English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an Rialtas Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona

• Tionscnamh bunathraitheach chun tacú leis na healaíona agus le cleachtas cruthaitheach

• Íocfar €325 in aghaidh na seachtaine le 2,000 ealaíontóir agus oibrí ealaíon cruthaitheach

• Seachann sé príomh-mholadh Thascfhórsa Téarnaimh na n-Ealaíon agus an Chultúir

Sheol Rialtas na hÉireann scéim nua agus cheannródaíoch inniu chun tacú le healaíontóirí agus le hoibrithe ealaíon cruthaitheach. Sa Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona scrúdófar an tionchar atá ag bunioncam ar ealaíontóirí agus ar oibrithe ealaíon cruthaitheach thar thréimhse trí bliana. Déanfar íocaíochtaí €325 in aghaidh na seachtaine le 2,000 ealaíontóir incháilithe agus oibrí ealaíon cruthaitheach a roghnófar go randamach agus a dtabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh. Osclófar an Scéim d’iarratais ar an 12 Aibreán.

Sheol an Taoiseach Micheál Martin TD, an Tánaiste Leo Varadkar TD agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an Scéim in Project Arts Centre i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath inniu. Tugann an Scéim aitheantas, ag leibhéal an Rialtais, don ról tábhachtach atá ag na healaíona i sochaí na hÉireann. Ina theannta sin, cuireann sé luach ar an am a chaitear ag forbairt cleachtas cruthaitheach agus ag léiriú ealaíne. Is é príomhchuspóir na Scéime ná aghaidh a thabhairt ar an éagobhsaíocht airgeadais a chuireann isteach ar go leor daoine a oibríonn sna healaíona.

Ba phríomh-mholadh Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir é Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona a chur ar. Bhunaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin an Tascfhórsa in 2020 chun scrúdú a dhéanamh ar conas a d’fhéadfaí an earnáil a chur in oiriuint don dochar nach bhfacthas riamh cheana a d’eascair as paindéim COVID-19 agus conas téarnamh a dhéanamh.

Duirt an Taoiseach, Micheál Martin TD:

Tá an Rialtas tiomanta do thacú leis na healaíona agus d’fhéadfadh an tionscnamh seo athrú mór a dhéanamh ar an gcaoi a dtacaíonn Éire leis na healaíona amach anseo. Aithnítear ealaíona agus cultúr na hÉireann go hidirnáisiúnta mar gheall ar a n-éagsúlacht agus a suaithinseacht, agus is foinsí dár bhféiniúlacht mar dhaoine iad. Tugann Bun-Ioncam do na hEalaíona deis dúinn tacú lenár n-ealaíontóirí agus ár ndaoine cruthaitheacha san earnáil agus a chinntiú go n-éireoidh leis na healaíona amach anseo.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar TD:

Is lá fíorthábhachtach é seo do na healaíona cruthaitheacha in Éirinn. Tá clú domhanda ar ár dtír as a hearnáil chruthaitheach, mar sin tá sé ríthábhachtach go gcuirfimid an timpeallacht cheart ar fáil chun ligean d’ealaíontóirí forbairt, bláthú agus díriú ar a gcuid oibre. In 2017, mar Aire Coimirce Sóisialaí chuir mé rochtain níos fearr ar leas sóisialach ar fáil do ghairmithe cruthaitheacha féinfhostaithe. Thar na blianta tá leathnú mór déanta againn ar raon na sochair árachais shóisialaigh a mbaineann ealaíontóirí agus daoine féinfhostaithe eile leas astu. Tá an-áthas orm gur féidir leis an Rialtas an scéim phíolótach seo le haghaidh deontas ioncam bunúsach d’ealaíontóirí agus do ghairmithe cruthaitheacha a sheoladh anois. Mar ealaíontóir nó cruthaitheoir, tógann sé go leor ama chun aitheantas a fháil agus portfóilió a thógáil. Fiú amháin ansin, d’fhéadfadh ioncam a bheith guagach nó luaineach. Cruthóidh an deontas nua seo líontán sábhála d’ealaíontóirí. Táim ag súil lena fháil amach cad a bheidh le foghlaim againn ón gclár píolótach seo.

Dúirt an tAire Catherine Martin:

Tosaíonn ré nua do na healaíona in Éirinn le fógra an lae inniu. De réir mar a thagann ár n-ealaíontóirí agus ár ngairmithe cruthaitheacha amach ó thionchar uafásach na paindéime, tá an Rialtas tiomanta do leibhéal tacaíochta nach bhfacthas riamh cheana a sholáthar agus iad ag iarraidh a slite beatha a atógáil. Ba mhaith liom ní hamháin go dtiocfadh téarnamh ar na healaíona, ach go dtiocfaidís faoi bhláth. Sin an fáth go bhfuair mé maoiniú chun cabhrú leis an Scéim seo a chur ar bun, rud ar thug mé tús áite dó sa Bhuiséad.

Dúirt Clare Duignan, Cathaoirleach Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir:

Mar Chathaoirleach Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir, tá an-áthas orm seoladh an Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona a fheiceáil inniu. Ba phríomh-mholadh an Tascfhórsa é seo, rud a d’aontaigh baill an Tascfhórsa d’aon ghuth air agus creidimid gur féidir leis an Scéim athruithe móra a dhéanamh ó thaobh inbhuanaitheacht na hearnála de.

