Tús maith leath na hoibre – an Coiste Logainmneacha nua dulta i mbun a chuid cúraimí
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 11 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tús maith leath na hoibre – an Coiste Logainmneacha nua dulta i mbun a chuid cúraimí
Cathaoirleach agus deichniúr comhaltaí ceaptha ag an Aire Martin agus ag an Aire Stáit Byrne
I mBaile Átha Cliath inniu (Déardaoin, 11 Iúil 2024), tháinig an Coiste Logainmneacha nua le chéile den chéad uair. Bunaíodh an Coiste Logainmneacha ar bhonn reachtúil ag tús na míosa seo nuair a tugadh feidhm d’Alt 13 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2021, lena leasaítear Alt 31 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Cathaoirleach agus deichniúr gnáthchomhaltaí atá ceaptha ar an gCoiste, a bhfuil téarma trí bliana le bheith aige, go mí an Mheithimh 2027.
Tá an Coiste úr ag díriú isteach ar chéimeanna chun na dréachtorduithe logainmneacha do roinnt contaetha a chlaochlú ina n-orduithe logainmneacha. Leanfaidh an Brainse Logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar aghaidh le taighde ar son an Choiste ar ainmneacha na mbailte fearainn sna contaetha nach bhfuil ordú nó dréachtordú logainmneacha ann dóibh cheana féin.
Dúirt an tAire Catherine Martin maidir le bunú an Choiste:
“Tá an-áthas orm go bhfuil Coiste Logainmneacha thar a bheith oilte le bheith ag obair faoi scáth mo Roinne ar an réimse tábhachtach seo dár gcuid oibre – an obair luachmhar a bhaineann le logainmneacha Gaeilge na tíre seo. Is breá an rud é go bhfuil daoine ó chúlraí éagsúla a bhfuil saineolas agus spéis acu i réimse na logainmneacha sásta feidhmiú ar an gCoiste as seo go ceann trí bliana agus a gcuid ama agus saineolais a roinnt go fial. Is fiú a lua freisin gur de thoradh próiseas oscailte léirithe spéise a reáchtáil mo Roinn a tháinig baill an Choiste chun cinn, agus is mór agam go raibh an-rath ar an gcur chuige sin.”
Agus é i láthair ag an gcéad chruinniú den Choiste Logainmneacha inniu, dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne:
“Is cuid thar a bheith luachmhar dár n-oidhreacht iad logainmneacha na tíre, agus iad fréamhaithe go domhain i ndúchas ár muintire. Tá ról ríthábhachtach le bheith ag an gCoiste nua, le tacaíocht ó fhoireann an Bhrainse Logainmneacha i mo Roinn, ó thaobh comhairle a chur orm i dtaobh na leaganacha deimhnithe Gaeilge de logainmneacha an Stáit. Agus an Coiste nua ar an bhfód anois cuirfidh mo Roinn dlús le hullmhú na n-orduithe logainmneacha ionas go mbeidh toradh ar obair thaighde an Bhrainse Logainmneacha le feiceáil go follasach ag an bpobal.
“Ní miste a lua freisin gur áis iontach é an suíomh logainm.ie, atá á mhaoiniú ag mo Roinn, ina bhfuil teacht gan stró ag an bpobal ar shaibhreas logainmneacha na tíre agus ar thoradh na hoibre a dhéanann an Coiste agus an Brainse Logainmneacha.”
Feidhmíonn baill an Choiste Logainmneacha go deonach, agus is tréimhse trí bliana atá ag an gCoiste. Is iad baill an Choiste:
Cathaoirleach:
• An tOllamh Liam Mac Mathúna: IarCheann na Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; iarbhall den Choimisiún Logainmneacha; eagarthóir Éigse.
Gnáthchomhaltaí:
• An Dr Úna Bhreathnach: Bainisteoir Eagarthóireachta/Ollamh Cúnta, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
• Dónall Mac Giolla Easpaig, MA: IarPhríomhoifigeach Logainmneacha, an Brainse Logainmneacha.
• Maura Lynskey, MA: údar An Ghaeilge ar Chomharthaí Stáit.
• An Dr Patrick McKay: Chaith sé blianta ag saothrú leis an Northern Ireland Placenames Project agus is é údar an Dictionary of Ulster Placenames; Place-Names of Northern Ireland IV - County Antrim I, The Baronies of Toome, agus Lough Neagh Places: Their Names and Origins.
• Máire Feiritéar: Saineolaí ar Ghaeilge Chonamara; aoi-chainteoir ar chláir de chuid RTÉ agus Raidió na Gaeltachta maidir le saíocht na Gaeilge agus logainmneacha.
• Donnchadh Ó Baoill, MA: Feidhmeannach Forbartha, Údarás na Gaeltachta, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall; saineolaí ar logainmneacha iarthar Thír Chonaill.
• Nóilín Nic Bhloscaidh, MA: Comhairleoir teanga; léachtóir in Ollscoil Uladh; ball den Choiste Téarmaíochta.
• An Dr Aengus Ó Fionnagáin: Ceann Ábhair ar Léann na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh; Leas-Uachtarán Society for Names Studies in Britain and Ireland.
• Caoimhe Ní Shúilleabháin, MA: IarOifigeach Logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha; IarCheann Aonaid Gníomhach, Roinn na Gaeilge, Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin, an Coimisiún Eorpach; Oifigeach Feidhmiúcháin, Cill Dara le Gaeilge.
• An Dr Liam Ó hAisibéil: Ollamh Cúnta le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe; Comhúdar Oxford Dictionary of Family Names of Ireland (2021).
Is é is príomhchúram don Choiste Logainmneacha comhairle a chur ar an Aire maidir le leaganacha Gaeilge de logainmneacha na hÉireann a dhearbhú faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá comhairle seo an Choiste bunaithe ar scrúdú a dhéanamh ar thaighde an Bhrainse Logainmneacha – rannóg thaighde de chuid na Roinne. Chuige sin bíonn cruinniú amháin ag an gCoiste in aghaidh na ráithe agus pléitear fianaise go rialta ar líne trí chóras eislín. Is é an Príomhoifigeach Logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha sa Roinn atá ina rúnaí ar an gCoiste.