacha maireachtáil le linn na dtréimhsí is dúshlánaí sa phaindéim.

Dúirt an tAire Martin:

“Tá cúis mhaith againn a bheith dóchasach agus an tsochaí ag athoscailt go cúramach. Táim tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’earnálacha a bhfuil ardmheas againn orthu, ar nós earnáil na Turasóireachta, an Chultúir, na Gaeltachta, an Spóirt agus na nEalaíon, agus iad ag athoscailt.

“D’éirigh go maith le cur chuige straitéiseach agus céimnithe an rialtais i leith na hathoscailte go dtí seo. Chuireamar tacaíochtaí spriocdhírithe ar fáil chomh maith chun cabhrú ní amháin le hearnálacha cosúil leis na hEalaíona, an Spórt agus an Turasóireacht maireachtáil, ach chun a chinntiú go bhfuil siad i riocht maith le haghaidh téarnaimh. Is féidir linn a bheith ag súil chomh maith go dtiocfaidh méadú ar líon na ndaoine a fhreastalaíonn ar imeachtaí cultúrtha agus ar áiteanna turasóireachta na hÉireann, de réir mar a bhaintear srianta sna laethanta atá romhainn, ar a áirítear srianta ar áiteanna faoi dhíon.

“Mar a dúirt mé bliain ó shin, ní raibh a leithéidí seo de dhúshláin roimh na hearnálacha seo riamh cheana agus lean agus leanfaidh mé ag obair i dtreo a dtéarnamh.”

I mí Iúil, maolófar níos mó srianta, ag brath ar chúrsaí sláinte poiblí, mar a leagtar amach iad anseo.

Tugtar achoimre thíos ar roinnt de na príomhbhearta ar thug an tAire Martin isteach go dtí seo chun tacú leis na hearnálacha Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltacht, Spóirt agus Meán, chomh maith le mórfhógraí eile i ngach earnáil faoi shainchúram na Roinne. Tá cur síos ar go leor de na tacaíochtaí seo sa Item was unpublished or removed, ar sheol an tAire Martin agus a cuid comhghleacaithe sa Rialtas le déanaí. Déantar cur síos ar chreatlach sa Phlean chun téarnamh a dhéanamh agus muid ag teacht amach as paindéim COVID-19, agus aithnítear go sonrach sa Phlean na dúshláin uathúla atá roimh na hearnálacha Turasóireachta, Fáilteachais, Ealaíon agus Siamsaíochta Beo.

An Turasóireacht

• Maoiniú Oiriúnaithe COVID €26m don earnáil turasóireachta (eolas)

• Scéim €17m um Fheabhsú Phroinnspásanna faoin Aer (eolas)

• Beidh sé mar aidhm ag an Scéim nua um Fheabhsú Phroinnspásanna faoin Aer cabhrú le gnóthais incháilithe a gcuid seirbhísí faoin aer a fheabhsú.

• Deontas €10m do thurasóireacht cóiste (eolas)

• Scéim €10m um Leanúnachas Ghnólachtaí Gníomhaire Isteach Lonnaithe in Éirinn (eolas)

• Deontas Atosaithe €8m do Ghnólachtaí Leapa & Bricfeasta (eolas)

• Scéim €55m um Leanúnachas Gnólachtaí Turasóireachta (eolas)

• Foilsíonn an Grúpa Maoirseachta Téarnaimh a chéad turascáil (eolas)

• €73m chun ceithre áit turasóireachta nua den chéad scoth a fhorbairt (eolas)

• €19m chun áiseanna den chineál is nua-aimseartha a fhorbairt do ghníomhaíochtaí uisce faoin aer (eolas)

CULTÚR AGUS EALAÍONA

• Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo: Sraith bearta €50 milliún chun tacú leis an earnáil siamsaíochta beo (eolas), leithdháileadh €25m de le déanaí (eolas)

• Imeachtaí Píolótacha Beo: Mar ullmhúchán do mhaolú na srianta, tá imeachtaí píolótacha beo ar siúl le linn mhí an Mheithimh agus mhí Iúil chun scrúdú a dhéanamh ar na socruithe lóistíochta agus na bearta cosanta chun eolas a dhéanamh de threoir d’ionaid maidir le hathoscailt (Item was unpublished or removed)

• Méadú ar mhaoiniú na Comhairle Ealaíon go €130m

• Foilsiú thuarascáil an Tascfhórsa um Théarnamh Ealaíon agus Cultúir, Saol is Fiú a Chaitheamh, agus bunú grúpa maoirseachta

• Bunú an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche, a thabharfaidh a thuarascáil dheiridh faoi bhráid an rialtais gan mhoill

• €5m chun tacú le príomh-eagraíochtaí cultúrtha, bonneagar ealaíon agus cultúrtha agus ábhar cultúrtha digití

