English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Triúr Comhaltaí Boird Nua do Ghailearaí Ealaíne Crawford

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., na trí cheapachán nua seo a leanas ar bhord Ghailearaí Ealaíne Crawford:

  • Penelope Kenny
  • Fiona O'Malley
  • Máirtín Ó Briain

Beidh téarma cúig bliana an duine ag an triúr a cheaptar.

Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:

“Déanaim comhghairdeas leis an triúr a ceapadh agus guím gach rath orthu le linn a dtéarmaí a chlúdóidh athfhorbairt spreagúil Ghailearaí Ealaíne Crawford, príomhthionscadal faoi chlár infheistíochta an Phlean Forbartha Náisiúnta. Tá an-áthas orm a fhógairt gur ceapadh iarrthóirí ard-oilte, tiomanta a bhfuil taithí den chéad scoth acu agus táim an-bhuíoch díobh as na róil ríthábhachtacha seo a ghlacadh agus as a gcuid scileanna agus saineolais a thairiscint do Ghailearaí Ealaíne Crawford.”

Chuir Rose McHugh, Cathaoirleach Bhord Ghailearaí Ealaíne Crawford, fáilte roimh na ceapacháin, ag rá:

“Cuirim fáilte roimh na ceapacháin boird seo. Beidh na comhaltaí nua ag teacht ar an mBord ag am dinimiciúil don eagraíocht agus muid ag bogadh ar aghaidh lenár mórfhorbairt chaipitil a sheachadadh.”

Tagann na ceapacháin i ndiaidh glao poiblí ar iarratais ar www.Stateboards.ie agus próiseas measúnaithe a bhainistigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Is Cuntasóir Cairte í Penelope Kenny a raibh raon leathan de phoist thábhachtacha aici i gcomhlachtaí stáit agus i dtionscal na seirbhísí airgeadais. Déanann sí speisialtóireacht i rialachas corparáideach, claochlú straitéiseach gnó, bainistíocht athraithe agus rialú airgeadais. Tá os cionn 20 bliain de thaithí aici ag cur le feidhmíocht eagraíochtúil agus éifeachtacht i bhfeidhmeanna corparáideacha eagraíochtaí san earnáil phoiblí, agus cuideachtaí liostaithe.

Is abhcóide cáilithe í Fiona O’Malley a bhfuil taithí 14 bliana aici ar chumarsáid, margaíocht, dlí, caidreamh poiblí, tiomsú airgid, caidreamh leis na meáin, rannpháirtíocht agus imeachtaí. Áirítear lena taithí ar thiomsú airgid, forbairt agus daonchairdeas caidreamh le deontóirí, deontóirí móra, agus tabhatas corparáideach agus daoine aonair. Faoi láthair tá sí ina Príomhfheidhmeannach ar charthanas meabhrach náisiúnta darb ainm Turn2Me a dhéanann maoirseacht ar thiomsú airgid, cumarsáid, dlí, rialachas, cosaint sonraí agus margaíocht.

Is cuntasóir cáilithe é Martin O’Brien le breis agus 30 bliain de thaithí ag leibhéal sinsearach sa Tionscal Baincéireachta agus Seirbhísí Airgeadais. Tá taithí fhairsing aige ar fhoireann a bhainistiú agus a threorú trí athrú eagraíochtúil agus bainistíocht straitéiseach.