Seoladh Chur i Láthair na hÉireann ag Biennale na Veinéise 2024
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 15 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 1 Meitheamh 2024
Inniu, Déardaoin an 15 Feabhra, sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. Cur i Láthair na hÉireann ag an 60ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ealaíne – La Biennale di Venezia – i dTeach an Ard-Mhéara. An t-ealaíontóir Eimear Walshe, in éineacht le Sara Greavu, léiritheoir, agus an Project Arts Centre, atá roghnaithe maidir le cur i láthair na hÉireann ag an ócáid ghradamúil seo. An Roinn, trí Chultúr Éireann, a choimisiúnaíonn Cur i Láthair na hÉireann i Véineas i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon.
Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise, a leanfaidh ón 20 Aibreán go dtí an 24 Samhain, an deis is tábhachtaí i gcónaí chun saothar dearcealaíne a chur ar taispeáint ag féile idirnáisiúnta lena mbaineann an pobal, an tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí. Tugtar deis faoi leith d'ealaíontóirí de chuid na hÉireann dul i láthair lucht féachana idirnáisiúnta.
I ndáil le téama na bliana seo, Eachtrannaí i nGach Uile Áit - arna roghnú ag Adriano Pedrosa, léiritheoir an Biennale, tá ÉIRE NA RÓMÁNSAÍOCHTA á thabhairt de theideal ar Phailliún na hÉireann. Beidh córas físeán ilchainéal le fuaimrian i stíl na ceoldrámaíochta á fheistiú ar mhaithe le tumchruthaitheacht ann i saothar dealbhadóireachta cré. Déanann Eimear Walshe cíoradh sa tionscadal seo ar chastacht na polaitíochta a ghabhann le cruthú an chomhair agus sin trí sheanghnás na meithle in Éirinn a mheas: dream a thagann i mbun saothair in éineacht más mar gheall ar ghaol, ar mhuintearas nó ar chomharsanacht a tharraingíonn siad le chéile.
Dúirt an tAire Martin:
"Guím gach rath ar Eimear Walshe, Sara Greavu agus an Project Arts Centre ina n-ionadaithe ar son na hÉireann ag Biennale na Veinéise 2024. Is iontach an éacht agus an deis é seo ag an ealaíontóir agus ag an tír. Cuireann rannpháirtíocht in Biennale na Veinéise leis an aird ar earnáil thréan dearcealaíne na hÉireann agus tugtar deis don ealaíontóir saothar a chur ar taispeáint ar ardán an domhain. Déanann an Roinn, trí Chultúr Éireann, Cur i Láthair na hÉireann sa Veinéis a choimisiúnú i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon agus is gné thábhachtach atá ann den bheartaíocht chultúir. Guím gach rath ar an uile dhuine atá páirteach sa Biennale i mbliana.”
Rinneadh an obair scannánaíochta ar an láthair ag an ionad scileanna inmharthana Common Knowledge atá suite i gceantar Bhoirne le cósta thiar na hÉireann. Feictear seachtar i gcompántas faoi stiúir cóiréagrafaíochta Mufutau Yusuf. Ábhar ceoldrámaíochta atá san fhuaimrian ina gcuirtear síos ar eachtra díbeartha agus cur as seilbh. Amanda Feery a chum an ceol bunaithe ar leabhróg arna cheapadh ag Walshe.
Tiocfaidh Cur i Láthair na hÉireann sa Veinéis 2024 arís leis an teacht i láthair tréan atá déanta ag La biennale di Venezia le himeacht na mblianta. Le tamall beag anuas, rinne Niamh O’Malley le TBG+S ionadaíocht ar son na hÉireann mar a rinne Eva Rothschild le taispeántas arna léiriú ag Mary Cremin. Chuir an Project Arts Centre Tremble Tremble le Jesse Jones, arna léiriú ag Tessa Giblin, i láthair cheana sa Veinéis sa bhliain 2017.
Tar éis ÉIRE NA RÓMÁNSAÍOCHTA a chur i láthair sa Veinéis, tabharfar an saothar, le cúnamh ón gComhairle Ealaíon, ar camchuairt in Éirinn i rith na bliana 2025. Trí athchruthú a dhéanamh ar ghnéithe den saothar in ionaid éagsúla i ndiaidh a chéile, cuirfidh an chamchuairt sin ar chumas mhuintir na hÉireann an saothar seo le Eimear Walshe a fheiceáil dóibh féin. Tá scannán faisnéise á léiriú freisin faoin tionscadal.
