Tugann an tAire Catherine Martin cuairt ar Ionad Ealaíona na hÉireann
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 27 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu tabharfaidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., cuairt ar shuíomh Ionad Nua Ealaíona na hÉireann i Nua-Eabhrac, a ndearnadh athfhorbairt mhór caipitil air le déanaí. Ardán suntasach d’ealaíontóirí de chuid na hÉireann a oibríonn i Nua Eabhrac a bheidh sa lárionad nua sa phríomhchathair chultúrtha dhomhanda seo, agus cruthóidh sé deiseanna suntasacha amach anseo le dul ar camchuairt sna SA agus go hidirnáisiúnta. D’fhógair an tAire Martin maoiniú níos mó ná €250,000 le déanaí a thacóidh le healaíontóirí de chuid na hÉireann a gcuid oibre a léiriú ar fud an domhain, lena n-áirítear tionscadail damhsa, scannánaíochta, amharclainne, ceoldrámaíochta, ceoil agus amharcealaíon i SAM.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá ról tábhachtach ag Ionad Ealaíona na hÉireann i Nua-Eabhrac maidir le hardán a sholáthar d’ealaíontóirí de chuid na hÉireann chun ealaíona a léiriú don diaspóra agus do lucht féachana nua ó gach cúlra, ag cur le feasacht mhéadaithe ar chruthaitheacht na hÉireann i Nua-Eabhrac. Beidh an áis nua seo in ann clár feabhsaithe a chur i láthair agus tá an-áthas orm tacaíocht leanúnach mo Roinne don chlár seo a chur ar fáil trí Chultúr Éireann. Tá áthas ar leith orm go bhfeidhmeoidh Ionad Ealaíona na hÉireann anois mar mhol agus mar ardán tosaithe do réimse níos leithne agus líon níos airde ealaíontóirí de chuid na hÉireann agus a ngairmeacha beatha agus a gcleachtais á dtógáil acu, lena n-áirítear deiseanna méadaithe camchuairte sna SA, agus tús á chur le taisteal idirnáisiúnta arís.”
Tá Ionad Nua Ealaíona na hÉireann ag ullmhú le hoscailt i dtreo dheireadh na bliana. Áis chultúrtha ildisciplíneach $60 milliún den chineál is nua-aimseartha is ea é an tIonad agus comhpháirtíocht shuntasach i gceist idir muintir na hÉireann agus muintir Nua Eabhrac. Thacaigh Rialtas na hÉireann, Cathair Nua-Eabhrac, Stát Nua-Eabhrac agus deontóirí príobháideacha leis, agus tá sé á fhorbairt le deich mbliana anuas i ndlúth-chomhpháirtíocht agus i ndlúth-chomhairle le níos mó ná 250 ealaíontóir, cleachtóir agus páirtí leasmhar in Éirinn agus i Nua-Eabhrac, lena n-áirítear Cultúr Éireann. Tá spás amharclainne agus suiteáin den chineál is nua-aimseartha, seomraí ranga stiúideo agus leabharlainne, caifé ar an mbunurlár agus spás sóisialta san áis nua 22,000 troigh chearnach seo.
Pleanáladh an áis nua thar thréimhse deich mbliana agus ghlac daoine áitiúla páirt ollmhór i mbaint amach na sprice, lena n-áirítear pátrúin fad-aimseartha Gabriel Byrne, Liam Neeson agus Roma Downey.
Bhuail an tAire Martin ealaíontóirí éagsúla a mbíonn gníomhach san Ionad, lena n-áirítear an cumadóir/veidhleadóir Dana Lyn, an tAmbasadóir Cultúrtha Paul Muldoon, an córagrafaí Darrah Carr, an t-amharcealaíontóir George Bolster, agus an múinteoir Gaeilge Siobhán Ní Chiobháin. Cuireann Ionad Ealaíona na hÉireann níos mó ná 40 rang in aghaidh na seachtaine ar fáil sa Ghaeilge agus i litríocht, i gceol agus i rince na hÉireann, le ranganna do gach duine ag gach aois agus leibhéal cumais. Mhol an tAire Martin tiomantas an Ionaid do theagasc na Gaeilge.
Tagann an chuairt seo ón Aire Martin tar éis a cruinnithe an tseachtain seo caite le heagraithe Fhéile Éireann Milwaukee, an fhéile cheoil Éireannaigh is mó ar domhan, a chuireann deiseanna tábhachtacha ar fáil do cheoltóirí Éireannacha sna SA gach bliain. Cuireann sé ar chumas ealaíontóirí a ngairmeacha beatha a chur chun cinn agus lucht féachana nua agus níos mó a bhaint amach chomh maith le teagmháil chultúrtha thábhachtach leis an diaspóra a choinneáil.
Bhuail an tAire le baill d’Institiúid Keough-Naughton Notre Dame don Léann Éireannach chomh maith leo siúd a raibh baint acu le tionscadal comórtha céad bliain 1922/2022 in Ollscoil Notre Dame. Tá an institiúid ar cheann de na hionaid is tábhachtaí don Léann Éireannach i SAM.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar irishartscenter.org