Leag an tAire Martin béim ar thábhacht rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara i bhforbairt an tionscnaimh bheartais seo. Reáchtáladh fóram comhairliúcháin le páirtithe leasmhara chun an cheist a phlé i mí na Nollag 2021 ar fhreastail breis agus 150 rannpháirtí ó 50 eagraíocht ionadaíoch agus acmhainne in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir air. I mí Eanáir 2022, reáchtáil an Roinn comhairliúchán poiblí ar an gceist chomh maith.

Dúirt an tAire Martin chomh maith:

Cuireann an Scéim Phíolótach seo deis cheannródaíoch ar fáil dúinn chun iniúchadh a dhéanamh ar conas is féidir ról an ealaíontóra i sochaí na hÉireann a chosaint agus a chothú ionas gur féidir leis na glúnta atá le teacht leanúint ar aghaidh ag fáil inspioráide ó ealaín den chéad scoth.

Osclófar an Scéim le haghaidh iarratas ón Máirt 12 Aibreán agus glacfar le hiarratais go dtí an 12 Bealtaine 2022.

Tá eolas faoi na critéir incháilitheachta agus conas iarratas a dhéanamh ar an Scéim phíolótach ar fáil anseo.

Príomhphointí na Scéime:

Ar an mórgóir, tá sé mar aidhm ag an Scéim:

  • Tacaíocht phíolótach shainearnála do na healaíona a chur ar fáil, i bhfoirm bunioncaim, chun aitheantas a thabhairt don luach a bhaineann leis an am a chaitear ar chleachtas cruthaitheach agus d’oibrithe ealaíon a chuireann go mór leis an bpróiseas cruthaitheachta;
  • A chur ar chumas ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon cruthaitheach díriú ar obair ealaíonta agus chruthaitheach gan a bheith orthu dul i mbun fostaíochta in earnálacha eile chun iad féin a chothú;
  • Tacú le rannpháirtithe a gcleachtas a fhorbairt trí ioncam a sholáthar le linn tréimhsí ina bhfuil cleachtas agus portfóilió á bhforbairt;
  • Aitheantas a thabhairt do luach na n-ealaíon agus ról an chleachtais chruthaithigh i sochaí na hÉireann; agus
  • Cailliúint Scileanna agus Taithí a íoslaghdú san earnáil ealaíon.
  • Roghnófar 2,000 iarratasóirí go randamach ó iarratasóirí incháilithe.
  • Gheobhaidh siad an íocaíocht – €325 in aghaidh na seachtaine – a íocfar ar bhonn míosúil.
  • Próiseas neamhiomaíoch a bheidh i gceist, agus mar sin má shásaíonn duine na critéir incháilithe cuirfear isteach i bpróiseas randamach roghnúcháin iad.
  • Iarrfar ar roinnt iarratasóirí incháilithe nach n-éiríonn leo páirt a ghlacadh i ngrúpa cóimheasa chun meastóireacht ex post ar an gclár píolótach a éascú. Cabhróidh sé seo le tionchar na híocaíochta a mheas trí thorthaí na ndaoine a fuair an íocaíocht a chur i gcomparáid le grúpa piaraí nár íocadh an bunioncam leo thar an tréimhse chéanna.
  • Cosúil leis an gcuid is mó d’ioncam eile, deontas inchánach a bheidh i gceist ach braithfidh an méid cánachais a íocfar ar chúinsí pearsanta an duine.
  • Tá faighteoirí an Ioncaim Bhunúsaigh i dteideal ioncam breise a thuilleamh, a bheadh ináirithe freisin chun críocha cánach ioncaim.
  • Beidh incháilitheacht bunaithe ar an sainmhíniú ar na healaíona atá san Acht Ealaíon 2003; ciallaíonn “ealaíona” aon léiriú cruthaitheach nó léirmhínithe (cibé acu traidisiúnta nó comhaimseartha) i cibé foirm, agus cuimsíonn sé, go háirithe, na hamharc-ealaíona, an amharclannaíocht, an litríocht, an ceol, an rince, an cheoldrámaíocht, an scannánaíocht, an sorcas agus an ailtireacht, agus cuimsíonn sé aon mheán a úsáidtear chun na gcríoch sin”.
  • Is éard is oibrí ealaíon cruthaitheach ann ná duine a bhfuil cleachtas cruthaitheach aige a gcuireann a saothar cruthaitheach ar bhealach tábhachtach le léiriú nó le taispeáint na n-ealaíon. Ciallaíonn “ealaíona” aon léiriú cruthaitheach nó léirmhínithe (cibé acu traidisiúnta nó comhaimseartha) i cibé foirm, agus cuimsíonn sé, go háirithe, na hamharc-ealaíona, an amharclannaíocht, an litríocht, an ceol, an rince, an cheoldrámaíocht, an scannánaíocht, an sorcas agus an ailtireacht, agus cuimsíonn sé aon mheán a úsáidtear chun na gcríoch sin”.