• Fógairt pleananna don Scéim phíolótach um Ioncam Bunúsach a Dheimhniú d’ealaíontóirí (Item was unpublished or removed)

• Scéim €14m um Chuidiú le Gnólachtaí Siamsaíochta (eolas)

• Maoiniú €1.5m do chur chun cinn na nEalaíon ar fud an domhain (eolas)

• Seoladh Plean Gnímh Aeráide Éire Ildánach - ciste nua €2m chun feasacht faoin athrú aeráide a ardú (eolas)

• Fógraíodh Dámhachtain Mhéadaithe Markievicz agus faighteoirí 2021 (eolas)

• Fógraíodh Scéim Ealaíontóirí Cónaithe Dheich mBliana na gCuimhneachán agus ainmneacha na n-ealaíontóirí (eolas)

• Gailearaithe Nua um Stair an Fhichiú hAois in Ard-Mhúsaem na hÉireann (eolas)

• Pacáiste Spreagtha €1.7m don Earnáil Cheoil, a fógraíodh ar an 23 Deireadh Fómhair chun tacú le healaíontóirí agus le daoine gairmiúla san earnáil cheoil trí amhránaíocht, tacaíocht d’albaim agus taifeadtaí.

• Scéim €5m chun Tacú le Taibhiú Beo – 58 iarratasóir rathúil (eolas)

• Cuireadh maoiniú €1.94m ar fáil d’údaráis áitiúla faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán in 2021 (eolas)

• Seoladh Mná 100 - tionscnamh nua na mban ar líne faoi róil mhná réabhlóideacha

• Maoiniú €900,000 d’údaráis áitiúla faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán (eolas)

• Maoiniú €230,000 d’fhorbairt sheirbhís Minding Creative Minds d’ earnáil chruthaitheach na hÉireann, in Éirinn agus thar lear (eolas)

• €5m d’údaráis áitiúla do thaibhithe beo faoin aer (eolas)

• Tacaíochtaí caipitil €5m don earnáil siamsaíochta beo

• €1m d’Fhéile Phádraig (eolas)

• Cuireadh 422 saothar ealaíne le 70 ealaíontóir leis an mBailiúchán Náisiúnta trí chiste €1m (€600,000 do Mhúsaem Nua-Ealaín na hÉireann & €400,000 do Ghailearaí Ealaíne Crawford ) (eolas)

• Fógraíodh clár nua Dheich mBliana na gCuimhneachán 2021-2023 (eolas)

• Athosclaíodh na Forais Náisiúnta Cultúir (eolas)

• Fógraíodh tionscadail chruthaitheacha nua deartha chun tacú le daoine óga agus iad ag teacht amach ón dianghlasáil ag Comhdháil Óige Ildánach 2021 (Item was unpublished or removed)

• Sheinn 160 ceoltóir óg atá ag teacht chun cinn mar chuid de Shraith Y&E Hot Press do lucht féachana in Éirinn agus timpeall na cruinne i sraith ceolchoirmeacha

• Reáchtáladh Cruinniú na nÓg de chuid Éire Ildánach ar líne (eolas)

• Forais a chosaint agus a nuachóiriú trí Chlár Infheistíochta na bhForais Náisiúnta Cultúir sa Phlean Forbartha Náisiúnta

• Méadú ar mhaoiniú d’Fhís Éireann go dtí os cionn €30m a chuir ar chumas na hearnála leanúint ar aghaidh ag obair le linn ghéarchéim COVID eolas

AN GHAELTACHT

• Tacaíocht €5m do Shocrú Comhlachtaí Gaeltachta: Scéim Chothromais um Fhiontraíocht a Chothú (eolas)

• Leithdháileadh breise €8m d’Údarás na Gaeltachta faoi Phacáiste Spreagtha mhí Iúil 2020

• Cheadaigh Údarás na Gaeltachta €7.4m i dtacaíochtaí COVID-19 chun cabhrú le gnólachtaí Gaeltachta

• Maoiniú €500k do TechSpace - líonra náisiúnta de spásanna meán digiteach lonnaithe in ionaid óige agus i scoileanna a chuidíonn le daoine óga a bheith gníomhach i gcruthú ábhar digiteach agus teicniúil i nGaeilge (eolas)

• Ciste pleanála teanga ar fiú €3.4m san iomlán é d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge chun oibriú an phróisis phleanála teanga a chothú sa bhliain reatha (eolas)

• Sparánachtaí d’ealaíontóirí Gaeltachta suas go luach iomlán €280k (eolas)

• Cuireadh Bille na dTeangacha Oifigiúla trí chéim an choiste agus príomhleasuithe san áireamh chun úsáid na Gaeilge a neartú ar fud na hearnála poiblí

• Tosóidh athbhreithniú phróiseas toghcháin / roghnúcháin Údarás na Gaeltachta go gairid

