English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Martin maidir le Cartlann Náisiúnta na hÉireann

Thug an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, cuairt ar fhoirgneamh na Cartlainne Náisiúnta ar Shráid an Easpaig i mBaile Átha Cliath inniu (Déardaoin 25 Deireadh Fómhair) chun aghaidh a thabhairt ar an damáiste déanta ag sceitheadh ar urlár uachtarach an fhoirgnimh ar maidin.

Dúirt an tAire Martin:

“Ba mhaith liom tréaslú leis an bhfoireann sa Chartlann Náisiúnta as an luas lena ndeachaigh siad i ngleic leis an eachtra inniu. Tugadh an sceitheadh faoi deara ag 7.20am agus cuireadh plean srianta éigeandála i bhfeidhm go gasta.

“Bhí baill foirne, comhlacht bainistíochta saoráidí na Cartlainne Náisiúnta, Oifig na nOibreacha Poiblí, leictreoirí, pluiméirí agus speisialtóirí TF ar an láthair go han-sciobtha agus bhí an foirgneamh daingnithe acu gan mhoill.”

Dúirt an tAire chomh maith:

“Is mór an luach atá ar an gCartlann Náisiúnta mar áis náisiúnta; agus is mór an luach freisin atá ar na bailiúcháin inti dóibh siúd a dhéanann taighde ar fhorbairt pholaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta na hÉireann ón 18ú Chéad go dtí an lá atá inniu ann; mar aon le taighde clainne agus stair áitiúil. Tá an Roinn tiomanta tacú leis an gCartlann chun a gcuid bailiúchán a chaomhnú do na glúinte amach romhainn.”

Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta:

“Tá measúnú ar an láthair á dhéanamh ar feadh an lae ag foireann chaomhnaithe na Cartlainne Náisiúnta. Tá boscaí agus fillteáin stórála cartlainne speisialta in úsáid ag an Chartlann Náisiúnta agus tá siad deartha chun go bhfuil siad ábalta go leor uisce a sheasamh. Tá boscaí damáistithe á mbogadh ó na limistéir a buaileadh, le stóráil go sábháilte agus le tuilleadh measúnú a dhéanamh orthu. Is féidir linn deimhniú nach ndearnadh aon damáiste do thaifid Daonáireamh 1926.

“Tá an mhórchuid de thaifid na Cartlainne Náisiúnta bogtha as an láthair agus stóráilte go sábháilte in áit eile cheana féin, toisc go bhfuilimid ag súil le mórthionscadal athfhorbartha a tosófar gan mhoill.”

Beidh an foirgneamh dúnta don phobal go dtí Dé Máirt, 31 Deireadh Fómhair, chun oibreacha riachtanacha a chur i bhfeidhm.