English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Zeitgeist Irland 24 – Séasúr ealaíona agus cultúr na hÉireann ar fud na Gearmáine in 2024

Sheol an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Micheál Martin TD, agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, Zeitgeist Irland 24, séasúr d’ealaíona agus de chultúr na hÉireann a bheidh ar siúl ar fud na Gearmáine le linn 2024.

Is comhpháirtíocht í Zeitgeist Irland 24 idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Cultúr Éireann, ina spreagtar comhinfheistíocht straitéiseach de níos mó ná €2.5 mhilliún chun teagmháil chultúrtha na hÉireann leis an nGearmáin mar phríomh-chomhpháirtí san Eoraip a dhoimhniú. Sa tionscnamh nua cruthófar seo deiseanna nua d’ealaíontóirí agus do chuideachtaí ar fud na foirmeacha ealaíne feidhmiú ar fud na Gearmáine chomh maith lena líonraí teagmhála a fhorbairt. Oibreoidh Ambasáid na hÉireann i mBeirlín, an tArd-Chonsalacht in Frankfurt, agus Turasóireacht Éireann in éineacht le Cultúr Éireann chun an clár a chómhaoiniú, a phleanáil agus a sheachadadh.

Ag teacht le huaillmhian Éire Dhomhanda 2025, tá Éire tiomanta dár láithreacht agus tionchar cultúrtha domhanda a neartú agus tugann sí tosaíocht straitéiseach do na healaíona agus don chruthaitheacht mar phríomhléiriú ar ár bhféiniúlacht. Tionscnamh suaitheanta faoin Straitéis is ea an clár straitéiseach cultúrtha seo a mhairfidh ar feadh bliana sa Ghearmáin.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Óglaigh, Micheál Martin TD:

“Tá an Ghearmáin ina comhpháirtí tábhachtach d’Éirinn le fada an lá – go heacnamaíoch, go polaitiúil agus go cultúrtha. Neartaíodh na naisc idir ár dá thír a thuilleadh le blianta beaga anuas trí chomhphleananna gníomhaíochta a chur i bhfeidhm chun caidreamh déthaobhach agus comhar AE a fheabhsú.”

“Tá ceangal láidir cultúrtha sa Ghearmáin le healaíona na hÉireann, go háirithe litríocht agus ceol. Ag tógáil ar an oidhreacht bhródúil seo, le linn Zeitgeist Irland 24 tabharfar glúin nua d’ealaíontóirí Éireannacha os comhair lucht féachana nua ar fud na Gearmáine an bhliain seo chugainn."

“Tá lúcháir ar mo Roinnse, go háirithe trínár nAmbasáid i mBeirlín agus tríd an Ard-Chonsalacht in Frankfurt, dul i gcomhpháirtíocht le Cultúr Éireann chun an séasúr coimeádaithe seo a chur i láthair i gcomhar le raon éagsúil institiúidí, ionaid agus féilte cultúrtha Gearmánacha.”

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:

“Tá áthas orm clár Zeitgeist Irland 24 a sheoladh le mo chomhghleacaí an Tánaiste Micheál Martin. Sa chomhpháirtíocht iontach seo idir Cultúr Éireann agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Ambasáid Bheirlín tabharfar deis uathúil d’ealaíontóirí Éireannacha a gcuid saothar a chur i láthair do lucht féachana na Gearmáine agus caidreamh fadtéarmach a fhorbairt le hionaid agus láithreoirí Gearmánacha. Sa chlár a fógraíodh inniu taispeánfar séasúr inspioráideach coimeádaithe d’ealaíona agus de chultúr comhaimseartha na hÉireann."

“Tá freagracht ar Chultúr Éireann as ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain agus in éineacht le Turasóireacht Éireann, a oibríonn laistigh de mo Roinnse, cuirfidh siad maoiniú os cionn €1.5m ar fáil do ZI24 sa bhreis ar an €1m atá á sholáthar ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Is infheistíocht shuntasach í seo ón Rialtas i margadh na Gearmáine chun deiseanna a fheabhsú d’ealaíontóirí Éireannacha.”

Seolfar an clár tosaigh inniu ar www.zeitgeistirland24.com.

Tá níos mó ná 110 tionscadal bainteach le breis agus 400 ealaíontóir agus gairmí ealaíon deimhnithe cheana féin don séasúr, a bheidh ar siúl i mbreis is 100 cathair agus baile ar fud na Poblachta Cónaidhme, a chuimsíonn gach foirm ealaíne, agus ina mbeidh ealaíontóirí Éireannacha atá lonnaithe in Éirinn agus sa Ghearmáin, agus a gcomhoibritheoirí agus comhpháirtithe Gearmánacha.

Tugadh tosaíocht straitéiseach i gclár Zeitgeist Irland 24 do thógáil líonra cultúrtha as a dtáinig príomhléirithe le hinstitiúidí Gearmánacha mar Staatstheater Mainz, Féile Beochana Idirnáisiúnta Stuttgart, féile Transmediale, féile CTM, Hebbel-am-Ufer agus Literarisches Colloquium Berlin, i measc eile.

I measc na n-ealaíontóirí agus eagraíochtaí Éireannacha a ghlacfaidh páirt beidh Wallis Bird, Dead Centre, Pan Pan, Fishamble: The New Play Company, Other Voices, Opera Collective Ireland, Oona Doherty, Emma Martin/United Fall, Jessica Traynor, Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann, Sarah Pierce agus Diatribe Records.

Cuirfear tús le Zeitgeist Irland 24 i mór-imeacht ar an 18 Eanáir 2024 i mBeirlín ina dtaispeánfar tallann, saibhreas agus éagsúlacht na n-ealaíontóirí comhaimseartha Éireannacha le hoíche de léirithe trasna seánraí lena n-áirítear, Ye Vagabonds, Kate Ellis, Jennifer Walshe, Sheena McGrandles, Tara Erraught agus eile. Beidh sé seo ar an gcéad cheann i gclár bliana imeachtaí ar fud na Gearmáine ina gclúdófar raon disciplíní cruthaitheacha.

Cuirfidh www.zeitgeistirland24.com nuashonruithe ar fáil i rith an tséasúir faoi gach imeacht.

Nótaí d’Eagarthóirí

• Is tionscnamh suaitheanta é Zeitgeist Irland faoi straitéis Éire Dhomhanda 2025 agus moladh don chéad uair é mar phríomhghníomhaíocht in athbhreithniú straitéiseach 2018 ar chaidreamh na hÉireann leis an nGearmáin lena n-áirítear neartú naisc chultúrtha leis an nGearmáin.

• Seachas dáimh láidir cultúrtha is í an Ghearmáin an dara foinse infheistíochta isteach is mó in Éirinn, an tríú foinse is mó turasóirí, an ceathrú comhpháirtí trádála foriomlán is mó agus an cúigiú margadh is mó d’onnmhairithe bia.

• Cruthóidh Zeitgeist Irland deiseanna nua d’ealaíontóirí agus do chuideachtaí ar fud na bhfoirmeacha ealaíne feidhmiú ar fud na Gearmáine chomh maith le líonraí teagmhála a fhorbairt.

• Oibreoidh Ambasáid na hÉireann i mBeirlín, an tArd-Chonsalacht in Frankfurt, agus Turasóireacht Éireann in éineacht le Cultúr Éireann chun an clár a chómhaoiniú, a phleanáil agus a sheachadadh.