Scaoilfear taifid d’éilimh ar chúiteamh a bhaineann le gortuithe pearsanta nó bás le linn thréimhse Chogadh na Saoirse agus an Chogaidh Chathartha don phobal
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; An Roinn Airgeadais
- Foilsithe: 30 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 30 Samhain 2022
Scaoilfidh an Chartlann Náisiúnta níos mó ná 3500 comhad maidir le héilimh ar dhamáistí agus ar chúiteamh ó dhaoine aonair nó ó ghaolta
Inniu aistríodh sraith comhad ina bhfuil éilimh ar dhamáistí ó dhaoine mar gheall ar ghortuithe nó bás le linn Chogadh na Saoirse nó an Chogaidh Chathartha ón Roinn Airgeadais go dtí an Chartlann Náisiúnta. Cuirfear tús anois le hobair ar na comhaid sin agus ullmhófar iad lena scaoileadh go poiblí i mí Aibreáin 2023.
Tá cuntais phearsanta éilitheoirí sa bhailiúchán seo lena n-áirítear sonraí leighis agus pearsanta a bhaineann le himeachtaí le linn tréimhse shuaite inár gcuid staire. Tá an cnuasach brónach ar leibhéal daonna, agus léiríonn sé gur cuireadh isteach ar dhaoine de gach aois, daoine ar gach taobh agus daoine nach raibh ar aon taobh, ar bhealaí éagsúla le linn na mblianta dúshlánacha sin. Baineann na comhaid le gnáthfhir, mná agus leanaí ina saolta laethúla; i gcathracha, i mbailte, ar fheirmeacha nó i ngnólachtaí ar ionsaíodh nó ar lámhachadh iad d'aon ghnó, nó a gabhadh de thaisme i lár an achrainn nó i pléascáin bhuama.
Ag labhairt faoi na taifid, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúr, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Léiríonn na taifid seo ar bhealach an-domhain conas a cailleadh nó a gortaíodh daoine le linn Chogadh na Saoirse agus an Chogaidh Chathartha. Áiríonn an cnuasach seo cuntais bhrónacha ar conas a gortaíodh gnáthdhaoine go fisiciúil agus go síceolaíoch, ar éifeachtaí dofheicthe an chogaidh orthu siúd a cailleadh, nó ar cuireadh in institiúidí iad toisc nach raibh siad in ann dearmad a dhéanamh ar na himeachtaí uafásacha a chonaic siad.
Tugtar léargas sa bhailiúchán seo ar chostas daonna an tréimhse shuaite sin trí scéalta imeachtaí truacánta a insint trí fhíricí agus trí na damáistí a dámhadh ar scálaí éagsúla.”
Ag labhairt dó sa Chartlann Náisiúnta, dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD:
“Ba é an tUachtarán WT Cosgrave a bhunaigh an Coiste Cúitimh (Díobhálacha Pearsanta) agus é ina Aire Airgeadais in 1922. Fuarthas iarratais ó cheann ceann na tíre. Tugann na Comhaid Cúitimh Airgeadais léargas réalaíoch agus b’fhéidir neamhrómánsúil nach bhfacthas riamh roimhe ar luathbhlianta na tíre seo.
Is ó dhaoine aonair nach ndearnadh taifead orthu inár gcuid staire, formhór mór na n-éileamh, seachas roinnt páipéar a bhaineann le básanna ar Dhomhnach na Fola 1920. Tugtar léargas sna comhaid ní hamháin ar imeachtaí a bhfuil aithne ag an bpobal orthu mar Dhomhnach na Fola agus an t-ionsaí ar na Ceithre Cúirteanna, ach ar mhionghníomhartha i ngach contae in Éirinn agus áiteanna chomh fada ar shiúl leis an India.
Níl aon amhras orm nuair a chuirfear an cnuasach seo ar fáil don phobal an bhliain seo chugainn go mbeidh na scéalta laistigh de ina bhfoinsí luachmhara staire sóisialta agus pearsanta do staraithe, scoláirí agus baill teaghlaigh.”
