English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Stoirm Jorge - Fógra Poiblí ó Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

A fhad agus a bheidh an rabhadh gaoithe, atá eisithe ag Met Éireann i bhfeidhm, beidh na Páirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra seo a leanas dúnta:

  • Páirc Náisiúnta Chonamara
  • Néifinn Fhiáin/Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich (Maigh Eo)
  • Anaclann Dúlra Dhoire an Chláir (Gaillimh)
  • Coill an tSeanchinn (Maigh Eo)
  • Coill Chnoc Meá (Gaillimh)
  • Coill Leamhchoille
  • Teach agus Gairdíní Chill Airne
  • Teach Mhucrois
  • Anaclann Dúlra na Cúile-Ghairealáin (Gaillimh)
  • Anaclann Dúlra Dhrom Mór (An Clár)
  • Páirc Náisiúnta Bhoirne

Is mian le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (an SPNF) comhairle a chur ar an bpobal gan cuairt a thabhairt ar limistéar faoi chrainn den Pháirc Náisiúnta Chill Áirne ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta – a fhad agus atá rabhadh gaoithe i bhfeidhm ag Met Éireann.

Iarrtar freisin ar an bpobal gan cuairt a thabhairt ar Pháirc Náisiúnta Chill Mhantáin agus ar na hAnaclann Dúlra seo fad is atá an rabhadh i bhfeidhm.

  • Cill Mhantáin – Coill Chnoc Sinche, Gleann Dá Ghrua, Céim an Ghiúistís, Gleann an Chláraigh, Coill Tom na Feannóige
  • Loch Garman – Anaclann Dúlra Choill Rámhann, Anaclann Dúlra Eán Fiáin Loch Garman
  • Cill Chainnigh – Coill Bhaile Uí Chaoimh, Coill an Dhithir, Coill Garraí Ricín
  • Laois – Coill agus Loch Baile an Ghróntaigh, Coill Cúil an Churraigh, Coill Cluain na Slí
  • Iarrtar ar an bpobal gan cuairt a thabhairt ar aon Pháirc Náisiúnta, Séadchomhartha Náisiúnta ná Anaclann Dúlra sna ceantair atá buailte fhad agus atá na rabhaidh i bhfeidhm.

Tá Rabhadh Dearg gaoithe eisithe ag Met Éireann do Ghaillimh agus do chontae an Chláir – a bheas i bhfeidhm idir 13:00 agus 16:00 ar an Satharn 29/02/2020, tá rabhadh dearg gaoithe eisithe do Mhaigh Eo agus do Chiarraí - i bhfeidhm idir 06:00 Sathairn 29/02/2020 agus 03:00 Dé Domhnaigh 01/03/2020 agus do Dhún na nGall, Liatrom agus Sligeach – i bhfeidhm idir 12:00 Sathairn 29/02/2020 agus 03:00 Dé Domhnaigh 01/03/2020.

Tabharfar tuilleadh eolais de réir mar a éiríonn réamháisnéis na haimsire níos soiléire agus/nó de réir mar a dhéanann Met Éireann nuashonrú ar fhógraí chomhairleacha aimsire - féach ar Met Éireann chun an teolas is deireanaí a fháil.