Deir Sara Greavu, léiritheoir an tionscadail, gur comhartha ÉIRE NA RÓMÁNSAÍOCHTA ar: “bhorradh athbheochana faoi chultúr na hÉireann atá níos feiceálaí de réir a chéile ar fud réimsí éagsúla na healaíne agus atá ag tarraingt aird na ndaoine sa tír seo agus thar lear. Ní súil uaigneach atá ag Walshe ina saothar, ní ag brath ar chumha ná ar mhiotais shamhlaithe atáthar; níl bundúchasacht i gceist ach oiread, is oscailt amach atá ann, athmhúnlú, athrú ionaid le bá agus le tuiscint agus cumasc gnéithe éagsúla le réamhcheapadóireacht ar mhalairt cheangal sóisialta.”
CRÍOCH
Nótaí an eagarthóra:
ÉIRE NA RÓMÁNSAÍOCHTA
Trí réimsí éagsúla na bhfíseán, na dealbhadóireachta, na foilsitheoireachta, na fuaime agus na taibhréime a thabhairt léi ina saothar, cíortar oidhreacht na hiomaíochta maidir le cúrsaí talún in Éirinn i ndeireadh an 19ú aois in ealaín Eimear Walshe agus sin mar chomhthéacs le ceisteanna maidir le maoin phríobháideach, caomhachas i gcúrsaí gnéis agus an timpeallacht foirgníochta.
Baineann feisteas físeán ilchainéil maille le fuaimrian ceoldrámaíochta le hÉIRE NA RÓMÁNSAÍOCHTA, an t-iomlán á chóiriú ar mhaithe le tumchruthú i saothar dealbhadóireachta. Tá ábhar na bhfíseán suite ar láthair foirgníochta nár tugadh chun críche, mar dhea, agus feictear agallaimh i stíleanna na sobaldrámaíochta idir príomhshamhla carachtair phearsaí ón ré idir an 19ú agus an 21ú céad.
Tá na pearsaí seo i bhfoirgneamh dothuigthe, tá an láthair foirgníochta mar a bheadh tógáil ar bun ann i gcónaí agus, an t-aon tráth céanna, mar a bheadh an foirgneamh á leagan. Ceoldráma le cúigear amhránaithe atá ar fhuaimrian an phailliúin le cur síos ar eachtra cur as seilbh. Amanda Feery a chum an saothar ceoil arna bhunú ar an leabhróg le Walshe.
Léirítear sa tionscadal seo de chuid Walshe plé ar a mhire bhuile le sean-nós foirgníochta le cré, gnás ar bhain dúshaothar leis ach a bhfuil stair suas le 11,000 bliain le ríomh leis in áiteanna éagsúla ar fud an domhain. Rinneadh an obair scannánaíochta ar an láthair ag an ionad scileanna inmharthana Common Knowledge atá suite le cósta thiar na hÉireann. Feictear seachtar, an t-ealaíontóir ina measc, i gcompántas cóiréagrafaíochta faoi stiúir Mufutau Yusuf, iad ina ndíseanna de charachtair stairiúla i míreanna taibhréime a réabtar arís agus arís eile óna chéile. Rinneadh an scannánaíocht ar cheithre cinn d'fhóin phóca arna síneadh chuig a chéile ag na haisteoirí, ionas go réabtar freisin an t-idirdhealú glan traidisiúnta idir stiúrthóir, aisteoir nó damhsóir agus ceamaradóir.
Ós i bhfianaise na géarchéime tithíochta in Éirinn a ceapadh an saothar, feictear ann láthair tógála a bhféadfadh an dea-thoradh a bheith air, láthair iomrascála agus coimhlinte idir glúnta agus aicmí éagsúla na hÉireann, láthair báúlachta agus dea-chúraim, agus foirgneamh a fhágtar fuar, folamh, tréigthe mar gheall ar an meath sóisialta a eascraíonn ón díbirt.
Cruthaítear agallamh leis an taispeántas idir eachtraí staire agus ríomhtar gnéithe den chomhthreomharacht a ghabhann le neart tionchair agus le toradh cumhachta; cineálacha éagsúla saothair, coimhlinte agus pléisiúir; stair chasta chónasctha chúrsaí gnéis, maoine agus stáit.