• Fógraíodh 22 plean teanga chomh maith le 4 bhaile seirbhíse Gaeltachta

SPÓRT

• Imeachtaí Píolótacha Beo: Mar ullmhúchán do bhaint na srianta, reáchtálfar roinnt imeachtaí píolótacha chun eolas a dhéanamh do threoir d’ionaid a athosclófar (Item was unpublished or removed)

• Pacáiste maoinithe €85 eolasmilliún nach bhfacthas riamh cheana d’earnáil spóirt na hÉireann (eolas)

• Forálann na treoirlínte do shraith bearta maolaithe chun filleadh sábháilte an lucht féachana ar imeachtaí spóirt a cheadú (Item was unpublished or removed)

• Cuidíonn an Clár Chaipiteal agus Threalamh Spóirt le clubanna agus cumainn, idir bheag agus mhór, a gcuid áiseanna spóirt a fhorbairt. Dúnadh an babhta is déanaí den chlár le haghaidh iarratas ar an 1 Márta. Faoin dáta sin fuarthas 3,106 iarratas, an líon is mó riamh. Déanfar gach leithdháileadh roimh dheireadh na bliana. (eolas)

• Tá obair ag dul chun cinn ar thionscadail atá á maoiniú faoin gCiste Infreastruchtúr Mórscála Spóirt

• Maoiniú Chuntais Díomhaoine €5.9m do bhearta spóirt agus ghníomhaíocht fhisiciúil ar fud na tíre (eolas)

• Pacáiste maoinithe €2.5 milliún d’oibritheoirí linnte snámha ar fud na tíre (eolas)

• Seolfar Straitéis Ardfheidhmíochta nua don earnáil spóirt go gairid

• Ag cothromú na páirce d’fhir agus do mhná a imríonn na Cluichí Gaelacha - den chéad uair riamh soláthróidh an Stát maoiniú comhionann tacaíochta in aghaidh an duine d’imreoirí idirchontae ag cur deireadh leis an neamhréir idir mná agus fir a imríonn an spórt.

Na Meáin

• An Bille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne - bearta breise beartaithe chun cabhrú le craoltóirí pobail, na meáin sheirbhíse poiblí agus an earnáil raidió (Item was unpublished or removed) agus chun scaipeadh ábhar dochrach a sheachaint (eolas)

• Comhairliúchán poiblí maidir le hainmniú imeachtaí spóirt agus imeachtaí eile mar imeachtaí an-tábhachtach don tsochaí (eolas)

• An Coimisiún um Thodhchaí na Meán, a thabharfaidh léargas ar chonair do chraoladh seirbhíse poiblí agus do na meáin neamhspleácha (eolas)

• Maoiniú breise €6.9m do Scéim Fuaime agus Físe Údarás Craolacháin na hÉireann ar a áirítear maoiniú do thionscadail cheoil bheo agus don earnáil raidió neamhspleách

• Maoiniú breise €1.2m in éineacht leis an gcomhaontú Dheich mBliana Nua, Cur Chuige Nua chun craolachán Gaeilge a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann.

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

I measc na bhfógraí eile a rinneadh le linn chéad bhliain an Aire bhí:

Sraith leathan beart a bhí i Spreagadh Post mhí Iúil a fógraíodh in 2020, a comhaontaíodh ar leibhéal na Comh-Aireachta, ina raibh deontais agus tacaíochtaí do na hearnálacha. I measc na bhfógraí suntasacha bhí: an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta; €300m breise don Scéim Deontais Atosaithe do ghnólachtaí turasóireachta; clár um Fhanacht agus Chaith chun caiteachas turasóireachta a spreagadh; agus maoiniú don earnáil closamhairc agus an Ciste Cultúir. (Item was unpublished or removed)

Buiséad 2021

Fógraíodh pacáiste láidir tacaíochtaí mar chuid de €1.08bn ar an iomlán, méid airgid níos airde ná riamh, do Bhuiséad na Roinne do 2021. Den chéad uair, chuir an rialtas tacaíocht €50m ar fáil do shiamsaíocht bheo. Tugadh spreagthaí láidre do dhá réimse - spórt agus turasóireacht - ciste tacaíochta nua €55m san áireamh do ghnólachtaí straitéiseacha turasóireachta agus laghdú CBL san earnáil go 9%. Thairg Scéim Tacaíochtaí Srianta COVID lacáistí suas go €5,000 sa tseachtain do ghnólachtaí fáilteachais, lóistín agus ealaíon a ndeachaigh an phaindéim i bhfeidhm orthu. (eolas)

Bearta eile:

• Leithdháileadh maoinithe os cionn €78m d’earnáil na Gaeltachta agus na Gaeilge - méadú €14.8m ar an leithdháileadh tosaigh in 2020

• Maoiniú do TG4 suas €40.733m

• Leithdháileadh €104.5m do Spórt Éireann - suas €36m