English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann ealaíontóir léiriú ar thaifid luachmhara an Stáit i dtaispeántas speisialta sa Chartlann Náisiúnta

Tá taispeántas speisialta oibre atá idir lámha ag oscailt inniu sa Chartlann Náisiúnta ina mbeidh saothar ealaíne nua agus bunaidh leis an ealaíontóir cónaithe, John Beattie. Scrúdaítear peirspictíochtaí nua sa taispeántas ar ábhar cartlainne a bhaineann leis an tréimhse idir 1921 agus 1923 dar teideal ‘Reperforming State Memory – Work in Progress’.

Is éard atá i gcleachtadh ealaíne John Beattie ná léiriúcháin ar stáitse le híomhánna socra agus gluaisteacha. Scrúdaíonn agus athléiríonn sé imeachtaí agus insintí stairiúla ag baint úsáide as raon teicneolaíochtaí íomháithe, ar bhealach a nochtann nó a dhéanann peirspictíochtaí nua infheicthe ar ábhair a bhfuil aithne againn orthu.

Tá sé mar aidhm ag Reperforming State Memory, tionscadal dhá bhliain Beattie leis an gCartlann Náisiúnta, dul i ngleic lena bailiúcháin agus lena ról i gcaomhnú thaifid an Stáit, agus oibriú i gcomhar leis an bhfoireann chun modhanna éagsúla taispeána agus léirithe ábhar cartlainne a iniúchadh. Le linn a chónaitheachta, chruthaigh Beattie saothar a athléiríonn agus a chuireann beocht i sraith scéalta agus imeachtaí stairiúla ón tréimhse idir 1912 agus 1923.

Ag tógáil ar thaispeántas na Cartlainne Náisiúnta, Conradh 1921: Taifid ón gCartlann, rinne Beattie taifead ar shuiteáil an taispeántais agus tugann sé cúlra ar chruthú an tsuiteáin físe 3-scáileán i bhforhalla na Cartlainne Náisiúnta. Ina theannta sin, tá saothar turgnamhach déanta ag Beattie lasmuigh de Sheomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta, a cheanglaíonn modhanna taispeántais traidisiúnta le teicneolaíochtaí íomháithe nua chun bealaí nua a iniúchadh chun taifid chartlainne sobhriste a chur i láthair.

Ag labhairt faoin seoladh, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:

“Mar Aire le freagracht as Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 a chomhordú, tacaím le hobair agus le léiriú cruthaitheach ealaíontóirí ar nós John Beattie agus iad ag plé le bailiúcháin stairiúla na Cartlainne Náisiúnta agus institiúidí eile ar bhealaí nua agus nuálaíocha, ag iniúchadh agus ag léiriú an taifead cartlainne go cruthaitheach agus go healaíonta. Cuireann saibhreas comhshaothair mar seo, idir cúrsaí stairiúla agus comhaimseartha, na taifid luachmhara seo ar fáil do lucht féachana nua agus tugtar ár ndúshlán ann súil eile a chaitheamh ar imeachtaí stairiúla. Is iontach an rud é toradh an chéad chónaitheacht a fheiceáil san ‘obair idir lámha’ seo faoi scéim Ealaíontóir Cónaithe an Chláir.”

Beathaisnéis an Ealaíontóra

Is amharcealaíontóir é John Beattie, as Co. Dhún na nGall ó dhúchas, agus tá sé lonnaithe i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Taispeánann sé a shaothar go forleathan go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus faoi láthair tá sé ag obair i dtreo a thaispeántas aonair Reconstructing Mondrian i nDánlann Hugh Lane in 2023. Le déanaí, thaispeáin Beattie saothar nua do thionscadal Living Canvas – tionscnamh cultúrtha nua agus scáileán LED lasmuigh a suiteáladh i bPáirc Wilton, Baile Átha Cliath, a choimisiúnaigh IPUT Real Estate, i gcomhar leis an RHA, Oifig Ealaíon DCC, agus Algorithim.

I measc léirithe íomhánna socra agus gluaisteacha tá: PERFORMING NGI.988 (2016), a léiríodh do chomóradh Stáit 1916 i gcomhar le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, the ESB Centre for the Study of Irish Art, agus Dánlann LAB, Baile Átha Cliath; agus An Artist, The Studio, and all the rest… (2006-2012), léiriúchán íomhánna gluaisteacha scannán dhá pháirt, a taispeánadh in The Royal Hibernian Academy.

Ó 2013 i leith, tá Beattie ag déanamh taighde, ag léiriú agus ag stiúradh saothar nua dar teideal RECONSTRUCTING MONDRIAN (2013-2020), bunaithe ar stiúideo bunaidh Piet Mondrian i bPáras ó 1921-1936, i gcomhar leis an Gemeentemuseum, Den Haag, Dánlann Hugh Lane, Baile Átha Cliath, agus The Foundation Reconstruction of Mondrian's Studio, An Ísiltír.

Tá roinnt cónaitheachtaí bronnta ar Beattie go dtí seo, lena n-áirítear Centre Culturel Irlandais, Páras, 2020; the Apexart Fellowship, Nua Eabhrac, 2015; Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann, Baile Átha Cliath, 2011; Gailearaí & Stiúideo Bharra an Teampaill, Baile Átha Cliath, 2010; the RHA, Baile Átha Cliath, 2010; agus Fire Station Artists’ Studios, Baile Átha Cliath, 2006-2009.

Ceapadh John Beattie mar Ealaíontóir Cónaithe sa Chartlann Náisiúnta in 2021 mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 Rialtas Éireann.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi John Beattie agus a shaothar: www.johnbeattie.ie

NÓTAÍ EAGARTHÓRA

Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a thaifid scríofa. Faigheann sé agus cosnaíonn sé taifid phoiblí na hÉireann, agus ar an gcaoi sin cinntítear go bhfuil na taifid ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát na hÉireann in 1922 agus sa ré nua-aimseartha.

Oscailt taispeántais: Dé Céadaoin, 6 i.n. an 8 Meitheamh

Dátaí taispeántais:

9 Meitheamh – 30 Meán Fómhair 2022

10-5 i.n. Luan go hAoine

Ionad: An Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8