Tionscadal athfhorbartha Ghailearaí Ealaíne Crawford le dul ar tairiscint
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 24 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 28 Meán Fómhair 2024
Céim thábhachtach sroichte ag athfhorbairt stairiúil an fhoirgnimh shuntasaigh i gCorcaigh
Thug an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., cead do thionscadal athfhorbartha Ghailearaí Ealaíne Crawford leanúint ar aghaidh go céim an ghlao ar thairiscintí. Tá athfhorbairt uaillmhianach an Ghailearaí ar cheann de na tionscadail atá mar pháirt den chlár infheistíochta faoin Phlean Forbartha Náisiúnta, faoina ndéanfar athchóiriú agus athnuachan ar go leor dár bhForais Chultúrtha Náisiúnta.
Tá Crawford ar an t-aon Fhoras Chultúrtha Náisiúnta atá ag feidhmiú ina iomláine taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, agus é lonnaithe i bhfoirgneamh stairiúil i croílár chathair Chorcaí. Leis an dearadh bheartaithe ón chomhlacht mór le rá, Grafton Architects, rachfar i ngleic le dúshláin a théann siar i bhfad le creatlach an fhoirgnimh, rud a chuirfidh feabhas ar a inbhuanaitheacht agus lena gcuirfear spásanna stórála oiriúnacha ar fáil dá bhailiúchán. Leathnóidh sé agus nuachóireoidh sé Crawford i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, cuirfidh sé spásanna taispeántais nua ar fáil chomh maith le háis Foghlaim agus Aimsigh chun daoine nua a mhealladh isteach.
Beidh leathanradharc ar chathair Chorcaí sa dhánlann phoiblí nua agus leis an bealach nua isteach ar Emmet Place, tabharfar cuairteoirí amach go plás uirbeach nua i gcroílar shaol cultúrtha na cathrach. Fanfaidh an Gailearaí ar oscailt do chuairteoirí go Fómhar 2024, agus cuirfear tús le hobair ar an tsuíomh roinnt míonna ina dhiaidh sin.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
"Is céim iontach í seo in athfhorbairt Ghailearaí Ealaíne Crawford. Cinnteofar leis an infheistíocht ó mo Roinn féin go ndéantar Crawford a athdhearadh agus a nuachóiriú, rud a chuirfidh foirgneamh poiblí álainn nua ar fáil i gCorcaigh. Beidh áiseanna nua an Ghailearaí níos mealltaí do chuairteoirí agus cuirfidh sé suíomh spreagúil nua ar fáil don bhailiúchán atá ar taispeáint. Leis an athshamhlú seo ar an bhfoirgneamh, tá muinín agam go dtacófar le forbairt an Ghailearaí amach anseo agus go gcabhrófar leis ról níos suntasaí fós a imirt i saol cultúrtha na hÉireann. Tá mé ag súil le tús na hoibre agus le cuairt a thabhairt ar an nGailearaí tar éis don fhorbairt chríochnú."
Dúirt an tAire Stáit le Freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí, Kieran O’Donnell, T.D.:
“Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag obair go dlúth le Dánlann Crawford agus leis an bhFoireann Deartha, faoi stiúir Grafton Architects chun an tionscadal seo a thabhairt chuig an gcéim shuntasach seo. Tá lúcháir orainn an glao ar thairiscintí a fhógairt d’obair athfhorbartha an Ghailearaí Ealaíne.
Soláthróidh na hoibreacha athchóirithe ar an bhfoirgneamh stairiúil seo spás a bheidh níos inrochtana don phobal trí rochtain uilíoch nua a chruthú ar an nGailearaí. Soláthróidh an athfhorbairt seo, a bhfuil géarghá leis, spás leis na rialuithe comhshaoil riachtanacha chun cúram a dhéanamh do na bailiúcháin ealaíne stairiúla agus comhaimseartha fairsinge atá sa Ghailearaí. Is tionscadal spreagúil é seo a thabharfaidh an cultúr agus an saol uirbeach níos gaire dá chéile."
Dúirt Stiúrthóir Ghailearaí Ealaíne Crawford, Mary McCarthy:
"Is cúis áthais do Ghailearaí Ealaíne Crawford an sprioc tábhachtach seo ina chlár forbartha caipitil a bhaint amach. Tá obair chúramach déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí, an fhoireann deartha idirdhisciplíneach faoi stiúir Grafton Architects agus Gailearaí Ealaíne Crawford chun cinnte a dhéanamh go gcuirfear tionscadal cultúrtha suntasach ar fáil do Chorcaigh leis an bhforbairt seo, rud a chuirfidh le tírdhreach cultúrtha na hÉireann amach anseo."
"Chomh maith le spás cultúrtha suntasach nua a chur ar fáil don phobal, déanfar caomhnú agus cosaint bhunriachtanach ar oidhreacht thógtha atá trí chéad bliana d’aois leis an tionscadal athforbartha caipitil, rud a dhéanfaidh spásanna gailearaí reatha Ghailearaí Ealaíne Crawford, arb ansa leis an bpobal iad, a athbheochan go ceann na gcéadta bliain.”
Tá tionscadal athfhorbartha Ghailearaí Ealaíne Crawford, arna mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, á thabhairt i gcrích ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá an glao ar thairiscintí á eisiúint go conraitheoirí réamhcháilithe.
CRÍOCH
Nótaí Eagarthóra:
Tá an tionscadal mar pháirt de chlár infheistíochta suntasach an Aire sna Forais Chultúrtha Náisiúnta, faoin Phlean Forbartha Náisiúnta.
Tabharfar é seo a leanas i gcrích faoin tionscadal:
• • Bunathrú suntasach ar an spás reatha sa Ghailearaí, agus aistriú an bealach nua isteach go foirgneamh stairiúil Theach an Chustaim, leis an aghaidh ar Emmet Place.
• I measc na spásanna nua agus feabhsaithe, tá:
o t. 236 m2 spás gailearaí / taispeántais breise nuathógtha, le gailearaí poiblí nua le leathanradharc ar an chathair
o t. 640 m2 spás cúrsaíochta breise nuathógtha
o t. 100 m2 spás do láthair fáiltithe
o t. 316 m2 spás stórála nuathógtha don bhailiúchán ealaíne, chun na bailiúcháin náisiúnta a chosaint agus aire a thabhairt dóibh
o t. 245 m2 spás coimhdeach breise nuathógtha
o t. 74 m2 d’áis nua Foghlaim agus Aimsigh
o t. 175 m2 do chlós nua
• Déanfar na gailearaithe agus spásanna poiblí atá ann cheana níos inrochtana agus níos inchuimsithí ó thaobh sóisialta de.
• Déanfar creatlach stairiúil an fhoirgnimh a chosaint agus beidh infheistíocht shuntasach ina inbhuanaitheacht.
• Eisíodh an glao ar thairiscintí go líon roghnaithe conraitheoirí a bhí réamhcháilithe roimhe seo ar bhonn Cheistneora Measúnaithe Oiriúnachta.