English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seoltar Comhairliúchán Poiblí ar Óstáil Mhór-Imeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta

Sheol an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers TD comhairliúchán poiblí inniu ar fhorbairt Pholasaí nua Mhór-Imeachtaí Spóirt.

Is iad príomhaidhmeanna an chomhairliúcháin seo ná tuairimí a fháil agus meon an phobail i leith mhórimeachtaí spóirt idirnáisiúnta agus ról an Rialtais i dtacú leo a thuiscint. Cabhróidh an comhairliúchán poiblí seo le forbairt pholasaí chun taca a chur faoi straitéis amach anseo.

Suirbhé gearr 5 cheist ilrogha atá sa chomairliúchán agus ní thógann sé ach thart ar 15 nóiméad chun é a líonadh; is féidir teacht ar an suirbhé ag an nasc seo: Item was unpublished or removed

Is é an 26 Bealtaine 2022 an dáta deiridh. D'fhéadfaí a bheith ag súil leis na ceisteanna seo a leanas:

  • Céard is Mórimeacht Spóirt ann, dar leatsa?
  • Céard iad na buntáistí a bhaineann leis na himeachtaí seo, gur mhaith leatsa a fheiceáil amach anseo?
  • Céard iad na torthaí gur cheart a bheith ar na himeachtaí seo in Éirinn?

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Chambers:

“Tá an Rialtas meáite ar Mhór-Imeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta a óstáil in Éirinn. Spreagann na himeachtaí seo rannpháirtíocht sa spórt agus cuireann siad le trádáil, turasóireacht, mórtas pobail, rannpháirtíocht pobail, forbairt réigiúnach agus fás eacnamaíoch. Is féidir leis na himeachtaí seo mórtas náisiúnta a spreagadh chomh maith agus tionchar a imirt ar ár bhféiniúlacht náisiúnta agus ar an gcaoi a mbreathnaítear orainn go hidirnáisiúnta.

“Tá sé ar intinn ag an Rialtas cur chuige níos straitéisí i leith thairiscintí le haghaidh mórimeachtaí a ghlacadh, chun na buntáistí a uasmhéadú agus oibriú chun an tír seo a chur chun cinn mar áit iontach i gcomhair mórimeachtaí spóirt idirnáisiúnta. Táim ag súil le freagraí phobal na hÉireann a léamh agus cuirim fáilte ar leith roimh thuairimí ó na Forais Náisiúnta Rialaithe Spóirt, páirtithe leasmhara mhórimeachtaí spóirt eile agus gach duine atá rannpháirteach sa spórt in Éirinn.”


Nótaí

Tá Polasaí Mhór-Imeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta a fhorbairt in Éirinn ar cheann de na príomhthascanna don Roinn i gClár an Rialtais. Beidh gá le Straitéis Mhór-Imeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta chomh maith, a leagfaidh amach conas an Polasaí a chur i bhfeidhm.

Téann Mórimeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta chun tairbhe na rannpháirtithe, spreagann siad rannpháirtíocht sa spórt, agus cuireann siad le trádáil, turasóireacht, gnó, rannpháirtíocht pobail agus fás eacnamaíoch. Is féidir le himeachtaí den sórt sin mórtas náisiúnta a mhéadú chomh maith agus tionchar a imirt ar conas a bhreathnaítear orainn go hidirnáisiúnta. D’fhéadfadh tacaíocht agus ionchur ón Rialtas a bheith ag teastáil ó Imeachtaí Móra freisin chun tairiscintí a bhuachan agus chun na himeachtaí a óstáil. D'fhéadfadh sé seo teacht i bhfoirm tacaíocht airgeadais, reachtaíochta, cosaintí tráchtála, TFC agus soláthar iompair agus slándála.

Le blianta beaga anuas bhuaigh Éire comórtais chun Corn Ryder 2027, EURO 2020 agus Corn Domhanda Rugbaí na mBan 2017 a óstáil agus rinne Éire tairiscint ar Chorn Domhanda Rugbaí 2023. Léiríomar spéis chomh maith i dtairiscint a dhéanamh le haghaidh EURO 2028 leis an Ríocht Aontaithe agus táimid ag ullmhú chun sraith de 5 mhórchluiche peile coláiste a óstáil i Staid Aviva ar a dtugtar Aer Lingus College Football Classics.

Seo a leanas aidhmeanna an chomhairliúcháin:

1. Daoine a chur ar an eolas faoin réasúnaíocht atá taobh thiar de mhórimeachtaí spóirt idirnáisiúnta a óstáil

2. Tuairimí a fháil ar gach gné den pholasaí ag ardleibhéal

3. Mórimeachtaí spóirt idirnáisiúnta a shainmhíniú

4. A dhéanamh amach céard atá laistigh agus lamsuigh den scóip

5. Tuiscint níos fearr a fháil ar na costais agus na buntáistí a bhaineann le gach imeacht

6. Tuiscint a fháil ar mheon an phobail i leith na mbuntáistí