Follow for Updates:
Twitter:@projectarts | @irelandatvenice
Instagram:@projectartscentre | @irelandatvenice
Facebook: @ProjectArtsCentre | @IrelandatVenice2024
Website: www.irelandatvenice2024.ie
Ábhar Beathaisnéise:
Eimear Walshe (rugadh 1992 sa Longfort, siad/iad), ealaíontóir as an Longfort in Éirinn a chíorann ar fágadh le hoidhreacht ón iomaíocht maidir le cúrsaí talún in Éirinn i ndeireadh an naoú céad déag maidir le maoin phríobháideach, le caomhachas i gcúrsaí gnéis agus leis an timpeallacht foirgníochta. Bíonn Eimear ag taisteal ar fud oileán na hÉireann i mbun taispeántais, léitheoireachta agus léiriúcháin ar a saothar. Áirítear ar na hionaid taispeántais is deireanaí Van Abbemuseum, EVA International, an Mhonarcha Náisiúnta Dealbhadóireachta, Dánlann + Stiúideonna Bharra an Teampaill agus an Chomhairle Ealaíon agus Áras Nua-Ealaíne na hÉireann ar na forais ag a bhfuil saothar de chuid Walshe ina gcuid bailiúchán. Míníonn Walshe maidir lena saothar go ginearálta: “Cuirim an-spéis sa réimse ar a dtabharfaí stair an cheantair, go deimhin i stair na muintire agus i stair aiteachta. Ach de réir mar is géire a scrúdaítear an cás, is fearr a thuigtear gur áitiúil atá gach gné den stair, gur stair teaghlaigh gach cuid den stair.... An ghné eile de chúrsaí staire, le dearcadh na haiteachta ar an scéal, bíonn i gcúl do chinn i gcónaí go bhféadfadh múchadh eolais a bheith i gceist — an chuid a fhágtar ar lár tráth na tuairisce nó a ligtear i ndearmad tráth na tráchtaireachta ina dhiaidh sin; cé na scéalta a ligtear le gaoth agus nach féidir anáil a chur arís fúthu lá is faide anonn."
Sara Greavu (sí/í), cónaíonn agus oibríonn i nDoire agus i mBaile Átha Cliath agus déanann fónamh ina Léiritheoir Dearcealaíne le hionad ealaíne an Project Arts Centre i mBaile Átha Cliath. Déanann Greavu obair taighde, scríbhneoireachta agus eagrúcháin agus áirítear ar na tionscadail is deireanaí faoina scáth an taispeántas cartlannaíochta. Thuigeamar an chumhacht a bhí aige, in ionad EVA International, i gcomhar le Ciara Phillips agus seanbhaill de Cheardlann Scannánaíochta agus Físeán Dhoire. Beidh leagan de sin á oscailt in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mí Márta 2024.
Chuir dream ealaíontóirí an Project Arts Centre ar bun sa bhliain 1966, an chéad ionad ealaíne in Éirinn. Tá ionad ealaíne an Project chun tosaigh maidir leis an ealaín chomhaimseartha a thabhairt chun cinn agus a chur i láthair in Éirinn. Cuirtear níos mó ná 600 ócáid in aghaidh na bliana ar siúl don phobal agus téitear i gcion ar an gcaoi sin ar líon is mó ná 50,000 duine. Cuidítear chomh maith le healaíontóirí neamhspleácha saothar dá gcuid a chur i láthair agus le camchuairteanna a thabhairt in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
Cultúr Éireann, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, a rinne Éire na Rómánsaíochta a choimisiúnú agus is iad Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath na príomhurraithe maidir le Cur i Láthair na hÉireann ag Biennale na Veinéise 2024
Áirítear ar na páirtnéirí a thug cúnamh agus cabhair airgid go dtí seo:
Cultúr Éireann
Comhairle Ealaíon na hÉireann
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Ard-Mhúsaem na hÉireann
Comhairle Chontae an Longfoirt
Scoil Ealaíne agus Dearthóireachta Luimnigh
Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire (IADT)
Scoil Stair na hEalaíne, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ambasáid na hÉireann chun na hIodáile
Keith & Yvonne Browne
Peter Crowley
Paul Gannon & Anna Devlin
Gerard & Monica Flood
Emma & Fred Goltz
Helen Kinsella
Adrian & Jennifer O'Carroll
Louise Church
Paul Duggan - Gardiner Group
Kathy Gilfillan
Simone Janssens
Ann Kennedy
Paul McGowan
Lochlann Quinn
Dave Raethorne
Odette Rocha
Richard Whelan