English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Catherine Martin T.D. Taispeántas na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise in 2021

Inniu sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., pailliún na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise. I mbliana glacfaidh Annex, comharghrúpa ildisciplíneach taighde agus dearthóireachta páirt ar son na hÉireann. Tá ailtirí, ealaíontóirí, agus saineolaithe sa phleanáil chathrach ar fhoireann lárnach Annex. Cuirfidh siad taispeántas i láthair dar teideal Entanglement a léiríonn an chaoi a bhfuil ár saolta laethúla sáite i dteicneolaíochtaí sonraí.

Ag seoladh oscailt an taispeántais ar líne dúirt an tAire Martin:

“Déanaim comhghairdeas le hAnnex as a dtaispeántas nuálach ceannródaíoch agus tuigim gur cruthaíodh é i gcúinsí fíordhúshlánacha. Is é Biennale na Veinéise an t-ardán idirnáisiúnta is tábhachtaí ar domhan chun an ailtireacht a léiriú agus a phlé. Ó 2000 i leith, léirigh pailliún na hÉireann réimse agus fuinneamh chultúr ilchineálach ailtireachta na hÉireann agus i mbliana sholáthair Éireannaigh chumasacha tionscadal speisialta a bhfuil macallaí domhanda ann agus a mbeidh tionchar forleathan aige.”

Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon é taispeántas na hÉireann sa Veinéis. Cuireann an gealltanas chun taispeántas na hÉireann ag Biennale Ailtireachta sa Veinéis a thacú agus a mhaoiniú ar chumas ailtirí Éireannacha poiblíocht idirnáisiúnta a fháil ag teacht le gealltanas an Rialtais chun buanna cruthaitheacha na hÉireann a chur chun cinn ar fud na cruinne.

Tugann taispeántas Annex, Entanglement, atá lonnaithe san Arsenale sa Veinéis, freagra ar an téama ginearálta: Conas a mhairfimid le chéile? Ceist a chur Hashim Sarkis, coimeádaí Biennale Ailtireachta na Veinéise.

Téann Engtanglement i ngleic le tionchair dhaonna, thimpeallachta agus chultúrtha na dteicneolaíochtaí cumarsáide trí aird a dhíriú ar ábharachas ár ré dhigiteach. Léiríonn an pailliún áit lárnach na hÉireann i bhforbairt phan-náisiúnta an infreastruchtúir shonraí agus an ról suntasach ag bhí ag Éirinn go stairiúil i scéal an infreastruchtúir shonraí. Téann an ról seo siar go 1858, nuair a tháinig an chéad chábla teileachumarsáide go Dairbhre ar chósta thiar theas na hÉireann. Ag dul ó Thalamh an Éisc go Ceanada, ba é an t-oileán 11 chiliméadar an áit is nasctha i líonra teileachumarsáide domhanda mar gheall ar an gcábla.

Osclófar Entanglement mar chuid de Biennale Ailtireachta na Veinéise ón Satharn, 22 Bealtaine go dtí Dé Domhnaigh, an 21 Samhain 2021 agus is féidir féachaint ar an taispeántas trí láithreán gréasáin thiomanta entanglement.annex.ie agus cainéal Youtube Chultúr Éireann ón 20 Bealtaine. Nuair a fhillfidh Entanglement ón Veinéis, rachfaidh sé ar chamchuairt timpeall na hÉireann in 2022 agus ar an mbealach sin cinnteofar go mbeidh ar chumas roinnt mhaith de mhuintir na hÉireann féachaint ar an taispeántas.