NÓTAÍ EAGARTHÓRA
Tá bailiúcháin mhóra de chomhaid chúitimh airgeadais eile sa Chartlann Náisiúnta freisin a bhaineann le héilimh ar dhamáiste do mhaoin a rinneadh faoi phíosaí éagsúla reachtaíochta, ó 1916, Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha.
Eiseofar na comhaid don phobal i mí Aibreáin 2023.
An Coiste Cúitimh (Díobhálacha Pearsanta).
“Ba é an tUachtarán WT Cosgrave a bhunaigh an Coiste Cúitimh (Díobhálacha Pearsanta) agus é ina Aire Airgeadais in 1922. Ar an gCoiste bhí an Breitheamh Cúirte Contae William Johnston (Cathaoirleach), an Dr T. Hennessy agus an Dr Henry Kennedy.
Ba iad seo a leanas na téarmaí tagartha:-
I Glacfaidh, imscrúdóidh agus breithneoidh an Coiste iarratais ar chúiteamh a thíolacfaidh aon duine a bhfuil caillteanas mór orthu mar gheall ar ghortú iad féin nó cleithiúnaithe aon duine a fuair bás de dheasca gortaithe amhlaidh in aon cheann de na cásanna seo a leanas, a tharla ón 21 Eanáir 1919:-
(4) Sa chás gur díobháil atá ann a thiocfadh faoin Acht um Díobhálacha Coiriúla (Éire), 1919, mar a leasaíodh leis an Acht um Díobhálacha Coriúla, 1920, dá bhfanfadh na hAchtanna seo i bhfeidhm.
(5) Sa chás nár bhain nó gur dócha nach mbainfeadh an duine a gortaíodh tairbhe as na hAchtanna um Dhíobhálacha Coiriúla mar a cuireadh i bhfeidhm iad, díreach toisc gurbh iad baill d'fhórsaí míleata nó póilíní na Breataine a ghortaigh an duine.
(6) Sa chás gur tharla an díobháil gan mhainneachtain ar thaobh duine a bheith ina neamhchomhraiceoir i gcúrsa gnímh cogaíochta duine idir fórsaí na Breataine agus fórsaí Náisiúnta na hÉireann, nó i gcúrsa oibríochtaí ag na fórsaí Náisiúnta i gcoinne daoine a bhí i mbun éirí amach armtha i gcoinne Rialtas Shaorstat Éireann cibé acu roimh an mBunreacht a rith nó dá éis.
II Molfaidh an Coiste don Aire Airgeadais cad iad na suimeanna is cóir a íoc ar chúis agus ar chothroime sna cásanna uile a luaitear thuas, ag féachaint (inter alia) do chumas tuillimh iarbhír an duine dhíobhálaithe roimh an díobháil agus don dochar do chumas tuillimh is inchurtha i leith díobhála agus go dtí méid iarbhír spleáchais na gcleithiúnaithe ar an duine a fuair bás roimh bhás nó díobháil don duine a fuair bás, agus d'aon soláthar éifeachtach a rinne an duine a fuair bás dá c(h)leithiúnaithe ar mhodh árachais nó eile.
III Déanfaidh an Coiste i gcoitinne dámhachtainí a mholadh mar chnapshuim ach molfaidh siad freisin sna liúntais mhíosúla nó ráithiúla malartacha i gcás díobhála a mheastar a bheith buan. Féadfar a mholadh go dtosnófaí ar an 1 Aibreán, 1923, chun liúntas tréimhsiúil d'íoc, ach féadfar a mholadh freisin go n-íocfaí suim i gcóir riaráiste, ach nách mó ná méid riaráiste bliana.
IV Ní mholfaidh an Coiste dámhachtain in aon cheann de na cásanna seo a leanas:—
(4) Cásanna atá i dteideal aon dámhachtana faoi aon Acht a dhéanann soláthar do phinsin airm.
(5) Cásanna ina bhfuarthas foraithne dheiridh faoi na hAchtanna um Dhíobhálacha Coiriúla roimh an 12 Feabhra 1922; agus
(6) Cásanna inar ghlac Rialtas na Breataine le dliteanas iomlán.
Beidh an Coiste freagrach don Aire Airgeadais.