Seolann Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD tionscnamh Chonradh na Gaeilge ‘Céad Míle Fáilte’ i mBaile Átha Cliath inniu
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 16 Bealtaine 2024
Bhí Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD i láthair ag Oifigí UNITE i mBaile Átha Cliath inniu chun Céad Míle Fáilte, tionscnamh teanga de chuid Conradh na Gaeilge, a sheoladh go hoifigiúil.
D’fhógair Roinn an Aire Stáit Byrne pacáiste maoinithe de €511,797 thar trí bliana don tionscnamh níos luaithe i mbliana. Díríonn Céad Míle Fáilte ar an leas gur féidir le pobail nua-Éireannacha a bhaint as an nGaeilge - i dtaobh thábhacht na teanga, na ndeiseanna breise a bhaineann léi agus i dtaobh imeascadh le sochaí na hÉireann.
Is é cuspóir an fheachtais seo na pobail Nua-Éireannacha a spreagadh leis an nGaeilge a fhoghlaim agus a úsáid mar bhealach chun féiniúlacht Éireannach níos láidre a chothú dóibh féin. Déantar é seo trí shraitheanna de ranganna teanga agus ceardlanna sainspéise a chur ar fáil do ghrúpaí de Nua-Éireannaigh timpeall na tíre agus trí acmhainní teanga a chur ar fáil dóibh le cuidiú leo an teanga a fhoghlaim agus a úsáid.
Tá sé mar aidhm ag Conradh na Gaeilge breis agus 2,000 duine a shroicheadh leis an scéim seo. Táthar ag súil le níos mó ná 700 rannpháirtí leanúnach leis an scéim faoi 2025 agus go mbeidh os cionn 1,300 duine eile páirteach sna ceardlanna agus imeachtaí eile atá mar chuid den scéim.
Ag labhairt dó maidir leis an bpacáiste maoinithe dúirt an tAire Stáit Byrne:
“Táim thar a bheith sásta go bhfuil ar chumas mo roinne tacú le Conradh na Gaeilge leis an bhfeachtas fiúntach seo. Nuair a thagann daoine chun cónaí in Éirinn, dírítear go leor ar an mBéarla a fhoghlaim agus léiríonn an feachtas seo dóibh siúd atá nua in Éirinn cé chomh lárnach agus atá an teanga dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht. Tabharfaidh “Céad Míle Fáilte” deis do Nua-Éireannaigh a bhféiniúlacht Éireannach a láidriú.”
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, “Táimid an-bhuíoch den Aire Stáit agus den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as maoiniú a chur ar fáil go dtí 2025 don tionscnamh ‘Céad Míle Fáilte’. Tugadh deis dúinn anuraidh scéim phíolótach a sheachadadh chun suim a spreagadh agus bhí an-rath leis. Anois, le cuidiú na Roinne, táimid in ann foireann tiomnaithe, lán-aimseartha a fhostú chun tabhairt faoin tionscadal go straitéiseach, agus é a fhorbairt tuilleadh. Tá sé mar sprioc ag an gConradh go rachfaidh muid i ngleic le breis agus 2,000 duine ó phobail mhionlaigh agus ó chúlraí éagsúla fud fad na tíre tríd ranganna, ceardlanna agus imeachtaí. Tabharfaidh seo deis dóibh siúd ar imeall an phobail imeascú sa tsochaí agus cuireann pobal na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge céad míle fáilte rompu!”